Corpus of Electronic Texts Edition
Mór an lucht arthraigh Éire (Author:	Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.363
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Mór an lucht arthraigh Éire;
 2] siar tar sleasaibh seinBhéirre
 3] do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
 4] uainn i n-urlár éinbháirce.
p.364
- 5] Do ghad a hanam aisde
 6] Éire na gcuan gciomhaiste
 7] dá éan uachtair chuaine Chuinn
 8] do ruachtain uain-ne i n-aonluing.
- 9] Dá eite lúith Leithe Chuinn
 10] rugadar san bháirc bheannchuirr,
 11] críoch na Niall d'éanlucht uile,
 12] siar ó fhéarGhurt Úghoine.
- 13] Ó Néill, Ó Domhnaill díon
sgol,
 14] Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
 15] glóir Banbha i mbáirc na deise;
 16] tráicht fhalmha dá inneise.
- 17] Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
 18] do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
 19] cuire san luing-sin tar linn
 20] do thuirrsigh uile Éirinn.
- 21] Rugsad Éirinn is iad sain,
 22] rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
 23] an dá iarla d'fhuil na bhFionn
 24] tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.
- 25] Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
 26] ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
 27] is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
 28] ar-aon san luing luchtmhair-sin.
- 29] A bhfuil san luing-sin do lucht
 30] ní dhearnadia do chumhucht
 31] ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
 32] creach mar í ní hionnshamhail.
- 33] A leithéid d'éinchreich oile
 34] níor ghluais Conn ná Conaire
 35] Fád Fuinidh ó thráigh go
tráigh
 36] le Mág Uidhir don Easbáin.
- 37] Caithréimeach an chreach-sa siar
 38] le codhnach catha Oirghiall;
 39] rug dá choróin Chláir na bhFionn
 40] don Sbáin is onóir Éirionn.
- 41] Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
 42] ní dhearna Tuath Dhé Danann
 43] fa chreachBhanbha na gcall sean
 44] ná clann mhearchalma Mhíleadh.
p.365
- 45] An chreach rothrom rug tar muir
 46] ní thiocfadh aon dá hiarraidh
 47] sgiath comhairghe crú na neart
 48] tre chonnailbhe acht Cú Connacht.
- 49] Fa truagh leis cheana a chomhghaol
 50] fa ainbhreith eachtronnmhaor
 51] dá dtug Mág Uidhir a ucht
 52] ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.
- 53] Fa truagh leis treabhadh Teamhra
 54] 's clann Mhíleadh fa mhímheanma
 55] dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil
 56] do mhuin ionmhuine ón Easbáin.
- 57] Gá dás acht an tráth tánaig
 58] cuirthear leis ó leachtFhánaid
 59] eachtra do uaisligh a rath
 60] teachta ar uaislibh na nUltach.
- 61] Conall Eoghan Inse Breagh
 62] gluaisid ainn-séin ós íseal
 63] fa fhios caithleomhain Cláir Sreing
 64] dáil do aithbheodhaigh Éirinn.
- 65] Do roighnibh Éireann ann sin
 66] Cú Connacht Óg Mág Uidhir
 67] rug lucht a mhórluinge a-mach
 68] tar ucht glórbhuinne ngrianach.
- 69] Do shaor Mág Uidhir oile
 70] a rug leis d'fhuil Úghoine
 71] 's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;
 72] go dtí tarbha dá thurus.
- 73] Tar bóchna na mbuinneadh ngeal
 74] táinig d'fhurtocht mac Míleadh
 75] long Naoi nó a aithghin oile
 76] le flaithghin Craoi Conaire.
- 77] Eathar muirneach badh mhó fiach
 78] long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach
 79] re mbraondortadh do bhuain de
 80] do-chuaidh aonochtar innte.
- 81] Long Naoi ó gach linn do lionn
 82] ar fheadh dháilte na díleann
 83] níor léig braon tuile tairsibh
 84] dar shaor uile an t-ochtair-sin.
p.366
- 85] Fearg Íosa fo-deara a dáil
 86] neach beo ar an talmhain tonnbháin
 87] níor léig an tuile throm-sa
 88] don uile acht an t-ochtar-sa.
- 89] Sgaoilid ochtar na hÁirce
 90] lán d'aoibhneas is d'fhorbhfháilte
 91] iar ndílinn fan gcruinne gcé;
 92] na sgríbhinn uile mh'fhínné.
- 93] Lucht na loingei-se an lucht thall,
 94] an díle fós fearg eachtrann;
 95] an Áirc reimhe an bhárc a-bhus
 96] teine i ngach trácht ó a thurus.
- 97] Ar dhílinn feirge Fian nGall
 98] do chaomhuin sí sluagh Fréamhann
 99] 's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh
 100] an long shídhe shiobhlaigh-sin.
- 101] Gidh ionmhuin ní hionann sin
 102] do shaor míle do mhíltibh
 103] fan ngortmhagh do ghabh re hArt
 104] dar an ar n-ochtar d'fhurtocht.
- 105] Long eile as aithghin di-se
 106] Argho saor a snoighei-se
 107] ní riar far dhual a dearadh
 108] uadh do iarr a hainmneaghadh.
- 109] Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc
 110] bárc nar lia lucht uabhairneirt;
 111] "long Argho" ón uair-sin i-le
 112] tarla ag na huaislibh uirthe.
- 113] "Long Mhéig Uidhir" amhla sain
 114] bhias ar an athluing éachtaigh
 115] fuair ón Mhanchach baisdeadh binn
 116] arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.
- 117] I luing Arghoanba an rath
 118] do-chuaidh an ghasradh Ghréagach
 119] caor chonfaidh fa teo tionól
 120] dá dtorchair leo Laimheadhón.
- 121] Bárc nar bh'fhéidir righe ria
 122] aisde do hionnradh Aissia
 123] le neart slóigh ghasraidhe Gréag,
 124] amhsaine as cóir do choimhéad.
p.367
- 125] Innte do-chuaidh cian ó shain
 126] an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh
 127] ag dul do thaghail na Traoi;
 128] cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi.
- 129] Caithréim eile amhla sain
 130] do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh
 131] le géagaibh Moighe Midhe,
 132] Gréagaigh oile a n-aimsire.
- 133] Do-chuaidh athfhoireann eile
 134] i luing Argho a haimsire
 135] do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt
 136] lucht céaddachair do chosaint.
- 137] Ón lucht-sain luinge hArgho
 138] níor iomchuir bárc bheannamhra
 139] lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;
 140] comhumhla dháibh do dligheadh.
- 141] eath innte acht iad sin
 142] dá phrímhIarla mac Mílidh
 143] sgoth luinge le lucht badh mhó
 144] tar ucht tuinne ní théarnó.
- 145] Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh
 146] toisg na nIarladh don Easbáin;
 147] 's tug a ndul tar fairrge bhfinn
 148] gul gacha hairde i nÉirinn.
- 149] Mar mheasdar trá a dtocht le séan
 150] nó a n-anamhain madh éidtréan
 151] bídh don chuir-sin glóir is gruaim
 152] ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.
- 153] An long-sa do imdhigh uann
 154] cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
 155] tug a bhríogh im churp do chlódh;
 156] a lucht fa-ríor is romhór.Mór.