Corpus of Electronic Texts Edition
Slán fat fholcadh (Author: Tadhg Mór Ó hUiginn)
p.394
TADHG MÓR Ó hUIGINN cct.
- 1] Slán fat fholcadh
2] a Fhionnghuala réidh roicheolchar;
3] th'fholt idir é
4] ní fhidir mé nach moitheochthar.
- 5] Slán fat fholcadh
6] 's fa fhighe th'fhuilt fhiarchlaidhigh
7] sé is th'óige ort
8] is móide ar an fholt mh'fhiafraighidh.
- 9] Slán fa dhíorghadh
10] do dhíshleachta shlim shlaitleabhair,
11] a mhall mhilis,
12] a bharr 'n-a thrilis taitneamhail.
- 13] Slán fa chíoradh
14] do chúil as caomh re a shíorfhaicsin;
15] gurab soraidh
16] gurab cobhuidh don chíoraidh-sin.
p.395
- 17] Ar gcíoradh th'fhuilt
18] usuide dhamh a dheaghmholadh
19] gach clann chleachtach
20] id bharr leabthach ag leabhroghadh.
- 21] Gach uair fhoilce
22] th'earla bhíos ag breith ailtbhisigh
23] mar ghrein ngairthe
24] do néimh a haithle an fhailcei-sin.
- 25] Cros Críosd thorad
26] tearc th'aithghin ar bioth barrbhuidhe;
27] ná rabh tres an bhfolt bhfionnbhuidhe
28] ort amhghoire.
- 29] Aigmhéil dá bharr
30] béim súl ar chách re a chladhfhaicsin;
31] tú as caoimhe i gcurp
32] naoidhe fan fhult an aghaidh-sin.
- 33] An aghaidh óg
34] fan fholt bhíos 'n-a bharr dhronglánach
35] bíd is beid dí go deaghshnuadhach
36] 's sí soghrádhach.
- 37] Soghrádhach thú
38] ós do thír lisleabhair longclannaigh;
39] a chnú ar gcraoibhe
40] 's tú bhus caoimhe do-chonncamair.
- 41] Gér chaomh ar dtús
42] thú re figheadh th'fhuilt fhionnbhuadha
43] tug luach eich ort
44] do bheith fa fholt, a Fhionnghuala.
- 45] Áluinn fan fholt
46] th'aghaidh chorcra mar chéadshaimhghréin
47] th'fholt mar fhalaigh
48] ag tocht tar th'aghaidh n-éadainréidh.
- 49] Réidh an t-éadan
50] ar aghaidh th'fhuilt troim thaithneamhaigh
51] na gcleathrámh gcraobh
52] ós an ngealchlár gcaomh gcailceamhail.
- 53] Mailghe caola
54] ós chionn do cheathra gcraobhfhabhra
55] aonsduaim orra
56] dá chaolsduaidh dhonna dhaolamhla.
p.396
- 57] Tearc san chruinne
58] comhchaomh do rosg mall mongdhathta;
59] géagcruinn gruaidhe
60] dá réatlainn uaine ogradhta.
- 61] Gruaidhe donna
62] dá ndéantar dán saor sreathmholta
63] leaca as saor snuadh
64] le taobh do dá ghruadh ngealchorcra.
- 65] Béal dearg tana
66] tug dhuit Diadéana a altoghadh
67] a chrann cubhra,
68] a bharr mar ubhla ar n-abghughadh.
- 69] Deirge iná subh
70] snuadh do leacan re a lánfhaicsin
71] do bhráighe bhláith
72] i mbáine bhláith don bhrághaid-sin.
- 73] Cíghe troma
74] ós do thaobh tárraidh mochbhuadha;
75] ní fhuil fa ucht
76] a-muigh ar curp a gcomhchuanna.
- 77] Ucht mar eala
78] agad, a chall glan gealchoilleach;
79] slios caomh cladhach
80] do thaobh mar chanach gCreamhchoilleach.
