Corpus of Electronic Texts Edition
Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.370

FEARGHAL ÓG MAC AN BhAIRD cct.
  1. 1] Ní fada ón Fhódla a táth a dtuaidheamhain
    2] cách is nuaileabhair dá fhógra i n- aonaighibh;
    3] gearr go snadhma sí ris na saoirfhearaibh
    4] rí don Ghaoidhealfhuil go mBanbha bhraondairigh.
  2. 5] Ní fada cobhair ó chlár ThéiMhidhe
    6] —glár céillidhe re n-oghair gach aonduine;
    7] a-táid dá ghairm go Gort nGáirighe,
    8] do nocht gach fáidhfhile d'ainm ar n-Aodhai-ne.
  3. 9] Ó leargaibh Fhinne go Cliaigh gcroibhiodhain
    10] biaidh an Ghaoidhealfhuil ime mar gach aoinfheadhain;
    11] badh fogus dóibh teacht a dtuaidheamhain;
    12] ní badh tearc nuaidheabhaidh um Bhóinn mbraoin-ealaigh.
  4. 13] Eachtra bhus díoth siar fan saoraghaidh
    14] le triall I chaomhLughaidh fríoth na fáidhleabhair;
    15] bearthar le móirfhear amhla ar Éinleighin
    16] slóigheadh céimrighin tre Bhanbha mbáinleabhair.
  5. 17] Uaitne na sgol le bhfuil gach fáidhfhile
    18] do thuir Gháirighe ar gcor cuairte an chlúmhaile
    19] do-gheibhthear a labhra ó leic Laoghaire
    20] ag reic ar n-Aodhai-ne re hadhbha nÚghaine.
  6. 21] Beid ag a fhréimh um Ráth bhFearadhaigh
    22] géill dá leanamhain iar gcách do chomhfhoghail
    23] tathamh ar thonnaibh an fhóid fhuineadhaigh;
    24] orraidh Í Mhuireadhaigh re cóig comhadhaibh.

  7. p.371

  8. 25] D'fhior Dúine nach dáigh as a choirm- thighibh
    26] toirnfidhir glúine cháigh mar as com- hchubhaidh;
    27] flaitheas na Banbha re teas tuillfidhir
    28] cuirfidhir na habhla theas fa thromchumhaidh.
  9. 29] An t-éasga lán nar loigh fa ainbhfine
    30] an ghoil dá tairngire do Chlár choillMhidhe
    31] dearbhar le hearla na gcraobh gcumhraidhe
    32] Aodh ag furnaidhe na Teamhra toinnghile.
  10. 33] Go hUisneach, go fád mbraonach mBreaghMhuighe,
    34] go haonach ar dTeamhrai-ne a-tád dá thairngire
    35] na haibhne um Chliaigh 's um Chruachain gcollbhuidhe;
    36] le buachaill ghormDhuibhe biaidh ar mbuidhnei-ne.
  11. 37] Is é Aodh Ruadh don Bhanbha as bharamhail
    38] abhla an fhaghabhair uadh ar a duilleadhaibh;
    39] dearbhthar re húr gach ghormfhuinn ghroighiodhain
    40] Ó Domhnaill d'oireamhain do Mhúr Mhuiread- haigh.
  12. 41] Cia san talamh trágh nar tiormuigheadh?
    42] fa chlár bhfionnLaighean faghadh umhlughadh;
    43] Siur agus Máigh ag gréin dá ngeimhliughadh
    44] a cháir dá deimhniughadh ar fhéin Urm- humhan.
  13. 45] Do dhearbh gach tráigh um an mBúill mbeannfholtaigh,
    46] a shúil re seangochtaibh an chláir Chon- nachtaigh;
    47] a rogha nuachair dhí ní diommoltair,
    48] rí nach iomarcaidh ar Chruachain challdartaigh.
  14. 49] Flaitheas Uladh nachar aomh d'ainbhfine
    50] anar dá thairngire d'Aodh Oirnidhe;
    51] annamh iath nach ba dóigh dá dheirbhfine;
    52] re triath seinMhidhe ní badh cóir coimhrighe.
  15. 53] Do chách a-niodh ní badh fáth fíorchóire
    54] ráth na síothBhóinne fa fhior a fháidhchéille
    55] is cóir do-róine Éire aoinchéile
    56] do chéile laoichfhréimhe Bóinne bláithréidhe.
  16. 57] Suidhfidh i ráth Néill ós Bhóinn bhileadhaigh
    58] —ní cóir d'fhileadhaibh an chéim do cheiliomhain;
    59] ar dtileadh cláir na Teamhrach thoireamhain
    60] budh neamhghuth oireamhain dá dáil dheirionaigh:
    61] ní fhuighe doghruing fa Dhún bhFearadhaigh
    62] Ó Domhnaill ag leanamhain a ghlún ngeinealaigh.

