Corpus of Electronic Texts Edition
Turnamh dóchais díoth muirne (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.419
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Turnamh dóchais díoth muirne,
2] muirn docar i ndíothainmne;
3] lór do chládh uabhair tar ais
4] is uamhain dál an dóchais.
- 5] Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí
6] an chú cuirthear i neimhní;
7] muna rabh anáir ar each
8] ní gar a fhagháil uaibhreach.
- 9] An treabhadh ar nac téid leas
10] ní hé trá as taosga gheineas;
11] gort gan fhál is é ar slighidh
12] dá mbé slán ní saoilfidhir.
- 13] Saidhbhreas díomhaoin do dhuine
14] innile gan aoghaire;
15] ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh
16] abhla cuir nach cumhdaighthir.
- 17] Gabháil fa chuirm go gcuirthir
18] a hibhe ní horduighthir;
19] bídh gríos an ghuail gan ghoradh
20] an uair bhíos gan bheathoghadh.
- 21] Baramhail damh-sa is dom dhán
22] a ndubartdia do chlaochládh;
23] cnú fholam nó each gan srian
24] neach nó domhan fa dhímhiadh.
p.420
- 25] Ní théighim mar badh díor dham
26] tar ollamh ná tar ánradh
27] sé 'n-a chréachtghoin im
chroidhe
28] éantroigh re ré Rudhroidhe.
- 29] Náir dhúinn's ní dúinn as
ranáir
30] mo sgol más iad m'uachtaráin
31] tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn
32] gach duine ag síneadh seachoinn.
- 33] Ós chionn éigeas fhear nUlad
34] teacht san tuighnigh ollamhan
35] ní thig díom, gidh dainimh dhún,
36] sion im aighidh ag iompúdh.
- 37] Do mheas éirghe amhlaidh soin
38] os chionn airdríogh fhear ndomhain
39] Poimp mearchalma fa mó seadh
40] gér neamhtharbha dhó a dheireadh.
- 41] Ag Séasar na siorthadh mbras,
42] ag Poimp Máighe is ag Marcas
43] do bhí an cruinne ó mhuir go muir;
44] ní rí duine gan dúthaigh.
- 45] Riasan dá áirsidh oile
46] Marcas Cras ceann sochuidhe
47] iul re bhfaghar gach fádh fis
48] do ládh an talamh thairis.
- 49] Fan treas rann don talmhain tais
50] do éirigh ar n-éag Marcais
51] fíoch an dá ursan oile;
52] dursan críoch a gcéalmhoine.
- 53] Poimp agus Séasar sluaighmhear
54] do chuireadar combuaidhreadh
55] i ngach leith don chruinne ché
56] do bhreith an uile fhínné.
- 57] An cath cathardha do chuir
58] dá uaitne theanna an talaimh
59] do b'é críochrún a gcagaidh
60] dé ón fhíochrún do
adhnadair.
- 61] "Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn
cháigh
62] dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin"
63] glóir na flatha fhuair umhla
64] uair an chatha chathardha.
p.421
- 65] Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain
66] gairid d'aimsir gur orduigh;
67] do radadh fatha déar dhó
68] a shéan catha do chlaochlódh.
- 69] Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,
70] an t-Iarla is sé an Séasair-se,
71] ar bhfearg rer-oile is é an cath
72] gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.
- 73] Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,
74] bheith céim ós chionn na n-éigeas
75] do bhí uair 's do aontaigh mé;
76] claontair gach uaill dá háirde.
- 77] Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir,
78] bheith ísealanba an
diombáigh
79] dar m'éig-se do ba lór linn,
80] ór ar m'éigse ó nach aithnim.
- 81] Ó tá an maidhm oruinn badh-éin
82] aontuighim tre Ua saoirNéill
83] beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;
84] faoi ní hoideamhail m'urruim.
- 85] Tuir fhuluing fhola Dálaigh
86] ní fiu dá méin
mórdhálaigh
87] ní hé an doigh nach dursan
linn
88] a bhfuil d'osnadh im intinn.
- 89] Náir dói-séin agus damh-sa
90] a bhfuil d'anaoibh oram-sa
91] ar dheoradhachtdáil nar dhligh
92] i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.
- 93] Dá gcuireadh díoth toice treall
94] ollamh flatha ar fud Éireann
95] ní cóir dhó ar a dhán
diomdha;
96] dá mhó a thár dá thighearna.
- 97] Do dhearbh sé seanfhocal cáigh
98] do léig an t-Iarla ar n-anáir
99] uile fa lár as a los
100] "ní fádh duine 'n-a dhúthchas."
- 101] Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,
102] ní fhuil fáth ag a anaoibh;
103] im dhán níor dheargas duine
104] do Chlár leargglas Laoghaire.
p.422
- 105] Ar airdríoghaibh Inse Néill
106] a ndearnadar do dhíthchéill
107] ar maithe trá druim ar druim
108] a-tá dáhe oruinn.
- 109] Cuirm Éingrinde is an t-each
geal,
110] súil Eochaidh, ainnre Laighean,
111] ní théid mo sheise ríogh
róm
112] mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón.
- 113] Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche,
114] flaitheas Banbha beannfhoirbhthe
115] rug sé don dul-sa ar a ndíol
116] an té as ursa don imshníomh.
- 117] A-tá uabhar m'aicme féin
118] ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill
119] fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn
120] dá shíorbhuain uile asuinn.
- 121] Groighe is táinte clann gConuill
122] tús is earr an uraghuill
123] fa-ríor níor haltoigheadh
liom
124] im ghortoirear ríogh Raoilionn.
- 125] Ag íoc na muirne nach mé
126] fhuair ó phór chaithreac claoinTé
127] a-tá sé ag crádh mo chroidhe
128] mar táim re ré Rudhroidhe.
- 129] Buain a dhúthchais do dhuine
130] ní breath ríogh do Rudhroidhe;
131] is liom-sa a chogar ó chiort
132] ionnsa m'obadh óm oidhreact.
- 133] Go buan is fearr an fonn-sa;
134] ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa
135] muirn mar shriobh tuile ag toigheacht
136] ná cion duine ar deoroidheacht.
- 137] Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill
138] Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,
139] mo rí go rabh ar mo shon;
140] ná tí a thal ar mo thurnamh.Turnam.