Corpus of Electronic Texts Edition
Mithid creideamh do chloinn Néill (Author: Eoghan Mac Craith)

p.359

EOGHAN MAC CRAITH cct.
  1. 1] Mithid creideamh do chloinn Néill
    2] 'gun chloinn ag nar creideadh dhóibh;
    3] ní fás do-niad tar Íbh Néill;
    4] ní léir cás nach iad do fhóir.
  2. 5] Bóinn Dá Thí na ndumhach ndonn
    6] agus Tulach na dTrí bhFionn
    7] sgarthar feasda re féinn Gall;
    8] clann Néill as cneasda ós a cionn.

  3. p.360

  4. 9] Slat orrdhraic ós fhine Néill
    10] smacht Cormaic ar Mhidhe mhóir;
    11] Banbha ghealChuinn taoibh re taoibh
    12] faghla Í Mhaoil Eachluinn do fhóir.
  5. 13] I leith fhaghla ós eadh a-tá
    14] an Bhanbha gomadh bean dó
    15] ní budh roghar do chleith Chua
    16] foghal nua i ngach leith don ló.
  6. 17] Lia sgor an mhongabhraigh mhóir,
    18] lia crodh ag ollamhnaibh uaidh,
    19] lia a choin—ní ceilte ar an fhéinn—
    20] teirce a ngéill soin is a sluaigh.
  7. 21] Lór a mhíonlacht i múr ban,
    22] lór a ríoghdhacht—ní rún mion
    23] a chur uilleannach arm sean
    24] badhbh dhean ní huirreamach d'fhior.
  8. 25] Ua Colmán ó Chruachain chaoimh
    26] is buachaill d'orlár an áigh;
    27] tugadh treas gan fhiadhain uaidh
    28] an treas uair ar n-iarraidh áir.
  9. 29] Béas don deighfhear car a chlú
    30] an dan bhus deireadh don ló
    31] éacht uaidh le mallghothuibh mná
    32] lá an uair do dhaghmhothuigh dhó.
  10. 33] Ní bhéara céim ar a chúl;
    34] a réir ní ghéabha gan ghiall;
    35] ní héidir le hucht an ríogh
    36] díon an chéidfhir i ngurt ghliadh.
  11. 37] Lucht donnbhrat i ndeaghaidh ruag
    38] ar cheanaibh fa Chormac Óg;
    39] feidhm ar chrannaibh um cheann nGréag,
    40] sdéad seang ar bharraibh a bróg.
  12. 41] Lán dearnann do ghormgha ghéar
    42] is seanlann tromdha re thaobh
    43] is am crann reamhar dá riar;
    44] níor iarr 'n-a leanabh crann caol.
  13. 45] Ar bhfuighle re a aghaidh n-óig:
    46] "blaghaidh bruighne blaghaidh ruaig,
    47] mín ag dul go toruibh thríd
    48] gan bhrugh 'n-a mbíd d'fhoghuil uaid."

  14. p.361

    49] Ní charaid socracht ná síodh,
    50] do-ghabhaid docracht is duadh;
    51] ní basgadh ar iorghail t'fhian
    52] asdar cian ná ionmhuidh fhuar.
  15. 53] Réidh bhí ó theachta dod thoigh
    54] —gá ní as deacra ná dréim ribh—
    55] Laoich ler bh'áil i ngleo do ghoin;
    56] ní leo a bhfuil 'n-a láimh acht libh.
  16. 57] Banbha Airt i n-eidhreacht chóir
    58] tarla id chairt—is deighneart daoibh;
    59] biaidh fat eidhribh fleadhFhód Fáil;
    60] do dheimhnigh fáidh neamhóg naoimh.
  17. 61] Lá feadhma ní fás do-niad
    62] na feadhna re a bhfás do ghrúg;
    63] bhar n-uaill ná uabhar bhar sdéad
    64] ní thruaill do chéad sluaghadh súd.
  18. 65] Orrdhraic ó cheanaibh do chlú
    66] a Chormaic do mheadhair mná;
    67] fuaradh bhar n-each, a fhir chró,
    68] creach nó a dhó libh re dá lá.
  19. 69] Lucht tilte uile don iath
    70] na litre chuire go cách
    71] fir ris nach soshnadhma síoth
    72] fríoth comhardha ó dtigh dá táth.
  20. 73] Teas an talmhan is tuar gnaoi
    74] eas uadh gan bhalbhadh ní bhí;
    75] tuigthear sin ar síonaibh Dé
    76] gur shíodhaigh sé ribh, a rí.
  21. 77] Mín gach maighean, mín gach linn,
    78] gan chagadh re tír ag tuinn;
    79] druimleabhair gach damhna croinn,
    80] coill Bhanbha i gcuirmmeabhaidh cuinn.
  22. 81] Clúimh na learggort naoidhe a-níos
    82] —gá ceardacht as caoimhe gréas?
    83] a mbia ar choillfhiodhbhaidh do chnuas
    84] budh sia suas doinnfhiodhraidh déas.
  23. 85] An úir ar n-osgladh dá hioth
    86] ag brosdadh ar chlúimh na gcleath;
    87] gidh créad rug an mhuir a-mach
    88] ní fhuil rath nach tug is-teach.

