Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Mór grádh Dé do na daoinibh

Author: Tuathal Ó hUiginn

File Description

Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber , Mairéd Carey

Funded by The HEA via the LDT Project and
School of History, University College Cork

2. Second draft with variants.

Extent of text: 2030 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

(2014) (2020)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402165

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Sources

    Manuscript source
  1. Dublin, Trinity College Library, 1318, (alias H. 2. 16 alias Yellow Book of Lecan); an Duanaire; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921). Digital images and the description from Abbott and Gwynn are available on http://www.isos.dias.ie.
    Literature
  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the mid-15th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 102–105.
    The edition used in the digital edition
  1. Lambert McKenna, Mór grádh Dé do na daoinibh in Dán Dé, Ed. Lambert McKenna. , Dublin, The Educational Company of Ireland (1940) page 35–38

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial Declaration

Correction

Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization

The electronic text represents the edited text.

Quotation

Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation

Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation

div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard Values

Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation

Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Canonical References

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile Description

Created: By Tuathal Ó hUiginn (died 1450). (mid-15th century)

Use of language

Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G402165

Mór grádh Dé do na daoinibh: Author: Tuathal Ó hUiginn

Variants

¶XX]
[YBL col. 1959 4a tinnsgna 8a raibisin 9a feta 24d ach mo 26d ghar fh.
29b in fhuair t. 33d doibh c in taoir 35b re cr. 44c innichthi a uthar.


p.35

  1. {YBL col 195}1] Mór grádh Dé do na daoinibh
    2] is creidte ar a chomaoinibh
    3] tiocfa a lán dá dhainimh dháibh
    4] gan ghrádh 'n-a aighidh d'fhagháil.

  2. p.36

  3. 5] Ar n-annsocht fa deara dhó
    6] teacht i mbroinn oighe d'Íosa
    7] dar chuir tré oineach uime
    8] an soidheach fhuil umuinne.
  4. 9] D' Íobhas d'annsocht na ndaoine
    10] fuilngis feall na Céad-aoine
    11] do ní gníomh nar ghníomh asbail
    12] Rí na ríogh do reacasdair.
  5. 13] Do thionnsgain sin sa Dar-daoin
    14] páis an Mheic mór an chomaoin
    15] mar do gheall gach fáidh i bhfad
    16] do cháidh tar ceann a charad.
  6. 17] An lá-sain lór do phudhair
    18] do innis dá asbulaibh
    19] gur ghar na dochair-se dhó
    20] do ghabh ro-thuirrse rompa.
  7. 21] San oidhche ro b'fhoigse dhó
    22] do gheall Críosd fa cúis iarghnó
    23] ag a imirche asbal
    24] go ndinginte a dhiúltadh-san.
  8. 25] Nach tréigfeadh Dia do dhealb neamh
    26] Peadar do ba páirt daingean
    27] is é céid-easbal do chan
    28] 's do thréigeasdar é an t-asbal.
  9. 9] Freagra an Ríogh go raibhe ó shin
    30] uadh go cluinsin an choiligh
    31] feadh ré dtréigfidhe fa thrí
    32] le a fhear éin-tighe an t-Aird-rí.
  10. 33] Dá bhféadtha dul seacha so
    34] d'eagla an bháis do bhí ar Íosa
    35] gur shir sé gan é d'oidheadh
    36] sé do nimh gur neartoigheadh.
  11. 37] Gidh eadh ó do b'éigean sin
    38] dortadh fola Dé dhúiligh
    39] Mac Dé d'aon-toil an Athar
    40] do aontuigh sé ar slánachadh.
  12. 41] Do rinne an Coimdhe dá chloinn
    42] dá áis féin feirrde an urruim
    43] sé gion gur bh'anáir Athar
    44] gabháil Dé do dheonachadh.
  13. 45] Póg ar Íobhas gion gur ob
    46] aithris nar fháilte charad
    47] an chealg i gcroidhe an asbail
    48] leanb Moire níor mheallasdair.
  14. 49] 'N-a bhrághaid broid nar chubhaidh
    50] bearar é le hIúbhulaibh
    51] Rí na glóire do ghabháil
    52] ní as fhóille dá easanáir.
  15. 53] Admháil Íosa dá éis sain
    54] níor chuimhnigh comhrádh Peadair
    55] níor aomh aon-asbal eile
    56] 's níor aomhasdar d'áiridhe.
  16. 57] Gá chaoineadh an gcéin do mhar
    58] ní chuala gur choisg Peadar
    59] go dtug sé síoth 'n-a shéana
    60] níor sgíoth é dá áithmhéala.
  17. 61] I gcuibhreach is cúis tuirrse
    62] cuirthear Íosa an adhaigh-se
    63] bás uain Mhoire ar n-a mhárach
    64] roimhe fuair an falámhach.
  18. 65] Feadh na hoidhche uair dochar
    66] nar bh'urusa d'iomachar
    67] leagan dé a-mach ar madain
    68] uch ní hé do fhóbradair.
  19. 69] Le lucht cosaoide a chionadh
    70] téid go teach an bhreithiomhan
    71] rann 'gá chabhair ann más fhíor
    72] rann i n-aghaidh an Aird-ríogh.
  20. 73] Ag foráil Críosd do chrochadh
    74] glór Íobhal 'gá ardochadh
    75] tagra Meic mhuirnigh Mhuire
    76] 'gá reic d'fhuighlibh acluidhe.
  21. 77] Truagh comhairle a chinidh féin
    78] ar Mhac na hóighe ainn-séin
    79] gé do bhás i ngioll ré ghuin
    80] bás 'n-a chionn nochar chubhuidh.
  22. 81] Deilg i gceann uain na hóighe
    82] sáidhtear ar chóir choróine
    83] raon na ndealg nó go ndearna
    84] dearg do thaobh an Tighearna.
  23. 85] An chroch d'iomchur ré ais féin
    86] do Chríosd do b'éigin ei-séin
    87] do ba dochar fillte fuair
    88] 'gá chrochadh innte an athuair.

