Corpus of Electronic Texts Edition
Teallach einigh iath Laighean (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
p.402
EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
- 1] Teallach einigh iath Laighean;
2] mór gceardcha 'n-ar cumhdaigheadh
3] an ghairm nach gnáth i n-asgaidh;
4] ní hainm gan fháth fhuarasdair.
p.403
- 5] Teallach einigh Innse Néill
6] do bhí dá rádha riui-séin
7] an síol fionn-sa Nuadhadh Neacht
8] sluaghadh do b'ionnsa d'imtheacht.
- 9] Aighthe éigeas Innse Fáil
10] a-tá ó thús an domhnáin
11] ní diombuaine a ndál a-niodh
12] ar chlár lionnuaine Laighean.
- 13] Cúigeadh chloinne Cathaoir Mhóir
14] baisdear airní hainm
éagcóir
15] múr roidhil síthbheannach sliom
16] prímhtheallach oinigh Éireann.
- 17] Cia do-chluin nó do-chualaidh
18] maith mar mhaith an mhórshluaghaidh?
19] do b'iontogha olc na bhfear
20] um ghort lionntana Laighean.
- 21] Caidhe i n-éanaird d'Inis Breagh
22] a coimmeas re crích Laighean?
23] níor feas úir an oirir fhinn
24] gan dúil oinigh 'n-a inntinn.
- 25] Tarla tar éintír eile
26] dochar deiridh aimsire
27] is trom céadaslaigh na gcliar
28] ar fonn ngéagarsaidh nGailian.
- 29] Gár bheag dhúinn dá dhearbhadh sin
30] geall Athairne uair éigin
31] i n-am anaslaigh gach aoin
32] don talamh-soin chlann gCathaoir.
- 33] Don chuaird thimchill thug orra
34] a bhreith féin fuair eatorra
35] dream do aithigh anbhuain gliadh
36] ó mhaithibh glanshluaigh Gailian.
- 37] "Dream budh chuirthe i mbar gcumaidh
38] ní chluinfeam ní chualamair;
39] a-tá an geall libh, a Laighne,
40] sibh as fhearr" ar Athairne.
- 41] Tug Féidhlim mór mac Criomhthain
42] geall oinigh tar Éireannchaibh
43] don droing náir oirbheartaigh fhéil
44] dáil do oirdhearcaigh iaid-séin.
p.404
- 45] Toisg dar thriall a Caisiol Chuirc
46] mac Criomhthainfa cuaird orrdhuirc
47] d'fhagháil gliadh a ngéirreann gcruaidh
48] is giall Éireann i n-éanuair.
- 49] Fríoth leis ar lorg a chéile
50] ar feadh Fódla finnréidhe
51] géill gach Éireannaigh dar iarr
52] go féin ngéirreannaigh nGailian.
- 53] Tar éis réidhthighe riu sin
54] feadh bliadhna do bhí i Laighnibh
55] ar chuireadh an uair do fhill
56] an bhuidhean ler fhuaigh Éirinn.
- 57] D'éis breathnuighthe Banbha Breagh
58] ar gcur cúil re cath Laighean
59] maith don droing-sin tar gach ndreim
60] ar fhoillsigh an flaith Féidhlim.
- 61] "Ní fhaca mé" ar mac Criomhthain
62] "meadh dá n-uaisle d'Éireannchaibh
63] gémadh iad aithigh Laighean
64] siad ós mhaithibh measfaidhear."
- 65] Geall cháich ón ló-sain i-le
66] gnáth aca d'éis a chéile
67] na Laighin ó bheannráth Breagh
68] mairidh seanghnáth a sinnsear.
- 69] Béim orra d'éis a n-aithreadh
70] a-niodh féin ní foghaibhthear
71] na deighfhir ga ndubhradh geall
72] ar dturnamh einigh Éireann.
- 73] A-tá fear díobh go nua a-niodh
74] théighfeas teallach na sinnsear
75] i measg sluaghfhairche bhfear bhFáil
76] gan seal n-uaraighthe d'fhagháil.
- 77] Eidhre Fhiachaidh mheic Aodha
78] croidhe nar char míothaomha
79] fear comdha céadanma a shean
80] comhla ghéagabhla Ghaoidheal.
- 81] Dá mbáidhtí oineach Fhóid
Fhloinn
82] do-ghéabhthaoi gríos san gcogoill
83] fear gan amhluadh einigh air
84] ag eidhir armruadh Fhiachaidh.
p.405
- 85] Dá mbeidís righnigh re a linn
86] gan d'iomrádh acht ainm Fhéidhlim
87] do aithbheodhaigh an ainm sin
88] gairm an chaithleomhain cheirdigh.
- 89] Ar gcaitheamh einigh Fear bhFáil
90] téid-sean i dtús a iomráidh
91] uain an ualaigh-sin ní fhuil
92] 'ga ghruaidh nualuisnigh náraigh.
- 93] Mar fhéachas dá onóir féin
94] féachtar leislór dó
dheighmhéin
95] croidhe as fhraochaibche i gcrú chleath
96] do chlú laochaicme Laighneach.
- 97] Nach mór d'Fhéidhlim mhac Fhiachaidh
98] díon Laighneach ar lainnfhiachaibh
99] coimhfhéagaidh ó eing go heing
100] don eing fhoighéagaigh fhairrsing.
- 101] Ní fhuigheadh Laighneach re a linn
102] béim ris nach beadhgfadh Féidhlim
103] méad a imnidh fa chúis cháigh
104] 'n-a ghnúis tibhrigh 'n-a teannáil.
