Corpus of Electronic Texts Edition
Tosach féile fairsinge (Author: Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh)

p.415

AODH OLLABHAR Ó CARRTHOIDH cct. ?
  1. 1] "Tosach féile fairsinge"
    2] —d'fhuighlibh Fíthil an focal;
    3] ní hiomdha dar n-aithnei-ne
    4] neach as urra don tosach.
  2. 5] Ní thig tosach fadhálta
    6] don tí dhligheas dán díom-sa;
    7] ní budh mór dá bharánta
    8] tosach an teagaisg ríoghdha.
  3. 9] Dó as fhearr thig an tosach-sa
    10] Ó Maol Ruanaidh rí Céise;
    11] tearc neach ar an domhan-sa
    12] as fhairsinge ná as fhéile.
  4. 13] Do-bhéaradh Mac Diarmuda
    14] a shúil tar ceann a einigh;
    15] dá mbeith fear a hiarrata
    16] níor bh'ei-sean fear a heitigh.
  5. 17] Ní ar domhan ní shanntuigheann
    18] acht dá dháil dá gach duine;
    19] nochan fearr an gallmhuileann
    20] ó léigtear é fa uisge.
  6. 21] Tomhaltach Mac Diarmuda
    22] mac na ríoghna ó Ráith Chruachan
    23] gá seadh méad a iarrata
    24] 's gur mó sa chách a chnuasach.
  7. 25] Rí maicne Maoil mhórRuanaidh
    26] 'ga dtá an t-eineach i gcartaigh
    27] fíon dá ól a hórchuachaibh
    28] uime ó mhadain go madain.

  8. p.416

  9. 29] Is uasal an t-aoghaire,
    30] a-tá aca ar a n-eineach;
    31] ní fhacas fós aonduine
    32] ag dul uadha fa eiteach.
  10. 33] Gearr budh lón a ionnmhus-san
    34] muna bheith Dia dá cosnamh,
    35] lámh aige dá thiodhlacadh
    36] is lámh oile dá bhronnadh.
  11. 37] Ní hí cuid na céadoidhche
    38] do-bheir Dia dá dhreich mhínghil
    39] acht é ag riar gach éanchoinnmhe
    40] bhíos 'n-a chás air dar-íribh.
  12. 41] A dtabhair mac Conchobhair
    42] agus a bhfaghann chuige
    43] aige ní fhuil comhchosmhail
    44] acht trághadh agus tuile.
  13. 45] Dá mbeith gan bhád ionlocha
    46] 's a dhámh i bpurt an locha
    47] do rachadh flaith Fiodhnacha
    48] dá bháthadh d'eagla ghotha.
  14. 49] Tomhaltach mac Conchobhair
    50] mheic Aodha—dia do thoice—
    51] mheic Chonchobhair chomhramhaigh
    52] mheic Tomhaltaigh óig oile.
  15. 53] Mheic Mhaol Ruanaidh romhasglaigh
    54] ris nach raibhe feidhm formaid
    55] mheic Ghiolla Chríosd chomhchubhaidh
    56] mheic Conchobhair mheic Cormaic.
  16. 57] Sgéal beag ar an gCormac-sa
    58] a-tá agam re n-a aithris;
    59] d'eagla gomadh domblasda
    60] dleaghar réilioghadh gairid.
  17. 61] Lá éigin dar éirghiosdar
    62] ar tulaigh láimh re a longphort
    63] oireacht i ngach éinionadh
    64] dá chumhga 'n-a mbíodh Cormac.
  18. 65] Go tulaigh na comhdhála
    66] do-chí chuca mun dtráth-sain
    67] bean leathchaoch ruadh roghránda
    68] 's aonbhrat lín ar a brághaid.

