Corpus of Electronic Texts Edition
Mór grádh Dé do na daoinibh (Author:	Tuathal Ó hUiginn)
p.35
- {YBL col 195}1] Mór grádh Dé do na daoinibh
 2] is creidte ar a chomaoinibh
 3] tiocfa a lán dá dhainimh dháibh
 4] gan ghrádh 'n-a aighidh d'fhagháil.
p.36
- 5] Ar n-annsocht fa deara dhó
 6] teacht i mbroinn oighe d'Íosa
 7] dar chuir tré oineach uime
 8] an soidheach fhuil umuinne.
- 9] D' Íobhas d'annsocht na ndaoine
 10] fuilngis feall na Céad-aoine
 11] do ní gníomh nar ghníomh asbail
 12] Rí na ríogh do reacasdair.
- 13] Do thionnsgain sin sa Dar-daoin
 14] páis an Mheic mór an chomaoin
 15] mar do gheall gach fáidh i bhfad
 16] do cháidh tar ceann a charad.
- 17] An lá-sain lór do phudhair
 18] do innis dá asbulaibh
 19] gur ghar na dochair-se dhó
 20] do ghabh ro-thuirrse rompa.
- 21] San oidhche ro b'fhoigse dhó
 22] do gheall Críosd fa cúis iarghnó
 23] ag a imirche asbal
 24] go ndinginte a dhiúltadh-san.
- 25] Nach tréigfeadh Dia do dhealb neamh
 26] Peadar do ba páirt daingean
 27] is é céid-easbal do chan
 28] 's do thréigeasdar é an t-asbal.
- 9] Freagra an Ríogh go raibhe ó shin
 30] uadh go cluinsin an choiligh
 31] feadh ré dtréigfidhe fa thrí
 32] le a fhear éin-tighe an t-Aird-rí.
- 33] Dá bhféadtha dul seacha so
 34] d'eagla an bháis do bhí ar Íosa
 35] gur shir sé gan é d'oidheadh
 36] sé do nimh gur neartoigheadh.
- 37] Gidh eadh ó do b'éigean sin
 38] dortadh fola Dé dhúiligh
 39] Mac Dé d'aon-toil an Athar
 40] do aontuigh sé ar slánachadh.
- 41] Do rinne an Coimdhe dá chloinn
 42] dá áis féin feirrde an urruim
 43] sé gion gur bh'anáir Athar
 44] gabháil Dé do dheonachadh.
- 45] Póg ar Íobhas gion gur ob
 46] aithris nar fháilte charad
 47] an chealg i gcroidhe an asbail
 48] leanb Moire níor mheallasdair.
- 49] 'N-a bhrághaid broid nar chubhaidh
 50] bearar é le hIúbhulaibh
 51] Rí na glóire do ghabháil
 52] ní as fhóille dá easanáir.
- 53] Admháil Íosa dá éis sain
 54] níor chuimhnigh comhrádh Peadair
 55] níor aomh aon-asbal eile
 56] 's níor aomhasdar d'áiridhe.
- 57] Gá chaoineadh an gcéin do mhar
 58] ní chuala gur choisg Peadar
 59] go dtug sé síoth 'n-a shéana
 60] níor sgíoth é dá áithmhéala.
- 61] I gcuibhreach is cúis tuirrse
 62] cuirthear Íosa an adhaigh-se
 63] bás uain Mhoire ar n-a mhárach
 64] roimhe fuair an falámhach.
- 65] Feadh na hoidhche uair dochar
 66] nar bh'urusa d'iomachar
 67] leagan dé a-mach ar madain
 68] uch ní hé do fhóbradair.
- 69] Le lucht cosaoide a chionadh
 70] téid go teach an bhreithiomhan
 71] rann 'gá chabhair ann más fhíor
 72] rann i n-aghaidh an Aird-ríogh.
- 73] Ag foráil Críosd do chrochadh
 74] glór Íobhal 'gá ardochadh
 75] tagra Meic mhuirnigh Mhuire
 76] 'gá reic d'fhuighlibh acluidhe.
- 77] Truagh comhairle a chinidh féin
 78] ar Mhac na hóighe ainn-séin
 79] gé do bhás i ngioll ré ghuin
 80] bás 'n-a chionn nochar chubhuidh.
- 81] Deilg i gceann uain na hóighe
 82] sáidhtear ar chóir choróine
 83] raon na ndealg nó go ndearna
 84] dearg do thaobh an Tighearna.
- 85] An chroch d'iomchur ré ais féin
 86] do Chríosd do b'éigin ei-séin
 87] do ba dochar fillte fuair
 88] 'gá chrochadh innte an athuair.
p.37
- 89] Sínis féin ré chronn a chorp
 90] do dheoin Dé doirbh an umhlocht
 91] do ní a bhoill 'n-a dtrí treanaibh
 92] do roinn ar thrí tairrngeadhaibh.
