Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha ród díreach go Dia (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)

p.10

  1. {YBL col 138}1] Iomdha ród díreach go Dia
    2] nach gabhthar go Mhac Maria
    3] óg ná arsaidh nochan fhuil
    4] gan ród gcosmhail fá chomhair.
  2. 5] Tabhram ar n-aire d'iúl ghrinn
    6] déanam imtheacht go hinill
    7] is baoghal dham seachrán suas
    8] dá rabh cleathrámh im choguas.

  3. p.11

  4. 9] Gach ród nach iongabhtha d'fhior
    10] d'fhios an tighe i dtá an Dúileamh
    11] tualaing gach aon lé mbudh áil
    12] raon ré ghualainn do ghabháil.
  5. 13] Gabhaid daoine is is díobh mé
    14] an ród aimhréidh as fhaide
    15] athraighid is claon céille
    16] raon athghairid eichréidhe.
  6. 17] Tiaghaid is truagh a n-aithne
    18] síol Éabha ar fhód mhearaighthe
    19] d'éis a ndeimhnighthe dhóibh sain
    20] sein-shlighthe Póil is Peadair.
  7. 21] Slighe an chreidmhe a cion an chroinn
    22] do dhorchuigh Ádhamh oruinn
    23] níor shoillsigh ó shoin i le
    24] go goin Coimsidh na cruinne.
  8. 25] Do leathnuigh orainn dá éis
    26] ar Mac nDé mar fríoth faisnéis
    27] go taobh an tighe neamhdha
    28] slighe chaol na creideamhna.
  9. 29] Slighe na humhla is í a-tá
    30] dóibh ag breith iúil gach n-éan-lá
    31] Dia is a thrí ceathrair ré chais
    32] do leathnuigh í don eaglais.
  10. 33] A chlann Ádhaimh madh áil libh
    34] ród do rochtain an Dúilimh
    35] ní caol suas-an bhar slighe
    36] raon uasal na haithrighe.
  11. 37] Faoiside is fulang do bhreath
    38] dá shlighe go Dia dúileach
    39] doirbh rochtain acht na raonaibh
    40] tar docraibh an droch-shaoghail.
  12. 41] Re n-éag muna deachar dhí
    42] ar shlighidh ainiúil eile
    43] ród na déirce a Dhé Athar
    44] ní léigfe mé ar mhearachadh.
  13. 45] Ag sin agat adhair dhí
    46] a fhir iarras iúl nimhe
    47] slighe dhearg na ndeich n-aithne
    48] go reich ceard ar gcruthaighthe.
  14. 49] A n-imtheacht do badh hé ar leas
    50] na seacht róid-se do ráidheas
    51] gur gabha sinn na seacht róid
    52] 's a gcinn ag teacht don Tríonóid.
  15. 53] Dul sa ród go Rígh nimhe
    54] ó nach fiú fear mh'aithrighe
    55] ar dtoirrsei-ne go dtí dhí
    56] ní budh cais-slighe chuige.
  16. 57] Dá dtíosadh d'fheirg an Athar
    58] go léigfeadh mé ar mhearachadh
    59] ná léig gan iúl mé a Mhuire
    60] a shiúr na sé sochuidhe.
  17. 61] Dá n-agra Dia dul sa chrann
    62] a Mháthair Íosa oram
    63] agair bheith re n-iodhnaibh air
    64] 's a bhreith i n-iomdhaidh asail.
  18. 65] Trom ré n-íoc gion go mb'eadh leis
    66] na trí déara do dháilis
    67] it luighe a Mhoire ar do Mhac
    68] is dá Mhuire oile iomad.
  19. 69] Ar an gcích do dháilis dó
    70] is leat mh'fhagháil ó Íosa
    71] i n-anáir a ghlac do ghoin
    72] led Mhac mh'fhagháil ón Athair.
  20. 73] An chíoch do cuireadh 'n-a bhéal
    74] 's an chneadh fuair feirrde an leith-sgéal
    75] go dtí don chíoch is don chneidh
    76] mo shíoth agus Rí an ríchidh.
  21. 77] Do chífeam do bhreith breithe
    78] cóir eagla fan áirithe
    79] é ag teachta ós ar gcionn i gcnoc
    80] sionn an ealta is sé an seabhac.
  22. 81] An fhuil dhearg do dhoirt an ga
    82] tar bhar gcionn a chlann Éabha
    83] 's an fheoil a-tá gan téachtadh
    84] an lá fa dheoidh díghéaltar.