- 105] Do bhí an gnáith-sin uair eile
106] 'gun mhílidh mhac Deichtire
107] troigh fa siobhlaighe ag cur cath
108] ar son ionghaire Ultach.
- 109] An t-aoinfhear do b'fhaide uaidh
110] i gcrích Eamhna an fhuinn fhionnfhuair
111] do dheargfadh a dhímhiadh sain
112] ríniadh ceardchan an chleasraidh.
- 113] Cú Chuluinn na gcleas ngoile
114] Cnoc Fionnchairn na Foraire
115] fa ráith choimhfheithmhe don choin
116] i ndáich oireichle d'Ultaibh.
- 117] Fiú éinchreiche níor fhiu leis
118] gá dámaid do dhul thairis;
119] leor é fan am-sa d'fhaire
120] sé ar an gcarn-sa i gcomhnaidhe.
- 121] Níor ghnáth leisní
léigeadh sain
122] aghaidh deoraidh fa dhiomdhaidh;
123] fa deaghcangnamh dál na Con
124] fa chlár eatalghlan Uladh.
p.406
- 125] Ag cosnamh a gclú 's a gcreach
126] do bhíodh an bheithir nimhneach;
127] ag coimhfhéagsain do chrú Ír
128] fa troighéasgaidh Cú an chleitín.
- 129] Coimhéad dan mac samhla sain
130] do-ní Féidhlim mac Fiachaidh
131] do Laighneachaibh toir is tiar
132] ar moigh ghlainleathain Ghailian.
- 133] A mbiodhbhaidh do bhreith a ngill
134] ní guais leo le linn Féidhlim,
135] ná lotadhnadh a ngruadh nglan
136] d'fhocalghamh druadh ná deoradh.
- 137] Cúis béime le a mbeadhgfadh sin
138] ní fhuighe aonmhac Laighnigh
139] tre lios eithreach bhfoighéag bhFinn
140] tar coimhéad bhfeithmheach bhFéidhlim.
- 141] I ndoras báis, i mbreith gill
142] fear a saortha is sé Féidhlim,
143] eo saorchuain bhailbhealtaigh Bhreagh
144] tairngeartaidh laochshluagh Laighean.
- 145] Fear ler hóradh a aicme,
146] fear as truime tiodhlaicthe,
147] fear as mheasardha do mhodh,
148] fear as easumhla d'uabhar.
- 149] Fear as leomhanda ag léim treas,
150] fear as réidhe ag riar éigeas,
151] fear as aimhréidhe i n-uair cean
152] do chruaidh ghlainfhréimhe Gaoidheal.
- 153] Ní hónna acht re haighthibh cliar,
154] ní lonn acht ag léim caithghliadh,
155] ní frithir acht feadh smachta,
156] sreabh fhichidh na hannsachta.
- 157] Cruaidh fa rún, réidh fa mhaoinibh
158] aigneadh an duinn dreachfhaoilidh;
159] mín re héidtréan, teann re
tréan
160] géigfhréamh as ceann dá
chinéal.
- 161] Bradán Life na learg sean
162] posd einigh íochtair Laighean
163] brat caomhdhaigh fásfhairche Fáil
164] aonghoin bhásaighthe bandáil.
p.407
- 165] Ursa cogaidh, ceann síodha,
166] dídean cirt, cosg fairbríogha,
167] doras céadágha cláir Breagh,
168] dáigh éadála na n-aoigheadh.
- 169] Cinnlitear clú na mBranach
170] tús teasda tá ar neamhfhalach
171] dortadh créachtfhuile i gcrú sleagh,
172] clú nach féadfaidhe d'fhilleadh.
- 173] Donn failgheach fine Chathaoir,
174] gnúis dil nar dhearg gríostathaoir,
175] fíorbhun labhartha Mo-Ling,
176] díoghbhadh anorchra d'Éirinn.
- 177] Mac meic Aodha na n-arm ngéar,
178] mórádh ceall, cumhdach
éidtréan,
179] draig shuilbhir, troigh re teannta,
180] muir go ndruimnibh díleannta.
- 181] Labhairt as lugha ná a ghníomh
182] sníomh easaonta na n-airdríogh,
183] séad robhuadha ráithe Néill,
184] snáithe comhuama a cheinéil.
- 185] An dá Aodh do imthigh uam
186] m'aos cumtha, crobhuing dhiombuan,
187] do imthigh mo thréan le a dteann
188] mar éan ór imthigh eiteall.Teallach.
- 189] Inghean Fhiachaidh earla lag
190] níor oircheas dúinn a dearmad
191] meanma chobhsaidh nar char séad
192] níor chosmhail damh, ní dheirméad.
- 193] Ní dheirméad-sa an deaghbharr slim
194] ná an glór féata focailbhinn
195] ná an sdíom chorramhlaigh cúil
chais
196] ná an tsúil mhongfhabhraigh mhallghlais.
- 197] Searc aoidheadh, iomchar ainbhreath,
198] gein bhuadha ban ríoghLaighneach,
199] rosg glainshliom fa ngrianlas síon
200] nach ainghionn fhiabhras airdríogh.
- 201] Fuair Úna ó ógmhnáibh
Banbha
202] barr éagcoisg is urlabhra;
203] tearc meadh don bhriatharthaoi bhinn
204] ar feadh iatharchraoi Fhéidhlim.Teallach.