Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Iomdha ród díreach go Dia
Author: Tadhg Óg Ó hUiginn
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Beatrix Färber , Mairéd Carey
Funded by The HEA via the LDT Project and
School of History, University College Cork
2. Second draft with variants.
Extent of text:
2160 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2014) (2020) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402151
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.
Sources
Manuscript sources- Dublin, Trinity College Library, 1318, (alias H. 2. 16 alias Yellow Book of Lecan); an Duanaire; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921). Digital images and the description from Abbott and Gwynn are available on http://www.isos.dias.ie.
- Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 1 29, dated 16th17th century. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Dublin, Trinity College Library, 1340 (H. 3. 19, The Tinnakill Duanaire); 17th century additions. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 1 39, dated 17th century. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
Literature- This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated early to mid-15th century.
- An English translation is available in Dá Dé, 7880.
The edition used in the digital edition- Lambert McKenna, Iomdha ród díreach go Dia in Dán Dé, Ed. Lambert McKenna. , Dublin, The Educational Company of Ireland (1940) page 1013
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Quotation
Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.
Hyphenation
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.
Segmentation
div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Standard Values
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: Poem by Tadhg Óg Ó hUiginn, an Irish bardic poet, who died in 1448; the Duanaire was written in 1473 by 'Scanlan, son of Maolmhuire Ó Maolchonaire'.
Date range: c.14001448.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
- (2020-01-07)
Beatrix Färber (ed.)
- New HTML and SGML files created.
- (2020-01-06)
Beatrix Färber (ed.)
- Variant readings added in front matter.
- (2014-11-04)
Máiread Carey (ed.)
- Files proofed (2).
- (2014-10-31)
Beatrix Färber (ed.)
- Corrections on p. 152 entered; file parsed and validated; SGML and HTML files created.
- (2014-10-07)
Beatrix Färber (ed.)
- Separate file for individual poem created; TEI header created.
- (2014-10-01)
Beatrix Färber (ed.)
- Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing.
- (2014-09-26)
Beatrix Färber (ed.)
- TEI header created. Encoding revised/updated.
- (2006)
Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine (ed.)
- File proof-read (1).
- (2006)
Data capture company (Text capture)
- Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied.
Corpus of Electronic Texts Edition: G402151
Iomdha ród díreach go Dia: Author: Tadhg Óg Ó hUiginn
Variants
¶VI]
[YBL col 138 (.Y); TCD H 3 19 (H)] 2a not in Y 3d aimhréi(dhe H 5a
i g(ci(on H, illegible in Y 6c cidh taobh H 12c gabhuidh H d on Tr. HY
13d ní bus c. H 16a go beadh lis HY 18 not in H 23b dhiomorchar H
c nir meall H, domeallaid Y d an pheacuidh H, in peacthaidh Y 25a
tiocfadh Y c mhuin chéille H 26a dal Y 29d mar fhuair H, ní fuair (?)
Y 34a Pol H.Y 36 not in H 39d dhgisi.Y 40f sa chr. H 41c don chr. H.
p.10
- {YBL col 138}1] Iomdha ród díreach go Dia
2] nach gabhthar go Mhac Maria
3] óg ná arsaidh nochan fhuil
4] gan ród gcosmhail fá chomhair.
- 5] Tabhram ar n-aire d'iúl ghrinn
6] déanam imtheacht go hinill
7] is baoghal dham seachrán suas
8] dá rabh cleathrámh im choguas.
p.11
- 9] Gach ród nach iongabhtha d'fhior
10] d'fhios an tighe i dtá an Dúileamh
11] tualaing gach aon lé mbudh áil
12] raon ré ghualainn do ghabháil.
- 13] Gabhaid daoine is is díobh mé
14] an ród aimhréidh as fhaide
15] athraighid is claon céille
16] raon athghairid eichréidhe.
- 17] Tiaghaid is truagh a n-aithne
18] síol Éabha ar fhód mhearaighthe
19] d'éis a ndeimhnighthe dhóibh sain
20] sein-shlighthe Póil is Peadair.
- 21] Slighe an chreidmhe a cion an chroinn
22] do dhorchuigh Ádhamh oruinn
23] níor shoillsigh ó shoin i le
24] go goin Coimsidh na cruinne.
- 25] Do leathnuigh orainn dá éis
26] ar Mac nDé mar fríoth faisnéis
27] go taobh an tighe neamhdha
28] slighe chaol na creideamhna.
- 29] Slighe na humhla is í a-tá
30] dóibh ag breith iúil gach n-éan-lá
31] Dia is a thrí ceathrair ré chais
32] do leathnuigh í don eaglais.
- 33] A chlann Ádhaimh madh áil libh
34] ród do rochtain an Dúilimh
35] ní caol suas-an bhar slighe
36] raon uasal na haithrighe.
- 37] Faoiside is fulang do bhreath
38] dá shlighe go Dia dúileach
39] doirbh rochtain acht na raonaibh
40] tar docraibh an droch-shaoghail.
- 41] Re n-éag muna deachar dhí
42] ar shlighidh ainiúil eile
43] ród na déirce a Dhé Athar
44] ní léigfe mé ar mhearachadh.
- 45] Ag sin agat adhair dhí
46] a fhir iarras iúl nimhe
47] slighe dhearg na ndeich n-aithne
48] go reich ceard ar gcruthaighthe.
- 49] A n-imtheacht do badh hé ar leas
50] na seacht róid-se do ráidheas
51] gur gabha sinn na seacht róid
52] 's a gcinn ag teacht don Tríonóid.
- 53] Dul sa ród go Rígh nimhe
54] ó nach fiú fear mh'aithrighe
55] ar dtoirrsei-ne go dtí dhí
56] ní budh cais-slighe chuige.