  24. p.37

  25. 89] Sínis féin ré chronn a chorp
    90] do dheoin Dé doirbh an umhlocht
    91] do ní a bhoill 'n-a dtrí treanaibh
    92] do roinn ar thrí tairrngeadhaibh.
  26. 93] Gadaidhe gach láimhe leis
    94] crochair fa anba an aithis
    95] do b'ionann díol dó agus dóibh
    96] acht mó más fhíor a n-onóir.
  27. 97] Neamh do mheirleach do iarr air
    98] Mac na hóighe do aontaigh
    99] do bhéaradh teach nDé don dís
    100] sé 'n-a leath acht go léigdís.
  28. 101] Rí an talmhan fa truagh an bhreath
    102] do chrochadh i measg meirrleach
    103] gár bheag croidhe an Ríogh do roinn
    104] 's gach díol oile dar fhuloing.
  29. 105] Deoch do dhomblas aoi gur ibh
    106] ní torchair Mac Dé dhúiligh
    107] marbh oidhre Dé don digh-se
    108] 's do roighne lé ar leighis-ne.
  30. 109] Cuirthear Dall gár dhoille céim
    110] uatha d'athghuin an fíréin
    111] níor bh'éigin a ghoin don gha
    112] tar ar chéid-shil d'fhoil Íosa.
  31. 113] Ar an Dall díreach an bhreath
    114] an fear tháinig ar taithleach
    115] gé ro sgoilt cuirr a chroidhe
    116] do dhoirt tuinn dá thrócuire.
  32. 117] Tonn uisge dhí go ndearna
    118] fearais fuil an Tighearna
    119] gan deoir nochar fhear dá fhuil
    120] an tsreabh fa dheoidh gur dheasgaigh.
  33. 121] Dar gcionn gé ro fhear uile
    122] fuil Dé díochra an trócuire
    123] gémadh braon do doirte dhí
    124] do shaor ar n-oilc-ne an t-Aird rí.
  34. 125] Níor chaoineadar a chlann féin
    126] oidhre Dé dia do mhí-chéill
    127] do ghéis an chruinne cheana
    128] uime d'éis a oidheadha.
  35. 129] Ar an domhan 'n-a dhiaidh soin
    130] truagh is nar thuigsead Iobhail.
    131] táinig teimheal dorcha dubh
    132] gur ceileadh ortha an t-ae-ar
  36. 133] Colann Dé ar ndáil a fhola
    134] leagaid lucht a thórumha
    135] tré thaom Éabha ro b'iomdha
    136] séala ar taobh an Tighearna.
  37. 137] Do badh dearg 'n-a dheaghaidh so
    138] an crann rér crochadh fosa
    139] cuisne do bhí ris gach mbior
    140] don fhuil-se na dtrí dtairrngead.
  38. 141] Muire ógh 's a dá shiair sin
    142] ag coimhéad cuirp an Dúilimh
    143] feirrde treoir na dtrí Muire
    144] do bhí Eoin 'gá n-ionghuire.
  39. 145] Eoin Bruinne is a bheagán ban
    146] do ba brónach do bhádar
    147] toirrse Moire gémadh mó
    148] níor choimse oile a n-iarghnó.
  40. 149] Beag do bhean do dhobrón dí
    150] gér chreid sí a héan-Mac d'éirghe
    151] a bhuime do bhí tuirrseach
    152] 's gan í uime amhuirseach.
  41. 153] A chorp mar do chuala mé
    154] adhlaicthear d'aindeoin Muire
    155] 's é don bhan-óigh mar do bhí
    156] do b'anóir lé dá léigthí.
  42. 157] A broinn talmhan an treas lá
    158] d'argain Ifirnn do éalá
    159] fás an dara huair aige
    160] an bás fhuair is usaide.
  43. 161] Níor fhéad anam is é a dhearbh
    162] dul ar neamh gur airg Ifearn
    163] fada don phobal ré phort
    164] go dtugadh aga an fhurtocht.
  44. 165] D'éis ionnloigh anba an chobhair
    166] do b'áilteach lé asbolaibh
    167] slán mar do chuaidh i n-a ceann
    168] 'sa truaill a-tám 'n-a timcheall.

  45. p.38

  46. 169] Iomdha ainn-séin duine dhíbh
    170] nar chreid éirghe don Aird-rígh
    171] i gcréacht Dé gur leigeadh lámh
    172] níor chreideadh é go hiomshlán.
  47. 173] Clann Ádhaimh 'gá fhuireach sin
    174] go ndearna Mac Dé dhúiligh
    175] tar éis innichthe a othar
    176] a imirche d'ullmhuchadh.
  48. 177] Ag dul dó ar deis a Athar
    178] Mac Dé diadha an críochnachadh
    179] gé do bhás uainn 'n-a fharradh
    180] an bás fhuair níor íocamar.
  49. 181] Dia hAoine do adhair dhé
    182] gidh mór dá n-uair fhuair Muire
    183] fá Mac 'gá bhuain don bhan-óigh
    184] dar lat ní fhuair easanóir.
  50. 185] Bheith ag feitheamh a bhfuair d'olc
    186] do Mhuire gár mhó guasocht
    187] ní fhaomh i bhfad uadha an ógh
    188] a brad ní chuala a comhmór.

    Mór.