Corpus of Electronic Texts Edition
Teasda easgcara an fhiadhaigh (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.408
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Teasda easgcara an fhiadhaigh;
2] tug ar chroidhibh ceoidhiamhair;
3] easgcara ní fhuil ag oigh
4] i Muigh chneastana Criomhthoin.
- 5] Easgcara fhiadhaigh Éireann
6] Ábhartach na n-airdchéimeann;
7] níor ghein cú a sáruighthe sain
8] i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain.
- 9] Fáth tuirrse aca ní fhuil
10] subhach feasda na faolchoin
11] i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh
12] do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh.
- 13] Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios;
14] ag mucaibh allta i n-uaigneas
15] ní ba hiomdha feasda fail
16] ó theasda a mbiodhbha bunaidh.
- 17] Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn
18] leabtha suain fhiadhaigh Éireann;
19] daimh Chláir Chodhail tres an gcoin
20] dáibh ní homhain acht urchoir.
- 21] Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí;
22] uasal an t-altrom fhuair-se;
23] ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh
24] feithmheach fhuair a hoileamhain.
- 25] Díol a caointe í as a n-ucht
26] ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht
27] dá ní do dhúisigh mo
dhéar
28] do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan.
- 29] Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú
30] dalta ortha acht an t-éanchú;
31] clann Cholla fa dine dhó;
32] righe orra ag a n-iarghnó.
- 33] Dalta oile acht coiléan con
34] nó leanbh budh oidhre d'ollamh
35] brón do shíor orra re headh
36] ar shíol gColla ní chuirfeadh.
p.409
- 37] Cú dearg Osgair nar ob cath,
38] nó Sgeolang, nó Bran buadhach,
39] nó Adhnuall do b'aithghin dí
40] ag flaithghin armshluagh nÉirne.
- 41] Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn
42] san Mhumhain na múr n-aoibhinn
43] do bhí cú ren samhail sain
44] do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh.
- 45] Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line
46] iomad a héacht n-oirdnidhe
47] don triathchoin do thobhaigh geall
48] ó chonaibh iarthair Éireann.
- 49] Ar dhumha sealga ós Loch Léin
50] tuitid lálór do
chaithréim
51] ceithre doimh ós gheilleirg ghlain
52] leis an gcoin gceinndeirg gcréachtaigh.
- 53] Faolchú neimhe d'éis an áir
54] tarla dhidia do neambáidh
55] tug ar an gcoin créacht go neimh;
56] a goin níor bh'éacht i n-aisgidh.
- 57] Tuitid ar-aonanba an ghomh;
58] do dhoirt sí fuil na faolchon
59] 's do dhoirt an faolchú a fuil
60] gér ghoirt le caomhchrú Charrthaigh.
- 61] Mág Carthaigh do chosain seilbh
62] tug dealbh dearsgaighthe ar dhoidheilbh;
63] néal bróin fan éachtchoin do
b'fhearr
64] do sóigh ós réaltain Raoileann.
- 65] Gofraidh Fionn do ullmhuigh í
66] marbhna na con ad-chluintí;
67] táinig d'oide Tighe Táil
68] a fighe d'oige iomshláin.
- 69] Do mharbhnaidh chomthaigh chiallaidh
70] do chuir drong rann roidhiamhair
71] fáthGhofraidh Fionn muin ar mhuin;
72] snáthghlanfaidh sionn a samhail.
- 73] Do chumas don choin-se thoir
74] marbhna do Ghaoidhilg ghréasaigh
75] mar chéadmharbhna na con thiar
76] ar son gréagdhamhna Ghailian.
p.410
- 77] Ar measadh don mharbhnaidh thiar
78] dá maireadh tuir fhear nOirghiall
79] a buaidh do-bhéarainn dá thail
80] do-ghéabhainn uaidh a urdhail.
- 81] Ní marbhnaidh í gan fhachain;
82] cú cnis Í Chuinn Chéadchathaigh
83] tug fa fhonn n-easbhán nEamhna
84] teasghrádh trom dá tighearna.
- 85] Cuarta meincemór an tsearc
86] dá iarraidh iar n-a imtheacht
87] tug an cú croibhdhearg corcra
88] fa bhrú bhfoinnlearg bhfochanta.
- 89] Lé do cuartuigheadh na cnuic
90] 's na tighe óil d' Ú Cormuic
91] agus bruaigh na dtiormshroth dte
92] 's gach uaimh fa fhionnLoch Éirne.
- 93] Níor fhágaibh leaba 'n-ar luigh
94] fa Loch Éirne gan iarraidh
95] ná mín ná suidhe seilge
96] do ghríbh Muighe mínDeirge.
- 97] Fa dheoidh teasdatuar déire
98] do chumhaidh a cneischéile;
99] gá dú acht do-chuaidh as a cruth
100] mar nach fuair an cú a caomthach.
- 101] Teasda an chú-sa iar gcéibh na sgath;
102] ní hamhlaidh d'uaislibh Teamhrach
103] feasda im Bhóinn mbliochtchraobhaigh mBreagh;
104] ní hiontaobhaidh glóir Gaoidheal.
- 105] Ionann fáth bróin dóibh is
dí
106] Ábhartach cú fhir Éirne;
107] fada iar gcraoibh Line gach lá;
108] a fhine dá thaoibh teasdá.Teasda.
- 109] Mág Aonghusa do dháil dhamh
110] a chú 's a each 's a órbhrat
111] a-tá craobh Céise dom chrádh;
112] an fhéile dá thaobh teasdá.
- 113] Ní dhiúltfadh Conn Maisdean mé
114] um choin ná um bhrat ná um
bhuairsbré;
115] a-tá craobh Cruachan dom chrádh
116] ar n-uabhar dá thaobh teasdá.
p.411
- 117] Ní bás don té théid dá
fhios
118] flaitheas na n-óg 's na n-aingeal;
119] mairidh Beadar iar n-a bhás
120] acht gé theasda ní theasdá.Teasda.