  24. p.362

  25. 89] Giolla adhras d'fhagháil chlú
    90] 'n-a anáir labhras an lia
    91] rí do thagra dá ndeach dhó
    92] mó d'agra na mbreath 'ma mbia.
  26. 93] Do bhrígh feadhma ghéirreann nglan
    94] mín Éireann 'ga earla thiugh;
    95] an ré le ria tar gach bhfear
    96] sia an seal ó 'né gus a-niugh.
  27. 97] Clann Chathaoir is Cholmáin mhóir
    98] 'n-a comhdháil go cathaoir Néill;
    99] gidh cara ceall ceann an tsluaigh
    100] do shmuain Ceall Dara do dhréim.
  28. 101] Féinnidh Theamhra ó thighibh sgol
    102] dlighidh gan bhearna ar a bhladh;
    103] iomdha sealg is éachta ón fhior
    104] ciodh ná budh ceard bréagtha ban?
  29. 105] Gach ní dá bhfuighe is dá bhfuair
    106] an rí ar gach nduine ag a dháil;
    107] i mbrat Chormaic sul do-chóidh
    108] slat óir an donnbhrait ag dáimh.
  30. 109] Gá beag bheith go gar dá ghnaoi?
    110] tar a bhladh nocha reich rí;
    111] frioth 'n-a dheighéadáil uaidh é;
    112] fuair sé go neimhéagáir ní.
  31. 113] Donnaidh sleagha gorma i ngádh,
    114] bronnaidh greagha ollmha ag ól,
    115] gealltar mallbha ag Aifreann uadh,
    116] do aithgheall sduagh Annla ór.
  32. 117] Do mhaoidh tromdháimh ar thuir Chua,
    118] gobhláin gaoil do chuir a chlú;
    119] fogus gaol deaghUisnigh dhó;
    120] laogh bó ón tealaigh-sin thú.
  33. 121] Téid re hoighreadh dath do dhearc
    122] gan dath as coimhgheal red chorp
    123] a ghnaoi tar nar bh'iarraidh Art
    124] sa tlacht do bhaoi ar fhiadhain ort.
  34. 125] Ní bhia fós teach ós do thoigh
    126] gan do nós ar neach dá mair;
    127] íocfa féin re seanóir sin
    128] neamhóidh gach fhir dot fhéin air.

  35. p.363

  36. 129] Sleagha reamhra Bhéinne Bhriot
    130] a chéile Leamhna budh lat;
    131] fuarais corn beannchraobhach breac
    132] 'mar fheac Dolbh gealchaolach glac.
  37. 133] I bpurt an Daghdha ós Bhóinn bhailbh
    134] do-chóidh re hucht Samhna a seilbh
    135] tapracha ar chúl gacha chuirn
    136] cuirm ag túr daghcrotha ar dheilbh.
  38. 137] Mór file ón bhronnadh do-bheir
    138] bile dar donnadh gach dair;
    139] go deoradh le duasaibh cruidh
    140] seoladh ón fhuil uasail air.
  39. 141] Mac Duibhe Cobhlaigh ó Chliaigh
    142] dá gach dhuine congbhaidh cóir;
    143] tug d'anáir do chineadh Chéin
    144] a ngéill d'fhagháil idheadh n-óir.
  40. 145] Clann Cholmáin—ní cineadh mion—
    146] cineadh re congbháil na sgol
    147] na cláir brannaimh 's a mbró ghreagh
    148] mó a seadh i gclannaibh a gcon.
  41. 149] Cuid dá riar an miodhfhann mór
    150] i n-a dtriall Sionann 's a sál;
    151] cuid fhineachais dóibh gach dún
    152] 'ma ndún Bóinn bhileathais bhán.
  42. 153] Craobh darab ceard ceannach gnaoi,
    154] caor dhearg a Teallach Dá Thí,
    155] cleachtaidh faire Thoighe Té
    156] gidh bé oile baile i mbí.

    Mithid.