- 81] Braine mar bhláth
82] do bharr mar ór, crodh caomhuingeach;
83] folt clúmhraon gcam
84] ort, a ghlúnmhaol mhall mhaoluilleach.
- 85] Cuanna caomha
86] do dá cholbtha, a chraobh ghealthoirtheach;
87] beaga bhláthbhuinn
88] 's iad seada sálchruinn seangthroightheach.
- 89] Milis do ghlór
90] a ghéag mhall Mhoighe Finnei-sin
91]
[gap: extent: 1 line]
92]
[gap: extent: 1 line]
- 93] Téighid sginge
94] do sgarlóid chorcra chorrtharaigh
95] th'ucht slimgheal saor,
96] a inghean chaomh Í Chonchobhair.
p.397
- 97] Do néimh th'aighthe
98] do áilnigh th'fholt cas claonbhuidhe
99] fionnNuadha Fáil
100] a Fhionnghuala Chláir Caonruighe.
- 101] Nuadha Fionn Fáil
102] fuair a cruth ríoghdha ronua-san
103] ó Nuadha a-nuas
104] ní chuala cluas a chomhuasal.
- 105] Ríoghradh Éireann
106] umut earla mar ghléidheaghór
107] go Conn na gcuan
108] is an drong uadh go hÉireamhón.
- 109] Níor fhás achd rígh
110] is ríoghna 'mod rosg ndeaghshádhal
111] callros fa chnuas
112] ó Mhaghnus suas go seanÁdhamh.
- 113] Cia do righeadh
114] riot, a ríoghan nach rosggruamdha,
115] cia ad-chluin nó ad-chí
116] go bfuil i gclí do chomhsduamdha?
- 117] Comhsduamdha ód láimh,
118] a lacha áluinn aoigheadhach,
119] gach béas banda
120] eidir ghréas Ghallda is Ghaoidhealach.
- 121] Id bhruidhin bhric
122] bídh re béalaibh bhan lámhdhaidhe
123] fíon fuar finngheal
124] ód chuan, a inghean Árlaidhe.
- 125] A Fhionnghuala,
126] a ucht mar bhláth saor subhlosa,
127] a inghean ghlan mhall Mhaghnusa,
128] a chrann cumhra-sa.
- 129] Biaidh red reimhis,
130] a ríoghan Chruachna coillghile
131] mar do bhaoibean
132] gan mhnaoi gan fhear 'ga hoirbhire.
- 133] Gnáth as dual dhuid
134] is a dhéanamh ar dhánmholadh
135] gan bheirt ar bhoin
136] gan fheirc ar ghroigh do
ghrándoghadh.
p.398
- 137] Dual ót athair
138] a Fhionnghuala, a fholt maoithghleannach,
139] bheith ag díol dámh,
140] an fíon 's an dán do dhaoircheannach.
- 141] Dual dod bhais bhláith
142] bheith don aos dána ag druineachas
143] ceird cridhe ar crioth
144] gach file ar bioth dod bhuidheachas.
- 145] Dual duid dá mbeath
146] ni budh beag d'fheidhm ná d'ordughadh
147] Banbha ar do bhreith
148] mallbha agus eich ar mh'ordughadh.
- 149] Dual duid mé id thig
150] ag toirbheart chliar gach chineadhaigh
151] d'fhoghluim ionnlais
152] ag comhruinn ionnmhais d'fhileadhaibh.
- 153] Th'ór is th'airgead
154] agam uaid ag a thiodhnacal,
155] gach ní fa nimh
156] dá mbí id thigh ar mo thiodhlacadh.
- 157] Dual duid gach dámh
158] do dhol leam d'fhéachain th'fhinntighe
159] tú ag réir a rann
160] gan chléir ann achd ar mh'impidhe.
- 161] Dual duit gach magh
162] 's gach móin go dtolchaibh tiormruadha
163] lán dod lachtchrodh;
164] slán fat fhalcadh, a Fhionnghuala.Slán.