- 57] Dá dtíosadh d'fheirg an Athar
58] go léigfeadh mé ar mhearachadh
59] ná léig gan iúl mé a Mhuire
60] a shiúr na sé sochuidhe.
- 61] Dá n-agra Dia dul sa chrann
62] a Mháthair Íosa oram
63] agair bheith re n-iodhnaibh air
64] 's a bhreith i n-iomdhaidh asail.
- 65] Trom ré n-íoc gion go mb'eadh leis
66] na trí déara do dháilis
67] it luighe a Mhoire ar do Mhac
68] is dá Mhuire oile iomad.
- 69] Ar an gcích do dháilis dó
70] is leat mh'fhagháil ó Íosa
71] i n-anáir a ghlac do ghoin
72] led Mhac mh'fhagháil ón Athair.
- 73] An chíoch do cuireadh 'n-a bhéal
74] 's an chneadh fuair feirrde an leith-sgéal
75] go dtí don chíoch is don chneidh
76] mo shíoth agus Rí an ríchidh.
- 77] Do chífeam do bhreith breithe
78] cóir eagla fan áirithe
79] é ag teachta ós ar gcionn i gcnoc
80] sionn an ealta is sé an seabhac.
- 81] An fhuil dhearg do dhoirt an ga
82] tar bhar gcionn a chlann Éabha
83] 's an fheoil a-tá gan téachtadh
84] an lá fa dheoidh díghéaltar.
p.12
- 85] Gidh mór beag do bhéaradh sibh
86] is síodh a chréacht don Choimdhidh
87] ní bhia ar tí altruim fhaladh
88] ó 'd chí th'acmhaing d'aontaghadh.
- 89] Ionmhuin le hAird-rígh nimhe
90] déirc do dhruim na haithrighe
91] a nead ní hannsa le héan
92] gémadh beag almsa an fhíréan.
- 93] A dhaoinei-se lén dochar
94] an aithrighe d'iomachar
95] dom meallaid na fir nach fuil
96] libh i bpeannaid a bpeacaidh.
- 97] Déanadh Chríosd do chum sinne
98] leigheas d'aindeoin mh'inntinne
99] le mbiú do dheis Dé do nimh
100] más fiú leis mé dá mhuinntir.
- 101] Don Tríonóid tiocfa mo chosg
102] díom féin ní thig mo theagosg
103] fóireadh mé do mhuin éigne
104] mar do chuir lé ar leithéid-ne.
- 105] I n-aghaidh Dé gan dáil sguir
106] do bhí Pól mar tú ar tosaigh
107] a Dhé gurab séad samhail
108] gur bhréag é ó Íobhalaibh.
- 109] Lá dá raibhe sé ag siobhal
110] ag tuar diomdha an Dúiliomhan
111] fuair an lá-sa seach gach lá
112] grása uaidh as ar iompá.
- 113] Ar smuainis d'ulc ó aois leinb
114] is a ndearnais do dhíbheirg
115] ós a chionn do chan taidhbhse
116] gabh lionn agus loghaim-se.
- 117] Ó do ráidh Dia fa doirbh lais
118] Pól ag anmain 'n-a éagmhais
119] do chuaidh Sbiorad Dé 'n-a dháil
120] ní fhuair sé a ionad iompáidh.
- 121] An rosg dá bhfaiceadh an fear
122] pobal Dé ag dul dá sgaitheadh
123] a chosg ó nar fhéad don ulc
124] do bhréag ón rosg a radharc.
- 125] Ní bhiú ris acht rámig sin
126] i gcéimeannaibh an chreidimh
127] gur bh'é asbal Dé fa dheoidh
128] do sgag-san é dá aindeoin.
- 129] Tig dó Pól i bpurt nimhe
130] i n-éaraic a aithrighe
131] d'éis a sbreaghta ón Sbiorad Naomh
132] ionad leabtha dá leath-taobh.
- 133] Re hoidhre nDé a-déara mé
134] tabhair mar thugais roimhe
135] lámh fúm ar éigin nó ar áis
136] rún an chéid-fhir do chlaochláis.
- 137] Is meince do pheacuigh Phól
138] iná mé gé a-tá ar dtéarnódh
139] a Dhé ní d'anaibhse mh'olc
140] é nach faghaim-se furtocht.
- 141] Pól asbal acht gidh olc mé
142] d'iompúdh fa iris creidmhe
143] deacra a Choimsidh na cruinne
144] foillsigh th'fhearta oruinne
- 145] A Mheic Dhé déana fearta
146] oram d'iompódh mh'aigeanta
147] do theachta i gcorp dom cheannach
148] deacra ná m'olc d'aithearrach.
- 149] Is tú do chuaidh dar gcabhair
150] dot urlaidhe d' Íobhalaibh
151] tú a naoidhe muirneach Muire
152] fuighleach caoire ar gceardchain-ne.
- 153] Is tú do bheir an ngréin geal
154] i n-éin-fheacht is an t-oighreadh
155] is tú thug na haibhne ann
156] 's na maighre ar fhud na habhann
- 157] An chnú do bheith i n-a bláth
158] a Chríosd is ceardacht neamh-ghnáth
159] dod ghréas ar aon 's an t-eitne
160] a dhéas chaomh dar gcruithneicht-ne.
p.13
- 161] Gidh olc cheannchaid clann Eabha
162] na healta is na héigneadha
163] is é an beo do bhí 'n-a chroich
164] do ní idir eo agus éanlaith.
- 165] Bláth na n-áirne 's é do bhir
166] do theacht tré thaobh an droighin
167] bláth na gcnó tré chraoibh oile
168] ré thaoibh gá mó míorbhuile. Iomdha.