- 93] Gadaidhe gach láimhe leis
 94] crochair fa anba an aithis
 95] do b'ionann díol dó agus dóibh
 96] acht mó más fhíor a n-onóir.
- 97] Neamh do mheirleach do iarr air
 98] Mac na hóighe do aontaigh
 99] do bhéaradh teach nDé don dís
 100] sé 'n-a leath acht go léigdís.
- 101] Rí an talmhan fa truagh an bhreath
 102] do chrochadh i measg meirrleach
 103] gár bheag croidhe an Ríogh do roinn
 104] 's gach díol oile dar fhuloing.
- 105] Deoch do dhomblas aoi gur ibh
 106] ní torchair Mac Dé dhúiligh
 107] marbh oidhre Dé don digh-se
 108] 's do roighne lé ar leighis-ne.
- 109] Cuirthear Dall gár dhoille céim
 110] uatha d'athghuin an fíréin
 111] níor bh'éigin a ghoin don gha
 112] tar ar chéid-shil d'fhoil Íosa.
- 113] Ar an Dall díreach an bhreath
 114] an fear tháinig ar taithleach
 115] gé ro sgoilt cuirr a chroidhe
 116] do dhoirt tuinn dá thrócuire.
- 117] Tonn uisge dhí go ndearna
 118] fearais fuil an Tighearna
 119] gan deoir nochar fhear dá fhuil
 120] an tsreabh fa dheoidh gur dheasgaigh.
- 121] Dar gcionn gé ro fhear uile
 122] fuil Dé díochra an trócuire
 123] gémadh braon do doirte dhí
 124] do shaor ar n-oilc-ne an t-Aird rí.
- 125] Níor chaoineadar a chlann féin
 126] oidhre Dé dia do mhí-chéill
 127] do ghéis an chruinne cheana
 128] uime d'éis a oidheadha.
- 129] Ar an domhan 'n-a dhiaidh soin
 130] truagh is nar thuigsead Iobhail.
 131] táinig teimheal dorcha dubh
 132] gur ceileadh ortha an t-ae-ar
- 133] Colann Dé ar ndáil a fhola
 134] leagaid lucht a thórumha
 135] tré thaom Éabha ro b'iomdha
 136] séala ar taobh an Tighearna.
- 137] Do badh dearg 'n-a dheaghaidh so
 138] an crann rér crochadh fosa
 139] cuisne do bhí ris gach mbior
 140] don fhuil-se na dtrí dtairrngead.
- 141] Muire ógh 's a dá shiair sin
 142] ag coimhéad cuirp an Dúilimh
 143] feirrde treoir na dtrí Muire
 144] do bhí Eoin 'gá n-ionghuire.
- 145] Eoin Bruinne is a bheagán ban
 146] do ba brónach do bhádar
 147] toirrse Moire gémadh mó
 148] níor choimse oile a n-iarghnó.
- 149] Beag do bhean do dhobrón dí
 150] gér chreid sí a héan-Mac d'éirghe
 151] a bhuime do bhí tuirrseach
 152] 's gan í uime amhuirseach.
- 153] A chorp mar do chuala mé
 154] adhlaicthear d'aindeoin Muire
 155] 's é don bhan-óigh mar do bhí
 156] do b'anóir lé dá léigthí.
- 157] A broinn talmhan an treas lá
 158] d'argain Ifirnn do éalá
 159] fás an dara huair aige
 160] an bás fhuair is usaide.
- 161] Níor fhéad anam is é a dhearbh
 162] dul ar neamh gur airg Ifearn
 163] fada don phobal ré phort
 164] go dtugadh aga an fhurtocht.
- 165] D'éis ionnloigh anba an chobhair
 166] do b'áilteach lé asbolaibh
 167] slán mar do chuaidh i n-a ceann
 168] 'sa truaill a-tám 'n-a timcheall.
p.38
- 169] Iomdha ainn-séin duine dhíbh
 170] nar chreid éirghe don Aird-rígh
 171] i gcréacht Dé gur leigeadh lámh
 172] níor chreideadh é go hiomshlán.
- 173] Clann Ádhaimh 'gá fhuireach sin
 174] go ndearna Mac Dé dhúiligh
 175] tar éis innichthe a othar
 176] a imirche d'ullmhuchadh.
- 177] Ag dul dó ar deis a Athar
 178] Mac Dé diadha an críochnachadh
 179] gé do bhás uainn 'n-a fharradh
 180] an bás fhuair níor íocamar.
- 181] Dia hAoine do adhair dhé
 182] gidh mór dá n-uair fhuair Muire
 183] fá Mac 'gá bhuain don bhan-óigh
 184] dar lat ní fhuair easanóir.
- 185] Bheith ag feitheamh a bhfuair d'olc
 186] do Mhuire gár mhó guasocht
 187] ní fhaomh i bhfad uadha an ógh
 188] a brad ní chuala a comhmór.Mór.