Corpus of Electronic Texts Edition
Rannam le chéile a chlann Uilliam (Author: Unknown)

p.379

  1. 1] Rannam le chéile a chlann Uilliam
    2] Inis Banbha
    3] ó tharla ag buaidhreadh críoch gConnla
    4] fíoch bhar bhfaghla.
  2. 5] Do sguir cogadh cur dá choimhthréan
    6] fa cheann tíre;
    7] do cleachtadh riamh ag cloinn Créidhe
    8] roinn na ríghe.
  3. 9] Iomdha roinn do-roinneadh uirre
    10] aithnidh dhamh-sa
    11] munbadh mall don oireacht fhionn-sa
    12] toigheacht tharsa.
  4. 13] Do roinn Éireamhón is Éimhear
    14] Inis Ealga;
    15] do roinn Fearon Éar is Orba
    16] a féar re Feargna.
  5. 17] Do roinn clann daighmhín an Daghdha
    18] ainmhín fheardha,
    19] do roinn Eoghan is Conn Cnodhbha
    20] fonn na feadhna;
    21] do roinn Sobhairce brugh Banbha
    22] 's an cur Cearmna.
  6. 23] Déanam do nós na ríogh romhuinn
    24] roinn an achaidh;
    25] beith dá roinn ní mé nach mothuigh
    26] 's is é m'fhachain
    27] níor chleacht mei-se, gidh méin meathaidh,
    28] céim i gcathaibh,
    29] 's ní meisde rí gan a rathail
    30] ar tí tachair.
  7. 31] Do-bhéar dhaoibh-se, a dhaighshliocht Uilliam
    32] obas chomha,
    33] ní fuil acht ar gcroinn do chora
    34] roinn as rogha.
  8. 35] Rannfa mei-se ós mé do fhidir
    36] aithne a dtórann
    37] i ndíbh leithibh críoch fhuar Éireann
    38] na gcuan gcnódhonn.

  9. p.380

  10. 39] Do-ním leath do Leitir Maoláin
    40] nach mín muighe
    41] tír ar a gceiltear néall nimhe
    42] fan tréan tuile
    43] tír i leaghann sneachta ag snighe
    44] dearca duine;
    45] do-ním leath mar éineing oile
    46] d'Éirinn uile.


& gidh bé i nÉirinn go huilidhe nó go hiomlán
a-déaradh tré choir n- ionnluigh nó eadarchasaoide
nó ithiomráidh gurab aincheart éagcomhthrom do-roinneadh
an roinn-se, a-tá an tsein-bhriathar
ealadhanta ughdardha ón fhilidh láin-cheart Laidionda
leam-sa dá lán-chosnamh; & is í an tsein-bhriathar
sin: ‘Quidquid in duas partes dividitur altera
pars semi dicitur’ eadhón, gidh bé ní fhodháiltear
nó ranntar i ndíbh rannaibh, a-dearar leath
ris an dara rann, gion gurb leath chomhthrom í.
Ar an adhbhar sain, do chothughadh an chomhráidh-sin
& do dhearbhadh na deaghronna do-bheirim-se rogha
gan fhreasabhra do chloinn an Iarla do na hurrannaibh
sin. Óir do fheadar nach fuláir dhóibh fairrsinge
na Fódla dá mbuidhnibh & imle uicht-leathna
na hÉireann re hiomchur a n-anmhuirir; is léigid
damh-sa an eang anshaidhbhir eassádhail anshochair
iomchumhang úd.

  1. 47] Ótha Éighneach go hucht gColláin
    48] mar chuid tíre
    49] beag nach bhfuilid i gcló a chéile
    50] mun mó míle;
    51] níor ghabh duine iadh budh fhuaire
    52] riamh is ríghe.
  2. 53] D'urláimh I Bhriain—beag dá dtug-tha
    54] toil don dúthaigh—
    55] gabhaim i mbeinn Fhuinn Fhiachaidh
    56] eing gcruinn gcúthail;
    57] léigim gan fhógra gan fhéachain
    58] Fódla fúthaibh.

