Corpus of Electronic Texts Edition
Maith an locht airdríogh óige (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.355

GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Maith an locht airdríogh óige
    2] tnúth cáigh ris is romhóide;
    3] a thriath 'n-a óigrígh do bfhearr
    4] dá gach iath fhóidmhín fhairseang.

  2. p.356

    5] Do thréig Mág Carrthaigh Chláir Bhreagh
    6] ar chosnamh críche a shinnsear
    7] eich do ghéagshlataibh chleath gcuill
    8] ar sdéadmhacaibh each n-áluinn.
  3. 9] Do thréig bonnsacha bláithe
    10] ar ruaidhshleaghaibh rionnáithe
    11] —tuar annála don ghéig ghil—
    12] do thréig camána ar chloidhmhibh.
  4. 13] Mar sin do thréig trealamh leinbh
    14] d'fhurtocht Teamhra—toisg neimmeirbh—
    15] fear fonnmhar na bhfonn sgathach
    16] re ndobhradh Conn Céadchathach.
  5. 17] Lá do-chuala-sa an Conn-sain
    18] i gCruachain ghuirm ghealdorrsaigh,
    19] lucht altruim Chuinn agus Conn
    20] go macraidh thruim 'n-a thiomchall.
  6. 21] Conn Céadchathach na dtreas dte
    22] do-chonnairc ar gcur bháire
    23] san mhagh fhear go n-eirreadh druadh
    24] an seingfhear fa mear marcshluagh.
  7. 25] Gluaisis an draoi go dána
    26] chuca i gceann na hiomána;
    27] tug ar fhonn na faithche an fáidh
    28] ar Chonn aithne san iomáin.
  8. 29] Beannaighis 'n-a dheaghaidh dhó
    30] do ghlór fhéata nar ónna
    31] an draoi do eagair Fonn Fáil;
    32] do fhreagair Conn i gcéadáir.
  9. 33] "Cia thu-sa nó gá tír dhuid"
    34] ar Conn an chrotha nuabhuig
    35] "gér chóir grádh do ghné th'aighthe
    36] is lán mé dod mhearaithne."
  10. 37] "Do b'iongnadh oidhre th'athar,
    38] a mhic, i n-ar mearachadh;
    39] fuair sinn gnaoi 'n-a ghnaoi choimse;
    40] fa draoi inn dot athair-se.
  11. 41] "Is é do mhearuigh mei-se
    42] an feidhm-sin re bhfuilei-se;
    43] fuair míonBhanbha fa chách cor
    44] nach tráth ríoghdhamhna reabhradh.

  12. p.357

  13. 45] "Teamhair Bhreagh i mbíodh Féilim
    46] dá bhfeasda, a Chuinn chneisshéimhshing,
    47] glóir an bhaile mar do bháidh
    48] ní badh dóigh th'aire ar iomáin.
  14. 49] "Treabh dá daingne ní dheachaidh
    50] gan losgadh ó Laighneachaibh
    51] mun ráith gcuirr saorchlochaigh sin,
    52] a Chuinn chaomhchrothaigh chneisghil.
  15. 53] "An bhóromha fa dú dhaoibh,
    54] ga tabhach a-tá Cathaoir;
    55] gan tocht re Cathaoir, a Chuinn,
    56] is tathaoir ort a n-abruim.
  16. 57] "A-tá—gá truime comha—
    58] ga breith leis an mbóromha
    59] bró bhan mallabhrach gruadh ngeal
    60] ag sluagh lannarmach Laighean.
  17. 61] "Le huabhar airdríogh Laighean
    62] múr Teamhra do trochlaigheadh
    63] an port i suidheochthaoi sibh;
    64] is olc fhuileongthaoi a fhaicsin."
  18. 65] Ó 'd-chuala Conn chríoch Muaighe
    66] orchra Teamhra taobhuaine
    67] tug dá chamán orchar uadh
    68] an conchar fallán fleadhfhuar.
  19. 69] Tug Conn an chroidhe mheadhraigh
    70] béim dá dhruim le domheanmain
    71] mun bhfroighidh slaitleabhair saoir
    72] dtaitneamhaigh roighil rochaoin.
  20. 73] Fear ga raibhe ciall chaide
    74] Conall Cruachna a chaomhoide
    75] tug ruathar ar a chúl Conn
    76] go múr Cruachan go Conall.
  21. 77] "Créad mar choisgis dod reabhradh?
    78] caidhe cúis do dhoimheanman?
    79] ná séan" ar Conall re Conn
    80] "do sgéal oram, a anam."
  22. 81] Do ráidh Conn do ling loingse
    82] "is mór adhbhar mh'athtoirrse,
    83] Teamhair gan teaghlach gan teagh
    84] meadhair Theamhrach ar dtoirneamh.