  23. p.12

  24. 85] Gidh mór beag do bhéaradh sibh
    86] is síodh a chréacht don Choimdhidh
    87] ní bhia ar tí altruim fhaladh
    88] ó 'd chí th'acmhaing d'aontaghadh.
  25. 89] Ionmhuin le hAird-rígh nimhe
    90] déirc do dhruim na haithrighe
    91] a nead ní hannsa le héan
    92] gémadh beag almsa an fhíréan.
  26. 93] A dhaoinei-se lén dochar
    94] an aithrighe d'iomachar
    95] dom meallaid na fir nach fuil
    96] libh i bpeannaid a bpeacaidh.
  27. 97] Déanadh Chríosd do chum sinne
    98] leigheas d'aindeoin mh'inntinne
    99] le mbiú do dheis Dé do nimh
    100] más fiú leis mé dá mhuinntir.
  28. 101] Don Tríonóid tiocfa mo chosg
    102] díom féin ní thig mo theagosg
    103] fóireadh mé do mhuin éigne
    104] mar do chuir lé ar leithéid-ne.
  29. 105] I n-aghaidh Dé gan dáil sguir
    106] do bhí Pól mar tú ar tosaigh
    107] a Dhé gurab séad samhail
    108] gur bhréag é ó Íobhalaibh.
  30. 109] Lá dá raibhe sé ag siobhal
    110] ag tuar diomdha an Dúiliomhan
    111] fuair an lá-sa seach gach lá
    112] grása uaidh as ar iompá.
  31. 113] Ar smuainis d'ulc ó aois leinb
    114] is a ndearnais do dhíbheirg
    115] ós a chionn do chan taidhbhse
    116] gabh lionn agus loghaim-se.
  32. 117] Ó do ráidh Dia fa doirbh lais
    118] Pól ag anmain 'n-a éagmhais
    119] do chuaidh Sbiorad Dé 'n-a dháil
    120] ní fhuair sé a ionad iompáidh.
  33. 121] An rosg dá bhfaiceadh an fear
    122] pobal Dé ag dul dá sgaitheadh
    123] a chosg ó nar fhéad don ulc
    124] do bhréag ón rosg a radharc.
  34. 125] Ní bhiú ris acht rámig sin
    126] i gcéimeannaibh an chreidimh
    127] gur bh'é asbal Dé fa dheoidh
    128] do sgag-san é dá aindeoin.
  35. 129] Tig dó Pól i bpurt nimhe
    130] i n-éaraic a aithrighe
    131] d'éis a sbreaghta ón Sbiorad Naomh
    132] ionad leabtha dá leath-taobh.
  36. 133] Re hoidhre nDé a-déara mé
    134] tabhair mar thugais roimhe
    135] lámh fúm ar éigin nó ar áis
    136] rún an chéid-fhir do chlaochláis.
  37. 137] Is meince do pheacuigh Phól
    138] iná mé gé a-tá ar dtéarnódh
    139] a Dhé ní d'anaibhse mh'olc
    140] é nach faghaim-se furtocht.
  38. 141] Pól asbal acht gidh olc mé
    142] d'iompúdh fa iris creidmhe
    143] deacra a Choimsidh na cruinne
    144] foillsigh th'fhearta oruinne
  39. 145] A Mheic Dhé déana fearta
    146] oram d'iompódh mh'aigeanta
    147] do theachta i gcorp dom cheannach
    148] deacra ná m'olc d'aithearrach.
  40. 149] Is tú do chuaidh dar gcabhair
    150] dot urlaidhe d' Íobhalaibh
    151] tú a naoidhe muirneach Muire
    152] fuighleach caoire ar gceardchain-ne.
  41. 153] Is tú do bheir an ngréin geal
    154] i n-éin-fheacht is an t-oighreadh
    155] is tú thug na haibhne ann
    156] 's na maighre ar fhud na habhann
  42. 157] An chnú do bheith i n-a bláth
    158] a Chríosd is ceardacht neamh-ghnáth
    159] dod ghréas ar aon 's an t-eitne
    160] a dhéas chaomh dar gcruithneicht-ne.

  43. p.13

  44. 161] Gidh olc cheannchaid clann Eabha
    162] na healta is na héigneadha
    163] is é an beo do bhí 'n-a chroich
    164] do ní idir eo agus éanlaith.
  45. 165] Bláth na n-áirne 's é do bhir
    166] do theacht tré thaobh an droighin
    167] bláth na gcnó tré chraoibh oile
    168] ré thaoibh gá mó míorbhuile.

    Iomdha.