Corpus of Electronic Texts Edition
Ag so brágha dheit a Dhé (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)

p.15

  1. {YBL col 143}1] Ag so brágha dheit a Dhé
    2] as dána ar do reic a Rí
    3] ullmhuigh geimheal damh a Dhé
    4] mo ré is gar a deireadh dhí.
  2. 5] Gan bheith san idh ní háil liom
    6] a fhir do cháidh is an chrann
    7] mo char id gheimhil i ngeall
    8] fearr dhamh iná mh'eidhir ann.
  3. 9] Mo chúig cialla 'gum brath bíd
    10] gan ghialla ní rach ón ruaig
    11] ar ais ní fhuighbheam do mhóid
    12] cóig glais muna fhuilngeam uaid.
  4. 13] Lot mh'anma a silleadh na súl
    14] do rinneadh is damhna déar
    15] ní bhiú id ghlas a Rí na ríogh
    16] muna thí dhíom bas rem béal.
  5. 17] Ní smuainim nach biam i bhus
    18] ón luaighill do niam a-nos
    19] nocha hí a-bháin acht an bhas
    20] id ghlas a Rí is cáir an chos.
  6. 21] Feadh mo ré d'éigin nó d'áis
    22] go dtréigear é mar budh fhís
    23] gach ní at-chluinim leis an gcluais
    24] fá bhfuighinn guais a Rí a-rís.
  7. 25] Na cóig námhaid do ní ar gclódh
    26] a-támaid a Rí 'gá rádh
    27] a n-aire nó go ndeach dhíom
    28] bíodh faire ar an dteach i dtám

  8. p.17

  9. 29] A-tú ar bhaois gidh bé nach fuil
    30] is mé i n-aois i n-a haois shein
    31] far léig mé toram dod thoil
    32] a Dhé nach foíl oram th'idh.
  10. 33] Coim tar an anam lér fhaoi
    34] an chalann ní budh loinn lé
    35] ná déantar lámh dhearg acht dí
    36] ar ghrádh na dtrí ndealg a Dhé.
  11. 37] An corp féin i n-a olc uaim
    38] lé mbudh olc do réir fo ríor
    39] dá n-aomhtha mo bhreath do bhéar
    40] gach sgéal saortha dá ndeach dhíom.
  12. 41] Cóir dhamh ó nach damhann ceart
    42] an chalann do chur 'n-a tocht
    43] munab áil a thogha thart
    44] cáir smacht dá chara ar an gcorp.
  13. 45] Fillidh umam líon gach laoi
    46] ná bíom ag cumann 's an chlí
    47] fada ó théarnamh dhamh a Dhé
    48] dá rabh mé ar éan-mhagh is í.
  14. 49] Do ním ort ní ag tagra a-tám
    50] dá n-agra budh olc mo sgéal
    51] gach cion tháinig a Dhé dhíom
    52] bíodh sé ar an mbráighid do bhéar.
  15. 53] Cuir fhaire a Choimdhe ar an gcorp
    54] go dtoirne a aire don olc
    55] ag so an bhrágha as annsa ar th'iocht
    56] dána is sliocht m'arm-sa ar th'ucht.
  16. 57] Go dtéidhe an t-anam ar aon
    58] le chéile is an chalann chriadh
    59] dul as dámadh é mo rún
    60] dún a Dhé an glas ar do ghiall.
  17. 61] Corcra an dealg do bhí sa bhonn
    62] 's is dearg an chlí dom chionn
    63] dearg an bhas gidh bé ar a geall
    64] go mbeam a Dhé id ghlas i ngioll.
  18. 65] Do dhul as mo los fan lia
    66] is do bhos do chur fan gcló
    67] dá ndeach sé liom rem lá
    68] a-tá im chionn a Dhé fa dhó.
  19. 69] Dom chionn do chuadhais fan líg
    70] mar do fhuarais riom an ruaig
    71] mh'fheidhm i dtarbha gion go dtéid
    72] ná léig seilbh an anma uaid.
  20. 73] An tsealbh is breath 'n-a breith naoi
    74] ar a bhreith muna bheath sí
    75] fada is a breath urlamh é
    76] cunnradh gidh bé neach do ní.
  21. 77] Fuair a bhonn 's a lámh a lot
    78] ar dhá chlár is an chronn bhrioc
    79] mh'fheacadh gion gur fhéad do Mhac
    80] lat an séad do reacadh riot.
  22. 81] Tuigid cách an t-aighneas úd
    82] 'n-a ainbheas go bráth ná bíod
    83] sealbh an anaim is sé an séad
    84] créad fa raghainn a Dhé dhíod.
  23. 85] Síol Ádhaimh gidh olc an greim
    86] ar do thocht díobh slánaigh sinn
    87] fóir gach ní as cás ar do chloinn
    88] 'n-a roinn do ghrás a Rí rinn.
  24. 89] Méin Eabha im leanmhain gach laoi
    90] a ceana gér mheabhraigh mé
    91] ní bhréagfa a cuimhne as an gclí
    92] 's do ghéanta ní as doilghe a Dhé.

  25. p.18

  26. 93] Cia do fhéadfadh tuile is trágh
    94] ná téachtadh uighe san eon
    95] call is abhall taobh re taobh
    96] fagham saor ann dá mbudh eol.
  27. 97] Nochan fhuil míorbhal as mhó
    98] 'gá dhíorghadh ó thoil gé a-tú
    99] is an chorp dá ndéantar Dia
    100] cia do fhéadfadh tocht acht tú.
  28. 101] Dlighei-se geall an dá ngréas
    102] a cheann an tighei-se tuas
    103] gá doilghe ná beatha is bás
    104] cleatha ag fás a Choimdhe a cnuas.
  29. 105] Roinn ar uainibh uair an lá
    106] dá uairibh an uair as liú
    107] an adhaigh an uair as mhó
    108] raghaidh don ló uainn a fhiú.
  30. 109] Ar gcoimhghe is daoibh-se budh dluigh
    110] a Choimdhe is a Shaoir-se shein
    111] ná díoghail an leic far luigh
    112] cuir fíon-fhuil do Mheic sa meidh.
  31. 113] Re lia gcorr do chuir a shlios
    114] ar nguin a bhonn is a bhas
    115] níor aithnidh do chách an cleas
    116] an treas tráth gur aithrigh as.
  32. 117] Do chogair creich 'n-a creich mhóir
    118] do bhreith an phobail ó phein.
    119] mar rug leis an gcreich do chuaidh
    120] uainn ar a leith ndeis bu dhéin.
  33. 121] Beatha shaothrach budh lór leis
    122] 's an ógh ag caomhthach a chnis
    123] do b'fhíor-bhocht é is é ré cois
    124] sé a-nois is a ríoghdhacht ris.
  34. 125] Don uile is umhal an Rí
    126] cumhal Muire dá gach mhnaoi
    127] grádh don mhoghsaine ag Mac Dhé
    128] slat é as cosmhaile ré cnaoi.
  35. 129] Gan bheith íseal olc an bhail
    130] an corp go dtíseadh fa thoil
    131] ní fiú é an bheatha do bhir
    132] gidh bé do shir seacha soin.
  36. 133] Guidheam uile ar a son súd
    134] gan duine acht ag dol ar séad
    135] ag dul uadh gidh eadh a-tád
    136] an t-ág 's an sean uann ag éag.

    Ag so.