  19. p.417

  20. 69] Gabhais tres an aonach-sain
    70] nó go ráinig sí an baile;
    71] dí níor fhiafraigh éanduine
    72] cia hí nó cáit a raibhe.
  21. 73] Go Carraigh Meic Diarmada
    74] an tráth do-chuaidh an bhean-so
    75] níor shuidh an dúil diabhalda
    76] gur cóirigheadh lé leaba.
  22. 77] Oileachán beag éagcosmhail
    78] do-ní i n-uillinn an tighe;
    79] bliadhain dí ar an ndéarghadh-sain
    80] gan easbhaidh bídh ná dighe.
  23. 81] Gur caitheadh an bhliadhain-sin
    82] —mo chean do-rinne an ainmne—
    83] bean ná fear dá fiafraighe
    84] ní fhuair ar feadh na cairrge.
  24. 85] Téid an chaochruadh chiabhfhada
    86] ar gcor na bliadhna thairse
    87] d'ionnsaighe Mheic Diarmada
    88] 's beannaighis dó as a haithle.
  25. 89] Innisidh a himtheachta
    90] dó ó thosach go deireadh;
    91] ní sgéal so nach inleanta,
    92] sgéal as uaisle ar an eineach.
  26. 93] "Bliadhain gus an aimsir-se
    94] dhúinn it shíth, a rí Dhuibhe,
    95] ar bhfógra ó Thír Thairrngire
    96] bean mé ar ar cuireadh cluiche.
  27. 97] "I mbrugh Eamhna abhlaighe
    98] do cuireadh mé fa gheasaibh
    99] gan dul go Tír Thairrngire
    100] go mbeinn bliadhain 'n-a heasbhaidh.
  28. 101] "Níor gabhadh an bhliadhain-se
    102] uaim gan mo bheith i n-éantaigh
    103] 's gan neach ann dom fhiafraighe
    104] ar feadh an dá mhíos dhéag-sain.
  29. 105] "Do bhádhas an bhliadhain-se
    106] i gcúirt Locha Ché chornbhláith
    107] gan neach ann dom fhiafraighe
    108] —is do bhíodh uile an tromdháimh.

  30. p.418

  31. 109] "A n-áireamh ní féadfaidhe
    110] leath ná trian a mbí id bhaile,
    111] 's ní shaoileann díobh éanduine
    112] nach air féin bhíos bhar n-aire.
  32. 113] "Ar bhéasaibh ná ar mhíbhéasaibh
    114] ní diúltar neach ód thigh-se
    115] —'s ní léigthear acht fíréanaigh
    116] amháin i dteaghdhais nimhe.
  33. 117] "A Chormaic mheic Tomhaltaigh,
    118] an bhfuil ar feadh an bheatha
    119] teach i mbeinn an comhfhad-sain
    120] gan fhiafraighe acht do theach-sa?
  34. 121] "Beannacht agus bithbheannacht
    122] fágbhaim uile 'gad theaghlach;
    123] ní dearnadh 's ní dingeantar
    124] céim as uaisle ná a ndearnsad.
  35. 125] "Do ním-se dhuit fáisdine
    126] gé táim im beathadhach ghránna
    127] go mbia an t-oineach d'áiridhe
    128] 'gat shíol go laithe an bhrátha."
  36. 129] A geasa ó do fuasgaladh
    130] ar n-innisin a heachtra
    131] imthighis an ruadhchailleach;
    132] ní dí támuid budh-easda.
  37. 133] A airdrí fial foighideach
    134] is riot bheanas an sgéal-so;
    135] id bhrugh ní bhí coimhidheas
    136] re duine do shíol Eabha.
  38. 137] Níor bh'usa don chailligh-sin
    138] bheith mar do bhí i mbrugh Cormaic
    139] iná bheith id bhaile-se,
    140] a rí Locha Ché chollbhuig.
  39. 141] Do-ghabhthaoi id bhrugh bhiothbhuan-sa
    142] sgol ris gach gceird i nÉirinn
    143] 's ní bhíodh i dTigh Mhiodhchuarta
    144] acht duine ris gach éincheird.
  40. 145] Do ghreasa, do mhadhmanna,
    146] ní fhéadaim bheith dá bhfaisnéis;
    147] ní thuillfeadh san adhmad-sa
    148] an deachmhadh cuid dod chaithréim.

  41. p.419

  42. 149] Ad theagmháil, a Thomhaltaigh,
    150] ní thiocfadh duine ar domhan,
    151] a Chú Chuluinn churata
    152] a Chonaill Chúigidh Chonnacht.
  43. 153] A-tá ag dúsacht th'adhmholta,
    154] a rí ceirtbhreathach Céise,
    155] nach foghnann don adhmad-sa
    156] tosach acht tosach féile.

    Tosach féile.