Corpus of Electronic Texts Edition
Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich (Author: Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh)

p.411

AONGHUS (MAC CEARBHAILL BHUIDE Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich
    2] fa sduaidh—nocha sduaidh fa mhúith—
    3] múr na sgiath mbeannbhladhach mbláith
    4] ráith na gcliath ndealbhdharach ndlúith.
  2. 5] Tomhus mhúir Theamhra ó Lios Fhloinn
    6] ó chúil chearna go a slios slim
    7] caithir bhláith charmhoguil chruinn
    8] mar ráith gCuinn abhradhduibh fhinn.
  3. 9] Tomhus mhúir Oiligh ghlais ghloin
    10] i bfroighidh úir chais an chluidh;
    11] samhail daighNéill Ghlúnduibh ghil
    12] san tigh mhúraigh chlaidhréidh chuir.
  4. 13] Tomhus mhúir Chaisil fa a chois
    14] no an dúin ghlais-sin go n-a gheis
    15] ag fior fhuilt chrunnfhailghigh chais
    16] go mbais Cuirc dhubhmailghigh dheis.
  5. 17] Níor ghabh Meadhbh ná Corc ná Conn
    18] port ar nar shealbh port na bpeall;
    19] do bhalla chaomh nó do chrunn
    20] níor chum saor halla budh fhearr.
  6. 21] Treabh as áille dar fhéagh súil
    22] a sgáile gheal re a béal biaidh;
    23] nocha meisde ní dá néimh
    24] gan léim eisde dhí dá diaigh.
  7. 25] Sreath cláraigh mhín dualaigh dhlúith
    26] 'n-a sduadhaibh do-chím mun gcruaich;
    27] sliocht uird riondaidhe mun ráith;
    28] bláith sliombuidhe a buird 's a bruaich.

  8. p.412

  9. 29] Mar badh meirge slíogdha a snuadh
    30] nó mar dhíolda as deirge clár;
    31] mín ón chearamh gach crann caol
    32] sleamhan a taobh thall ón tál.
  10. 33] A hasnach glan donn le dlús
    34] níor ghabh tonn lasrach dá luas;
    35] cá seadh teine ar a tí thíos
    36] muna thí gríos nimhe a-nuas.
  11. 37] Suairc an daingean anma d'Aodh
    38] nachar mhainnear madhma riamh;
    39] ní bhí san léibheann chas chlár
    40] glas lámh nó géibheann ar ghiall.
  12. 41] Fear ga tealgadh gion gur thearc
    42] nochar deargadh cneadh 'n-a curp;
    43] sgeinnidh colg sleighe dá sliocht
    44] briocht neimhe na n-ord 'n-a hucht.
  13. 45] Mar chathraigh nGreabháin ar ghráin
    46] nac lamhthair meadháil a múir;
    47] tréigthear brath na dtreabh re a taoibh
    48] mar ba clach aoil gach teagh túir.
  14. 49] Ná braitheadh bean go bráth í,
    50] an ráth gheal ler caitheadh cré
    51] dá lár do lingeadh an Traoi
    52] do mhnaoi do cinneadh d'ágh é.
  15. 53] Sleagh tre dhruim fir go lár lás
    54] ór thil a clár mar do- chuas;
    55] maol na gualann budh toll thíos;
    56] ón chronn bhíos nuabharr a-nuas.
  16. 57] Dá dteagmhadh Lugh Banbha Briain
    58] nó an Daghdha do dhul dá dréim
    59] mná an táibhlidh mun ba tearc lóin
    60] gan neart slóigh láinmhir dá léim.
  17. 61] Caithir chuanna ceithre mbeann
    62] sduagha do-gheibhthe re Goll
    63] brugh slatac fuinneogach fionn
    64] bratach sliom duilleogach donn.
  18. 65] Sduadh bhreac dhealbhach um an ndún
    66] dar leat mar badh ceannrach caomh
    67] iomdhorus um an dteach i dtám
    68] sreath clár as tiormsholus taobh.

