Corpus of Electronic Texts Edition
Teach carad do-chiu folamh (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.400

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Teach carad do-chiu folamh,
    2] teach as ionnsa d'fholmhoghadh;
    3] a bheith mar tá is caoi croidhe,
    4] do bhaoi lá badh líonmhaire.
  2. 5] Maith fear ler tógbhadh an teach,
    6] maith teach a-tá go huaigneach,
    7] maith bruidhean do bhí sonna
    8] gur cuireadh í i n-athchuma.
  3. 9] Conchobhar Ó Briain Bhearbha
    10] don toigh-se fa tighearna;
    11] rian an toighe mar a-tá
    12] mo chroidhe im chliabh do chlaochlá.
  4. 13] Gé tá 'n-a hadhbhaidh fholaimh
    14] bruidhean chúplach Conchobhair,
    15] do bhí ag loighe ar a lár sain
    16] a lán roimhe do ríoghraidh.
  5. 17] Meinic do bhí meadhair mhór
    18] san toigh-sin a-tá ar anshógh
    19] taraidh mé gion gur sean sinn
    20] gan teagh amhail é i n-Éirinn.
  6. 21] Ins an leath úd thall don tigh
    22] do bhídis laochradh Luimnigh,
    23] gach file dá dhíol 'gun droing,
    24] fíon dá ibhe go hursoinn.
  7. 25] San ursainn-se ar m'aghaidh thoir
    26] do bhíodh rí Rátha Chobhthaigh;
    27] sé i gcriaidh dom chur i n-ísle
    28] gar d'Ú Bhriain do bhímis-ne.
  8. 29] A lán san leath-so a-bhus
    30] d'ollamhnaibh 'ma ucht sholas;
    31] fairbríogh a bhfaghbhadh an dream
    32] ó adhbhar airdríogh Éireann.
  9. 33] A fhilidh, a aos dána,
    34] a bhreithimh, a bhandála,
    35] go reich an orsuinn oile
    36] im chleith mboschuirr mBóroimhe.

  10. p.401

  11. 37] An lá-sain gér lán an teagh,
    38] a-tá sé mar nar saoileadh
    39] teagh Muighe Fearta folamh
    40] leabtha an toighe ar dtrochloghadh.
  12. 41] Gan mhná i bhfochair na bhfuinneog,
    42] gan imirt san orsainn-eod,
    43] gan ól, gan adhnadh soillse,
    44] mór an t-adhbhar athtuirse.
  13. 45] Fachain mar soin rug don Róimh
    46] Mac Giolla Caoimh fhuair onóir
    47] dar ghabh an iris do b'fhearr
    48] dar sgar re hinis Éireann.
  14. 49] Fleadh do tionnsgnadh uair oile
    50] i Longphurt Bhriain Bhóroimhe;
    51] an fhleadh an uair do b'abaidh
    52] na sluaigh is-teagh tángadair.
  15. 53] I longphurt Bhriain na mbárc sean
    54] seacht laithe d'fhearaibh Éireann;
    55] i gcionn seacht laithe don fhleidh
    56] na maithe ag teacht dá dtighthibh.
  16. 57] A-dubhairt ar dteacht is-teach
    58] an file uasal airgtheach:
    59] "raghaidh trá an saoghal mar so;
    60] 'n-a aonar a-tá an teagh-so."
  17. 61] Mac Giolla Caoimh do-chiu ar dteacht
    62] is fir Éireann ar n-imtheacht
    63] teagh Briain mar a-tá an teagh-so
    64] an lá i ndiaidh na ndeighfhear-so.
  18. 65] Gabhais éigeas Innse Fáil
    66] tres an gcúis-sin i gcéadáir
    67] ceileabhradh do Bhrian na mbeann
    68] is d'fhiadh eidheanghlan Éireann.
  19. 69] Adhbhar oilithrigh bhunaidh
    70] réim tighe chuirr Chonchobhair;
    71] don Róimh do ba dulta dhe
    72] dá dtugtha t'óidh don inmhe.
  20. 73] Aithris an fhileadh reimhe
    74] rochtain go Róimh n-aingleidhe
    75] —ní fleadh feasda badh díor dhamh—
    76] teasda dhíom gan a dhéanamh.

  21. p.402

  22. 77] Connradh do-rónsam a-raon
    78] is inn i n-aois dá mhacaomh
    79] —a-tá tuirse ar gcúl dom char—
    80] san toigh-se dún ga dhéanamh.
  23. 81] Is eadh do bhí do-san de
    82] rann ar gach nduain dar ndáin-ne;
    83] each gach bliadhna do bhí dhamh;
    84] rí Liamhna nocha locfadh.
  24. 85] Mac Toirdhealbhaigh—tochrádh leam—
    86] níor léig Dia dó díon Éireann;
    87] tres an méirsheang bhfial bhfaoilteach
    88] fian Éireann go héagcaointeach.

    Teach.

  25. 89] Ionmhuin teagh 'n-a bhfuil a lán
    90] teagh mheic Domhnaill Dhúin Iomdhán;
    91] a ndoimheanma ag dul dar sgoil
    92] i mbrugh oireaghdha Eoghain.
  26. 93] Teagh eile ina hannsa mé
    94] teagh Í Shúilleabháin Shiuire;
    95] rí tromaicme Briain ad-bhath,
    96] dar gcomairce biaidh Buadhach.
  27. 97] I dtigh Thaidhg ní thraothfa ar muirn
    98] ar brú Locha Léin lánghuirm;
    99] ar gcúl do-chuaidh ar gcumha
    100] uain i ndún Í Dhonnchadha.
  28. 101] I ndóigh go dtuairfinn a theagh
    102] guidhfidh mé Míchéal aingeal;
    103] mairg nach raghadh san teagh the
    104] treabh i n-a bhfaghar fáilte.

    Teac.