  3. p.381

  4. 59] Ní cúis béime gidh bé mheasas
    60] méad mo leathtruim
    61] a léigim d'iath Chuinn tar ceartroinn
    62] don druing dhreachcoirr.
  5. 63] Gidh bé mheasas mire a bhféinneadh
    64] 's a bhfear ndiombog
    65] ní mo chean rí ris a ronnad
    66] í 's a n-iomad.
  6. 67] Gidh bé mheasas méad a gceannaigh
    68] ar chríoch nGaoidheal
    69] fulung a n-éacht is a n-áladh
    70] créacht a gcaoilshleagh.
  7. 71] Gidh bé mheasas mionca a sluaighcreach
    72] tar slios tíre
    73] ní guais leam é do bhuing béime
    74] fan roinn ríghe.
  8. 75] Gidh bé mheasas méad a gconfaidh
    76] ag cur catha
    77] beag nach dearna dearg a ndreacha
    78] fearg a bhflatha.
  9. 79] Dul dá bhféachain ní fiú ceirt-leath
    80] críche hÉireann
    81] briocht a sgiath, cailce a gcaollann,
    82] bailce a mbéimeann,
    83] a bhfál craoiseach go gceo chródhonn
    84] leo 'n-a léibheann,
    85] a sluagh 'n-a n-éanbhróin áigh d'iarann,
    86] gráin a ngéirreann.
  10. 87] Clann an Iarla ó imlibh Deirg Deirc
    88] dream as ionnsa;
    89] ní clann mar gach gcloinn an chlann-sa
    90] ga roinn riom-sa;
    91] ní fhuil líon a gcoisgthe go ceannsa
    92] acht an prionnsa.


Óir ní fhuil líon a gcoisgthe nó ceannsuighth-
nó ceartuighthe na cuideachta sain acht an t-aoine
Dia adhartha uile-chumhachta; nó prionnsa sochraidh
sochrotha saidhbhir slóigh- líonmhar Sacsan lé sair-mhínighthear
gach saor-shluagh dá shíor-chogadh; nó
guais & omhan & imeagla na sé n-onchon n-ainbhle


p.382


n-aigmhéil atáid agam-sa, do céad-tógbhadh
ag Cridhinbhéal Cáinte, & do hoileadh as a haitle
ag Néidhe fhaobhrach fheochair-bhriathrach mac Adhna,
& i na dhiaidh sin ag Dallán fhíor-eolach fhíor-fhoghlumtha
Forghuill, is ag Seanchán shíor-dhoiligh
shein-fhile; is a-táid agam-sa is an uair-se re
haghaidh gach aoin d'uaislibh is d'ardmhaithibh na
hÉireann do shainteochadh m'fhoghail nó m'argain nó
m'inghreim, dá gcognadh is dá gcnáimh- ghearradh;
& is iad anmanna na n-onchon sain On & Ainimh &
Aithis & Gríos & Glámh & Goirt- bhriathra; & muna thí
m'fhortacht nó m'fhóirithín nó m'eadráin nó
m'anacal do na huasail-ionnsdruimintibh sin, ní
hinmheasda gur culadh cumhdaigh nó cosanta nó
coiméadta ar mo chreach-argain an toicheasdal
liosda láin-mhíothapaidh, is an fhiann anbhfann
éagcruaidh & an
chuideachta cheann-trom chriothánach
chomh-anfadhach
chruinnigheas i n-oireachtas im
uirthimcheall i n-aimsir eagla nó fuachtana nó
foiréigin nó
re linn robhaidh nó ruthaigh do
rochtain; & is í as culadh cogaidh nó cathaighthe don
chuideachta sin .i. a meilleoga meirgeacha
mainnt-bhéalacha ar n-a gceangal is ar n-a gcruadh-chuibhreach
dá gcreasaibh cruadh-shúgán tar a
gcorp-thaobhaibh,
is a dtuagha coimhleathna caoil-bhráighdeacha
cúl-chroma coimh-ghearra connaidh,
is a gcorráin cama cír- ghéara ar n-a gcomh-shuidhiughadh
fa na gcreasaibh céadna go comh-dhaingean,
is a bhfiodhbhaca líomhtha leacan- chruaidhe
ainghéara 'na leath- lámhaibh leo; is ní
hionann don damhraidh fhaobhraigh arm- chorcra
ar a n-iarraim-se comhroinn críche & forba &
fineachais
& fearainn uair iadhaid i n-uirthimcheall
a n-ard-fhlatha sna gcipeadhaibh dá imchosnamh.

  1. 93] Comhdhlúith a gcath 'n-a mbróin bhodhbhdha
    94] nach dóigh diomdha;
    95] bearn a himeal na bhfear bhfeardha
    96] ní bhean biodhbha
    97] re dlús lúireach ngarbh is gormgha
    98] agus arm n-iomdha.

