Corpus of Electronic Texts Edition
Aithin mé dot oide a Eoin (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.1
- {YBL col 131}1] Aithin mé dot oide a Eoin
2] mór baoghal breithe Mícheoil
3] ní bheith gan eire m'aithne
4] do bhreith meidhe an mheasraighthe.
- 5] Mór a fhearg ní hiongnadh dhó
6] do chaithfinn m'aithne d'Iosa
7] gan fhior sgeóil éigin as m'ucht
8] a Eoin ní héidir mh' fhurtocht.
- 9] Déana dot oide ar n-aithne
10] gabh chugat mo chomairche
11] a Eoin Bruinne bí ar mo chuid
12] ní as uille ná mar iarrmuid.
- 13] Dul don tigh i dtá t'aithne
14] agus méad mo mhearaighthe
15] ní fhéadfainn a Eoin Bruinne
16] gan réaltainn eoil aguinne.
- 17] Ceannnach an nighei-sin ar nimh
18] tabhair oram ar éigin
19] ná heirg i gceann áise a Eoin
20] gá fearr m'áis-se ná m'aindeoin.
- 21] Ná tí díot gidh deacair sin
22] m'fhulang gan iris creidimh
23] ná tí dot oide a easbail
24] ní as fhaide iná ar fhuilngeasdair.
- 25] Tighearna tighe nimhe
26] i n-éaruic a oirbhire
27] dá rabh im aghaidh a Eoin
28] labhair dhamh ris an Doirseoir.
- 29] An t-asbal do áirimh mé
30] do mhuinntir Meic na hóighe
31] is an lucht fhuil gan áireamh
32] cuir as t'ucht dom fhuráileamh.
- 33] Tú easbal do b'annsa leis
34] a-táthair ort 'gá aithris
35] acht gér ionmhuin gach easbal
36] 'n-a iomdhaidh rod aileasdar.
- 37] Seach na heasbalaibh eile
38] do bhí t'onóir d'áiridhe
39] do leigeadh sé a rún rut-sa
40] a ghlún do b'é th'adhart-sa.
- 41] Gur bh'é Iobhas as fhear braith
42] duid do innis an t-Ard-fhlaith
43] ní uime mar gach n'asbal
44] Rí an chruinne do chanasdar.
- 45] Is é so comhrádh do chan
46] uan Muire i measg na n-easbal
47] cionnus libh dá mbeath dom brath
48] neach is tigh ar mo theaghlach.
- 49] Rí na ndúl a-dubhairt ruibh
50] nach biadh acht éan-lá eadruibh
51] dia Céad-aoin re n-a chrochadh
52] do éagaoin Dia an dealochadh.
- 53] Eigin dó dealoghadh ruibh
54] deacair lat gan a leanmhuin
55] níor dhocra lat iná lais
56] a mhac ochta 'n-a éagmhais.
- 57] Tú do lean fa dheireadh dhe
58] tú fhuair Iosa a Eoin Bruinne
59] gan acht éan-ógh ré aghaidh
60] ar n-éalódh dá easbalaibh.
p.2
- 61] A héisdeacht níor fhulang lat
62] guth na hóighe ré héan-mhac
63] an truagh lat ar Moire mé
64] gan mhac oile dot éis-se.
- 65] Mac ar seathar leath ar leath
66] dán hainm Eoin ar Dia dúileach
67] beir lat a Mhoire an mac-sa
68] mar mhac oile im ionad-sa.
- 69] Dá adhbhar a Eoin Bruinne
70] nar bh' iongabhtha aguinne
71] tú it sheise dhéidheanach dhí
72] d'éin-fheadhach meise is Muire.
- 73] Cúig chéadfhadha mo cholla
74] a-tú i n-éigin eatorra
75] a éan coluim ar cheannsa
76] féagh oruinn san éigean-sa.Aithin.