  17. p.372

  18. 63] Léigfidh Éire a rún le cleith Chraobhruaidhe
    64] dá dhreich thaobhnuaidhe do thúr a shíorghlóire;
    65] biaid go dearbhtha ó soin 'n-a sáimhríghe
    66] na tealcha cláirMhidhe i moigh mhíonBhóinne.
  19. 67] Nocha bia fa Raoilinn fear fionghaile
    68] ná ar feadh fionnmhaighe aoibhinn na hAlmhaine
    69] san taobh thiar achd folta fiodhbhaidhe
    70] gan triall iorghaile fa Chorca callbhuidhe.
  20. 71] Nocha bia ag slógh mhór muighe mínEanaigh
    72] achd fíneamhain uile dá hól ar na haoigheadhaibh;
    73] na laoich as lia duais do na deoradhaibh
    74] ní bhia re a ngleoghonaibh guais ar Ghaoid- healaibh;
    75] beid na cúig slóigh calma i n-aonaighibh
    76] san adhbha chlaondairigh ós Bóinn bhraoin- ealaigh.
  21. 77] Táin gacha críche faoi ní fillfid- hir;
    78] ní lingfidhir títhe cláir Chraoi Chon- chobhair;
    79] créad fa mbiadh comhla re cuirmthighibh?
    80] ní cluinfidhir rian foghla a fonnchalaidh.
  22. 81] Dlighthear do Bhóinn gan éara an fhuinead- haigh,
    82] do-ghéana Ó Muireadhaigh cóir idir chineadhaibh;
    83] le rígh a gcabhra geall gach geinealaigh
    84] ceall gach seiniobhair san Bhanbha bhileadhaigh;
    85] leithbhreath le báidh ní bhéara Ó Fearadhaigh;
    86] éara um ealadhain níor bh'áil ar fhileadhaibh.
  23. 87] A críoch ó Dhia ag teacht ar gach thairngire,
    88] ní bhia neart ainbhfine ar fíoch a fonnmhuighe;
    89] fan bhfairche sídhe gcruithghil gcallbhuidhe
    90] faghluidhe gach tíre cuirfidh i gcomhnuidhe.
  24. 91] A mhaoir um Chliaigh is um ráth ríMhidhe
    92] ar ríbhile as ghnáth i ngliaidh gan ghuail- lidhe;
    93] ler ngéig ós fhiodh an Fhódla d'áiridhe
    94] gach fáidhfhile dá fógra a-niodh dar nuaibhile;
    95] ní chluinim cóir uirre ag aonduine
    96] achd aoghaire slóigh ar dTuinne Tuaidhei-ne.
  25. 97] Brian agus Conn ag crádh ar n-uaillei-ne
    98] dá nuaibhile fa fál le fonn mbraonDuibhe;
    99] minic ba tréan ortha gach éinfhile
    100] na féinnidhe toghtha nachar éar aonduine.

  26. p.373

  27. 101] Dreach shubhach le bhfolchair gach fáidhfhile
    102] le honchoin nGáirighe tulach TéiMhidhe
    103] Mág Aonghusa as dáigh dar ndídin- ne
    104] ríghgile cláir chaomhRossa is ar gcéilei-ne.
  28. 105] Dúinn a-nois is eagal ar neamhghloine;
    106] Peadar neamhdhaidhe ar gach n-olc dar n-ionghuire
    107] fáidh roinnfeas rem anam a urnuighe
    108] abhall chumhraidhe danab oircheas ionmhuine.

    Ní.