  2. p.383

  3. 99] Iomdha leo ag léim gacha troda
    100] —budh tuar buaidhridh—
    101] searrach seang ag bleith a béalbhaigh
    102] 's beann eich uaibhrigh;
    103] mo chion budh réidh ris an ríoghraidh
    104] mir séimh suaimhnigh.
  4. 105] Iomdha cotún coiléir rionnta
    106] go ró deallraidh
    107] is feilm chorr tar dheirc go duilbhir
    108] 's beirt trom treabhraidh.
  5. 109] Iomdha ar droing nach dóigh do fhreasdal
    110] don fhréimh Bhúrcaigh
    111] sgiath le n-aincear com ar créachtghoin
    112] donn ó dhrúchtfhuil,
    113] caomhthach sging ag loinn nach leontar,
    114] croinn 'n-a 'gcúplaibh
    115] 'ga mbí iolar arm i n-éachtaibh
    116] 's badhbh ag brúchtaigh.
  6. 117] Iomdha donnshlat dhíobras saighde
    118] is sreang ga lúbadh,
    119] biorchrainn caola as réidh do ruagadh
    120] céir dá gclúdadh,
    121] gunna chuireas d'fheidhm ar óigfhear
    122] sgeinm gan sgrúdadh,
    123] ó mbí fear a gléasda gruadhdubh
    124] pléasga púdar.
  7. 125] Iomdha le a gcois—cia ar nach leathtrom—
    126] laoch mar Oghmha
    127] le gcuirthear cuairt ar feadh feadhma
    128] fear duairc dorrdha,
    129] gille nar ligh dlaoi ar a dhiomdha,
    130] saoi fhir fhoghla,
    131] fear croithte craoiseach go calma,
    132] taoiseach tromdha.


Is gidh tromdha tathaoireach tarchuisneach atáim-se
ar an dtulán sruithmheirgeach sléibhe so, ní
mó ná meanma is mór-aigneadh cloinne ionnsaighthighe
éicht-bheodha oirdhearca urramhanta an
Iarla go n-a n-óigríoghraidh uaibhrigh alláta i n-a


p.384


n-uirthimcheall an uair shuidhid ar sleasaibh réidhe
a ríogh-bhruighean ag ól a bhfleadh bhfíor- uasal
bhfíneamhna & a ndeochann ngarbh ngabháltach, ar
bhfás ruithneadh is ruamannachta i n-a ríoghgnúisibh
ag éisteacht re dréachtaibh & re duan-laoidhibh
a sean is a sinnsear gá soluis-reic
i mbéalaibh reacaireadh is ríogh-bhard; ná mór-aigneadh
na muinntrei-se an uair shuidhid i n-a
mbothógaibh crom-lúbánacha creat-lomnochta ag
comhól ar a chéile dá gcoidhinibh béil-fhliucha
blaithche is dá dtobannaibh mór-chluasacha
meidhge bruidearnaighe, & ag éisteacht re
hagallaimh is re holl-ghlór a n-ainminnteadh n- éigciallaidh
'na n-uirthimcheal is gach aon aca ag
tabhairt aithne go hurmhaisneach ar uraghall is ar
fhoirbhéicigh gacha hainmhidhe seach ar oile; is
éirghid a bhfonn is a bhfíor-aigneadh le n-a bhfrais-ghéimnigh
sin & tógbhaid coimh- shéis crónáin i n-a
gcoinne. Is ar an adhbhar sain
ó tharla ceart-rogha
chinnte don ordughadh sin ag gach aon fa leith
dar laoch-mhuinntir, is eadh as indéanta ann
daingniughadh go cinnte ar an gceart-roinn &
snadhmadh solus ar an síothcháin & cuir & teannta &
treabhaire do ghabháil ar gach taobh ré tréan-chomhall
dá cheile gan ghabháil baile nó brághad
gan ghluasacht ceana nó creiche ó neachtar uainn
ar ar oile amhlaidh.

  1. 133] Gabhthar geall ag na mnáibh muile
    134] re cnáimh coire;
    135] ní gnáth ar meisge ó fhíon d'ibhe
    136] an míol muighe;
    137] meinic do ligh le fear faire
    138] bean fhir oile;
    139] cuirthear neamhdháil duas ar dhuine
    140] 'n-a chruas croidhe.
  2. 141] Léigeam dínn ar saobhnós seachráin;
    142] snadhmam connradh;
    143] bíodh re gach gcuma dar ceangladh
    144] urra urrlamh.