  19. p.413

  20. 69] Comhla sholus dá huaim d'ord
    70] ris an ndorus nar bhuail bard;
    71] do fuaigheadh cearcall clár ndearg
    72] gan leathtrom learg d'fhán nó d'ard.
  21. 73] Caithir fhionn as airde múr
    74] ós a cionn is gairge an ghrian;
    75] goirmlionn um an lios do ládh
    76] crios clár gcoimshliom ós chrios criad.
  22. 77] I gcathraigh Aodha an airm nua
    78] ar ngairm gacha dhaonna dhó
    79] giolla deaghbhruit duinn gach dia
    80] níor lia um sheanMhuic Truim Dhá Thó.
  23. 81] Niamh gach dhornchair bhláith san bhrugh
    82] níor dhorchaigh riamh an ráith gheal;
    83] gabhthar le trilsibh bróg mban
    84] an ród glan tirm-sin san teagh.
  24. 85] Fearb gaoithe ní ghéabha greim,
    86] ní bhéara dlaoithe dá druim
    87] don chúirt chomhlaigh easnaigh fhinn
    88] go sging chonnlaigh theasbhaigh thruim.
  25. 89] Teagh ríogh Chruachan cuma a luadh
    90] is nach uathadh urra um Aodh
    91] dá ghlaislinn fhada go n-ór
    92] fairrsing an sódh troda a thaobh.
  26. 93] Teach nach airde finnteach Floinn
    94] i n-a ghairde slinnteach soinn;
    95] níor léig Aodh an eatail fhinn,
    96] ní chlaon rinn deataigh dá druim.
  27. 97] Teach laoch ar nach luigheann smál
    98] tre nach cuireann gaoth a ghlór
    99] a froigh mhíolla an doire dhiagh
    100] ní gloine niamh fhíona a hór.
  28. 101] Mar threabhradh ar thaobhaibh eang
    102] deallradh caolaigh ós a cionn;
    103] an darbh daol thríthe níor tholl
    104] gach drong chaol don fhíthe fhionn.
  29. 105] Luaidheam cúilteagh na gclár ngorm
    106] tre n-a smál ní dúintear dealbh;
    107] teach fionn is fraoch ar a arm
    108] is balbh gaoth ós chionn a chearn.

  30. p.414

  31. 109] Faiceam tomhus na gcleath gcorr,
    110] na sreath solus, na sreath sliom,
    111] sreath do chaolach bhán go a barr
    112] clár ball gcraobhach ós a cionn.
  32. 113] Teach Í Chonchobhair Chnuic Luain
    114] go lonchoraibh ar chruit chaoin,
    115] go gcloich buabhaill, go mbuilg sréin
    116] tuaraim do néimh a chuilg chaoil.
  33. 117] Títhe láintreabhradh ós lionn
    118] do tráichtdealbhadh d'fhíthe fhionn;
    119] do sduaighdhírgheadh an teach thall
    120] go mbarr cleath snuaidhmhíngheal sliom.
  34. 121] A díol innigh fúithe fríoth
    122] d'ingir gomadh dlúithe an sgiath
    123] saor ga treabradh is ga táth
    124] re dealbhadh snáth gcaol na gcliath.
  35. 125] An bhruidhean nach cuirre cnoc
    126] do tuigheadh nach luime leac;
    127] ní léir san chur claochládh slat
    128] aonchlár dar lat an brugh breac.
  36. 129] Sreath cúpladh gcorcra ós a cionn
    130] ar dtochta búcladh fa a barr;
    131] gréas gach gallghabhla ní gearr;
    132] allmhurdha leam gléas na nGall.
  37. 133] Dá chomhlaidh chrios n-amhlach n-ard
    134] —tarbhach a slios ní slios borb—
    135] mar chaoin aighthe cúpa ó cheard
    136] gach learg dhlúthta d'aithle a hord.
  38. 137] Fuair a caoilfhiodh a sháith shaoir
    138] ar n-a dhaoineadh san ráith réidh,
    139] a buird 'n-a n-áitibh ga n-uaim
    140] mar táithtir truaill cuilg re céir.
  39. 141] Mar chaoin mbuabhall as bhreac fiodh
    142] breac nuabharr gach taoibh don teagh;
    143] fighe na coirrmhéise a cur
    144] brugh bile goirmdhéise is geal.
  40. 145] Gurab buan an teach mar tá
    146] gach neach ag a luagh ar ló
    147] dá fhoghail gidh cuin do-chiu
    148] liu don choraidh do dhluigh dhó.

  41. p.415

  42. 149] Pailís bhríoghmhar as bhláith brugh,
    150] ráith na ríoghradh, ráith na sgol,
    151] Muimhnigh Ulaidh fa bharr Breagh
    152] fear gann sa tulaigh níor thomh.

    Tomhus.