Corpus of Electronic Texts Edition
Teachtaire díleas ag Dia (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.25
- {YBL col 149}1] Teachtaire díleas ag Dia
2] re breith sgéal go Mac Mairia
3] Mac Dé do chongnamh le cách
4] comhghar é agus a óglách.
- 5] An neach bhus sia aga ón éag
6] d'fhuil Ádhaimh anba an coimhéad
7] 's an té bhus urlamh oidhidh
8] comhghar é dá n-ionsoighidh.
- 9] Do fheadar gidh iomdha dhóibh
10] ag aisdreachadh 'n-a onóir
11] cia dhíobh as neartmhaire ar nimh
12] teachtaire Ríogh an ríchidh.
- 13] Aingeal re haghaidh smachta
14] dá dtug Chríosd a chomhachta
15] ós chionn na n-uile aingeal
16] don chuire fhionn árchaingeal.
- 17] Gabhadh re ais ard an chuing
18] gach neach dá aosdacht aguinn
19] gabhadh gach aon dá óige
20] maor tabhaigh na Tríonóide.
- 21] Béaraidh Míchéal aingeal inn
22] ó eisinill go hinill,
23] cara na héigne is é an lán
24] is mé an t-éigne ar an éadtrágh.
- 25] Agra nach éidir do cheilt
26] chuirfeas m'anmain san imeirt
27] ag lucht fhormaid Dé im dheaghaidh
28] toghmaid é mar fhéicheamhain.
- 29] Biaidh a dtiocfa ar an dtalamh
30] ag Míchéal 'gá meadhaghadh
31] go dtí an imirche a-tá thall
32] lá innichthe na n-anam.
- 33] Gairfidh Iosa uair nó dó
34] as an talmhain a dteasdó
35] nach bí do mheas is na mairbh
36] go rí leas an treas toghairm.
- 37] Tús an laoi bearar an bhreath
38] ar a chloinn ag Dia dúileach
39] tearc foirne clár na cruinne
40] acht dál coinnmhe chuguinne.
- 41] Dá rabh a Rí na glóire
42] m'olc ní hadhbhar míodhóighe
43] do mhaor ar chionn na coinnmhe
44] liom is a chaor connailbhe.
- 45] Is é as uachtarán orra
46] is breath do bhreith eatorra
47] ar chuir a-nuasain do nimh
48] is a bhfuil uasaibh d'ainglibh.
- 49] Míchéal aingeal is é thug
50] ar an lucht do leag formad
51] teacht fa mhúith a muigh neamhdha
52] do mhuin tnúith ré a Thighearna.
- 53] Do ionnarbh ar aontuigh cion
54] do roighnibh an uird aingeal
55] a-tá a ordail 'n-a n-easbhaidh
56] ar ordaigh an t-aingeal-sain.
- 57] Ar éis an chatha do chuir
58] mar do orduigh an t-Athair
59] cairt ar teagh nDé do dhaingnigh
60] 's ar lean é dá archainglibh.
- 61] Fuaradar an t-ord aingeal
62] ón Athair ón árchaingeal
63] cairt a sídh ó soin i le
64] acht a bhfoil díbh i ndaoirse.
- 65] Bíom aga 'n-ar n-aos grádha
66] ceanngham cairt a shíothchána
67] gidh bé lá cheannghar an chairt
68] earlamh a-tá dá tabhairt.
- 69] Sealbh m'anma deonuighim dhuid
70] re teachtaire nDé a-déarmuid
71] gabh mar dholadh 'n-a dheaghaidh
72] loghadh dhamh ón Dúileamhain.
p.26
- 73] Ná cuir mo mhaith is an meidh
74] más éigin m'olc n-a aighidh
75] ní cead tusa dá thomhas
76] beag nach usa an t-amharas.
- 77] Gan bheith teann i dtigh nimhe
78] do bheith agam d'áiridhe
79] ní bhiú dá mbeis-se ar mo sgéal
80] gion gur fiú meise a Mhíchéal.
- 81] Bheith i n-a thigh go dtuillear
82] dom anmain ón árchaingeal
83] gidh bé 'gá mbeath a aithne
84] teach mar é budh ionsaighthe.
- 85] Beatha a aingeal is sí so
86] Mac Dé ag aoibhneaghadh orra
87] 's an líon a-tá-san is tigh
88] ag sásadh Ríogh an ríchidh.
- 89] 'N-a thimcheall i dtigh nimhe
90] labhraid éanlaith ainglidhe
91] is é as fhoghar dá gach eon
92] moladh Dé moladh Mícheol.
- 93] Mairg nach tuig ar an ngréin ngil
94] deallradh aighthe gach aingil
95] mairg an uair do chluintir ceol
96] nach smuain ar mhuinntir Mícheol.
- 97] An taithneamh a-tá ar gach ndeilbh
98] do shoillseochadh uaimh Ifeirnn
99] cia dán tualaing a thuigsin
100] tuaraim do Dhia an deallraidh-sin.
- 101] An teachtaire thig do nimh
102] le haitheasgaibh Dé dhúiligh
103] go gcuire ionn i n-aoin-teach
104] 's an cuire fionn forbhaoilteach.Teachtaire.