  3. p.385

  4. 145] Géabhad chugam mar chor síthe
    146] saorchlann Uilliam
    147] fir nach bronn a ngort do Ghallshluagh
    148] folt ndonn ndruimfhiar.
  5. 149] Géabhaidh mé—ní mhaithfead Seaán—
    150] fan síoth thoingead
    151] tar druim gach gheallaidh dá ngeallad
    152] d'earraidh Uilleag.
  6. 153] Dá mhac Riocaird rogha ar sluaighidh
    154] slata failmghéag
    155] fir as fheardha gleic ós ghormród
    156] meic do Mhairghréag.
  7. 157] Géabhadh chugam sa chor chéadna
    158] clann shéimh Shuibhne
    159] chuireas gleo gan ghruaim go ngairbhe
    160] go mbuaidh mbuidhne,
    161] dream dhligheas cur thar ar gcinn-ne
    162] bun gach buidhne.
  8. 163] Síol Seachnasaigh sluagh Ó bhFiachrach
    164] —fraochdha an mhéinne—
    165] na cuir daingne as dual dar ndín-ne
    166] sluagh go séimhe;
    167] fir sin do ghabhluigh ó Ghuaire
    168] d'adhbhaidh fhéile.
  9. 169] Clanna Uadhach, aicme Hoibeard
    170] ní haos doibheart,
    171] 's iad tar cách dom chaomhna ar ainiocht,
    172] aobhdha an t-oiriocht.
  10. 173] Ní hiad a-bháin, biaidh gach aoinfhear
    174] ó fhiadh Ghaillmhe
    175] mar budh dalta cíogh dom choimhdhe,
    176] díol ar ndaingne.
  11. 177] Beid a marcaigh, beid a mbantracht,
    178] beid a ríoghna
    179] do ghuth éinchinn cáigh dom chaomhna;
    180] ní dáil díoghna.
  12. 181] Biaidh mo roinn re ríoghraidh Chonnacht
    182] choidhche ar chuimhne;
    183] siai-de mhairfeas fa mhagh Mheidhbhe
    184] bladh na buidhne.

  13. p.386

  14. 185] Biaid a laoich dá luadh ar tosaigh
    186] i dtigh bainnse;
    187] biaidh maith agus olc gacha haimhse
    188] ag tocht tairse.
  15. 189] Biad-sa im rígh ar ríoghraidh Bhúrcaigh,
    190] beid fam antail;
    191] fás ar mh'inmhe béin re a mbronntaibh
    192] don fhréimh Fhranncaigh.
  16. 193] Maith an geall re gabháil ríghe
    194] mo roinn orra;
    195] beanfa mei-se d'fhéin chnuic Chonga
    196] sduic réidh ronna.


& is iad sduic ronna na ronna réamhráidhte,
dteagmhadh fonn aithearraigh nó imeirce im
aigneadh nó im inntinn-se, oiread an fhearanntais
do
[gap: extent: 1 word]
uatha-sain agam-sa gan oirbhearnadh,
gidh bé ionadh d'Éirinn i mbudh mian lem meanmain
anadh nó oiriseamh, & cuairt timchill gan tairisiomh
gan toirmeasg maille na gcomhartha aird-cheannais
d'fhagháil éadála go háiseach aontadhach
amhail as iomchubhuidh d'fhior mo gharma.

  1. 197] Iomdha fa chnoc gcríochruadh gCnodhbha
    198] síothshluagh Samhna;
    199] cluintear fuaim na dtonn fa Thromhra
    200] as lom labhra;
    201] ní lucht déanta cúntair corma
    202] Búrcaigh Bhanbha.
  2. 203] Fine Bhúrcach na mbrugh sochraidh
    204] saor a n-aicme;
    205] lán a maith 's a saith dar seirc-ne;
    206] maith a maicne.
  3. 207] Maith a dtighe i dtiobhram cuarta
    208] as cian cluintear;
    209] maith a ngníomh don fhlaith dá leantar;
    210] maith a muintear.
  4. 211] Maith a laochraidh lán do ghaisgeadh
    212] gníomh go bhflathtraigh;
    213] maith a mná nach caith acht corcair;
    214] maith a marcraidh.

  5. p.387

  6. 215] Is maith ar lúth lucht a bhfeadhma
    216] —ní feidhm leisgfhear;
    217] maith a bhfleadha gan déir ndeasgadh
    218] gan mhéin meisgeadh;
    219] i láimh a ríoghbhan seang slistiugh
    220] fearr a bhfeisteagh.