Corpus of Electronic Texts Edition
Aoidhe meise ag máthair Dé (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.2
- {YBL col 132}1] Aoidhe meise ag máthair Dé
2] ní meise an bráthair nach bí
3] go fuar im dheagh-mháthair nDé
4] truagh is mé im dhearbhráthair dhí.
- 5] Do mháthair Dé is gar mo ghaol
6] an mé an bráthair as ghlan gníomh
7] gidh ionann feol-fhuil dí is dún
8] do ní morún deoraidh dhíom.
- 9] Tearc dá bráithribh tharla té
10] re tarbha dá dtáirthir dhí
11] gaol fallsa do Mhoire mé an té
12] an croidhe dall-sa dhí.
- 13] Gidh bé ní bheas ar a bhéal
14] a teas nó go dtí 'n-a gaol
15] a cridhe le a bráthair bíodh
16] máthair Ríogh nimhe na naomh.
- 17] Maith dhamh an chomaoin do chuir
18] a car gion gur chomhmaoidh sin
19] gan aoidhigh do thriall don thoigh
20] riamh gur oil naoidhin do nimh.
- 21] Níor sguir gér dheacair a ndíol
22] mo pheacaidh gur chuir ar gcúl
23] re Dia níor dhaingean ar ngaol
24] gur thaobh an t-aingeal ria a rún.
- 25] An t-eitne do chin ón chnaoi
26] nocha shir nach leigthe lé
27] níor an 'gá chuinghidh 'n-a clí
28] gur ghabh sí ó fhuighlibh é.
- 29] An leanb ré luigheadh an ógh
30] a fhearg níor cuireadh ar gcúl
31] nó gur dheonuigh Rí na ríogh
32] síodh ar a trí deoruibh dhún.
- 33] Mé 'gam choimhghe 'gá céibh thigh
34] oidhre Dé réidh nó go raibh
35] gidh doirbh mh'fhagháil don chlí chuil
36] níor sguir sí dom fharáil air.
- 37] Gidh olc do dhligh déagsain dún
38] an géag-sain ó nimh na naomh
39] do chuir sí ionn ar 'n-a iúl
40] mar ba siúr í i ngioll rér ngaol.
- 41] Mór cheileas an ógh dom olc
42] an ógh le leigheas mo locht
43] Rí na cruinne ris an gceart
44] neart do ní buime na mbocht.
- 45] Mór a bhuidhe mé 'n-a múr
46] gomadh lé guidhe mo ghníomh
47] ionmhuin bean do bhí ag an tsaor
48] nar aomh fhear acht Rí na ríogh.
p.3
- 49] Fear sean nar dhoshnaidhme dhí
50] i gcomhairle na neamh naoi
51] an saor ní do luighe lé
52] do aomh sé Muire mar mhnaoi.
- 53] Do sgar sé re meanmain móir
54] ba tal lé leanmain a laoigh
55] do bhí go dearóil dá deoin
56] sí gan treoir acht seanóir saoir.
- 57] Iobhail ar a lorg gach laoi
58] don ríoghain nochar ord é
59] fa rian oighe i ndíothramh dhí
60] Moire is í ag díothladh Dé.
- 61] A fear braith do bhí ar a cúl
62] gidh eadh níor bhraith í más fhíor
63] a brath nochan é nar aomh
64] acht braon do rath Dé dá díon.
- 65] Cumthar meabhal go Mac nDé
66] lér beanadh a Mac don mhnaoi
67] gidh dom chionn-sa do aomh é
68] do b'ionnsa a Dhé an chraobh gan chnaoi.
- 69] Olc do fhoghain dí fa dheoidh
70] tocht dí dá chobhair i gcéin
71] a crádh fa a Mac ionmhain uain
72] fuair an tslat dar bhfiodhbhaidh féin.
- 73] Ní i n-éan-ló budh cneasda a chaoi
74] acht gé téarnó teasda sé
75] coróin fa a bhaithis do bhí
76] ní d'onóir dí acht d'aithis é.
- 77] Sí 'n-a thiomchall-san truagh liom
78] 's a huan gan iomchosnamh ann
79] do chí sí bior tres an mbonn
80] sriobh dhonn do chí ris an gcrann.
- 81] Fionn-Mhuire re feadh an laoi
82] 'gá ionghuire is eadh do bhí
83] do hathghonadh eidhre Dé
84] sé ag athroghadh deilbhe dhí.
- 85] 'N-a ghoire do an an ógh
86] agus Moire Magh-da-léan
87] don chuire do chroch a huan
88] uch níor thruagh le duine a déar.
- 89] A gul gion gur lamhadh lé
90] ag anadh 'n-a bhun do bhí
91] an bhraid-sin nochar bheag dí
92] si 'gá fhaicsin gan chead caoi.
- 93] Táinig as donnnadh a deor
94] a bhas do tholladh 's a thaobh
95] ar éise a croidhe do chrádh
96] sámh léi-se loighe ar a laogh.
- 97] Gomadh teann ar Mhuire mé
98] go nmbé a guidhe leam gach laoi
99] eagail liom an lá do bhí
100] trí mná ós a chionn ag caoi.
- 101] Do theich an cuire dar chóir
102] bheith re Muire go n-a mnáibh
103] ní fhuair buime Dé fa dheoidh
104] ón uaigh lé acht Eoin Bruinne a-bháin.
- 105] I ngioll síodh dá bráthair bhocht
106] a-táthair fa ríor 'n-a riocht
107] mé ar Mac nDé éadána as m'ulc
108] mé a hucht m'éagára ar a hiocht.
- 109] Ní maoidhthe ar son Eabha an ógh
110] acht do chor an cheana ar gcúl
111] taobh ria is éigean dá gach aon
112] ná léigear taobh re Dia dhún.
- 113] Is í áiridhe as fhearr dhamh
114] is í ar gceann báidhei-ne an bhean
115] is fiú ise ar mbeith sa bhrugh
116] gan mise ag cur neith ar neamh.
- 117] Muire muna thaobhar trá
118] baoghal a luighe fa lia
119] ó rinn deilg do dháil a chrú
120] a-tú mar láimh ndeirg ag Dia. Aoidhe.