Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Teach carad do-chiu folamh
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry
Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft.
Extent of text: 1349 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (1997) (2010) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402139
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Dublin, Royal Irish Academy, MS 1, 126 (alias 23 D 14: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 145 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 488, 126 (alias 23 N 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 11).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 380, 234 (alias 24 B 9: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 9).
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Teach carad do-chiu folamh in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication Office] (1938) page 400402
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
Quotation marks are temporarily retained.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation
div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet
Date range: c.12001600.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402139
Teach carad do-chiu folamh: Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
p.400
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Teach carad do-chiu folamh,
2] teach as ionnsa d'fholmhoghadh;
3] a bheith mar tá is caoi croidhe,
4] do bhaoi lá badh líonmhaire.
- 5] Maith fear ler tógbhadh an teach,
6] maith teach a-tá go huaigneach,
7] maith bruidhean do bhí sonna
8] gur cuireadh í i n-athchuma.
- 9] Conchobhar Ó Briain Bhearbha
10] don toigh-se fa tighearna;
11] rian an toighe mar a-tá
12] mo chroidhe im chliabh do chlaochlá.
- 13] Gé tá 'n-a hadhbhaidh fholaimh
14] bruidhean chúplach Conchobhair,
15] do bhí ag loighe ar a lár sain
16] a lán roimhe do ríoghraidh.
- 17] Meinic do bhí meadhair mhór
18] san toigh-sin a-tá ar anshógh
19] taraidh mé gion gur sean sinn
20] gan teagh amhail é i n-Éirinn.
- 21] Ins an leath úd thall don tigh
22] do bhídis laochradh Luimnigh,
23] gach file dá dhíol 'gun droing,
24] fíon dá ibhe go hursoinn.
- 25] San ursainn-se ar m'aghaidh thoir
26] do bhíodh rí Rátha Chobhthaigh;
27] sé i gcriaidh dom chur i n-ísle
28] gar d'Ú Bhriain do bhímis-ne.
- 29] A lán san leath-so a-bhus
30] d'ollamhnaibh 'ma ucht sholas;
31] fairbríogh a bhfaghbhadh an dream
32] ó adhbhar airdríogh Éireann.
- 33] A fhilidh, a aos dána,
34] a bhreithimh, a bhandála,
35] go reich an orsuinn oile
36] im chleith mboschuirr mBóroimhe.
p.401
- 37] An lá-sain gér lán an teagh,
38] a-tá sé mar nar saoileadh
39] teagh Muighe Fearta folamh
40] leabtha an toighe ar dtrochloghadh.
- 41] Gan mhná i bhfochair na bhfuinneog,
42] gan imirt san orsainn-eod,
43] gan ól, gan adhnadh soillse,
44] mór an t-adhbhar athtuirse.
- 45] Fachain mar soin rug don Róimh
46] Mac Giolla Caoimh fhuair onóir
47] dar ghabh an iris do b'fhearr
48] dar sgar re hinis Éireann.
- 49] Fleadh do tionnsgnadh uair oile
50] i Longphurt Bhriain Bhóroimhe;
51] an fhleadh an uair do b'abaidh
52] na sluaigh is-teagh tángadair.
- 53] I longphurt Bhriain na mbárc sean
54] seacht laithe d'fhearaibh Éireann;
55] i gcionn seacht laithe don fhleidh
56] na maithe ag teacht dá dtighthibh.
- 57] A-dubhairt ar dteacht is-teach
58] an file uasal airgtheach:
59] "raghaidh trá an saoghal mar so;
60] 'n-a aonar a-tá an teagh-so."
- 61] Mac Giolla Caoimh do-chiu ar dteacht
62] is fir Éireann ar n-imtheacht
63] teagh Briain mar a-tá an teagh-so
64] an lá i ndiaidh na ndeighfhear-so.
- 65] Gabhais éigeas Innse Fáil
66] tres an gcúis-sin i gcéadáir
67] ceileabhradh do Bhrian na mbeann
68] is d'fhiadh eidheanghlan Éireann.
- 69] Adhbhar oilithrigh bhunaidh
70] réim tighe chuirr Chonchobhair;
71] don Róimh do ba dulta dhe
72] dá dtugtha t'óidh don inmhe.
- 73] Aithris an fhileadh reimhe
74] rochtain go Róimh n-aingleidhe
75] ní fleadh feasda badh díor
dhamh
76] teasda dhíom gan a dhéanamh.
p.402
- 77] Connradh do-rónsam a-raon
78] is inn i n-aois dá mhacaomh
79] a-tá tuirse ar gcúl dom char
80] san toigh-se dún ga dhéanamh.
- 81] Is eadh do bhí do-san de
82] rann ar gach nduain dar ndáin-ne;
83] each gach bliadhna do bhí dhamh;
84] rí Liamhna nocha locfadh.
- 85] Mac Toirdhealbhaightochrádh leam
86] níor léig Dia dó díon
Éireann;
87] tres an méirsheang bhfial bhfaoilteach
88] fian Éireann go héagcaointeach.Teach.
- 89] Ionmhuin teagh 'n-a bhfuil a lán
90] teagh mheic Domhnaill Dhúin Iomdhán;
91] a ndoimheanma ag dul dar sgoil
92] i mbrugh oireaghdha Eoghain.
- 93] Teagh eile ina hannsa mé
94] teagh Í Shúilleabháin Shiuire;
95] rí tromaicme Briain ad-bhath,
96] dar gcomairce biaidh Buadhach.
- 97] I dtigh Thaidhg ní thraothfa ar muirn
98] ar brú Locha Léin lánghuirm;
99] ar gcúl do-chuaidh ar gcumha
100] uain i ndún Í Dhonnchadha.
- 101] I ndóigh go dtuairfinn a theagh
102] guidhfidh mé Míchéal aingeal;
103] mairg nach raghadh san teagh the
104] treabh i n-a bhfaghar fáilte.Teac.