  23. p.358

  24. 85] "A-tá ag cur orm, a oide,
    86] Teamhair mar tá i ndochroide;
    87] tarla cor don lios rem linn;
    88] gan dol dá fhios ní fhuilngim."
  25. 89] "Léan Teamhra ná tabhair d'aoidh"
    90] ar Conall re chéibh mbarrchlaoin
    91] "I gcléith chogaidh ní dú dol
    92] 's gan tú go habaigh aosmhar.
  26. 93] "Léig fós d'iomchosnamh Éireann,
    94] a Chuinn na mbas mbairrshéimhsheang,
    95] a fholt laigleabhar chladh gcam,
    96] an ret aibgheaghadh agam."
  27. 97] Do ráidh-sean—fa rádh soraidh—
    98] nach anfadh ar éanchomhaidh
    99] port fa dion d'fhearaibh re headh
    100] Teamhair na ríogh go roiseadh.
  28. 101] Ráith Cruachan na gcladh sgathach
    102] do fhágaibh Conn Céadchathach;
    103] neamhuis a dtorann ó a dtoigh,
    104] leanais Conall an Conn-soin.
  29. 105] Tionólaid a-noir 's a-niar
    106] Connachtaigh na gcorn mbairrfhiar;
    107] 'n-a mbróin truim mheanmnaigh san magh
    108] ag leanmhain Chuinn do-chódar.
  30. 109] Iadhaid go n-iomad tionóil
    110] an chuid-sin d'fhiadh Éiriomhóin
    111] mun óigfhear nar bh'ónna smacht
    112] 's an cóigeadh cródha Connacht.
  31. 113] Go hoirear mBóinne buige
    114] tiad sin—suairc a sochruide—
    115] tóir throm ag drud re a ndalta
    116] mar rug ar Chonn Connachta.
  32. 117] Do bhí ag Cathaoir don taoibh theas
    118] slógh Laighean i na loingeas
    119] láimh re Bóinn mbreacclochaigh mbláith
    120] 'n-a mbróin neartchathaigh neamhthláith.
  33. 121] Mar rángadar ucht re hucht
    122] Laighnigh is cóigeadh Connacht
    123] fa reachtmhar deas a ndeabhaidh
    124] san treas neartmhar náimhdeamhail.

  34. p.359

  35. 125] Ar ndol dá n-áireamh uile
    126] ní áiréobhadh éanduine
    127] ár trom ar tolchaibh re a dtaoibh
    128] go dtorchair le Conn Cathaoir.
  36. 129] Suidhis féin i dtigh Tuathail
    130] gabhais Éirinn n-órchuachaigh
    131] tar éis Fhéilim do bhí i mbroid
    132] an rí ar Éirinn gur fhuasluig.
  37. 133] Do ghéis tonn Rudhraidhe ruadh
    134] is tonn Chliodhna na gcaomhchuan
    135] do ghéis tonn mhear na Maoile
    136] res an ndonn ngeal ngruadhnaoidhe.
  38. 137] Ar feadh fiodhbhaidhe Uladh
    138] is choillteadh ndluth nDeasMhumhan
    139] do chrom gach dlúthcholl dathach
    140] re gConn gcúlcham gCéadchathach.
  39. 141] Géabhaidh Domhnall mac Domhnaill
    142] mar sin Éirinn n-iobhardhoinn,
    143] sgéaraidh go séimh re Sacsaibh
    144] an réidh bhféaraigh bhfleadharsaidh.
  40. 145] A-tá éinchéim d'aithris Chuinn
    146] nach diongna mac mheic Dhomhnaill
    147] dámadh í a thír tír a shean
    148] sí re rígh nocha roinnfeadh.