Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg chaitheas dlús re dhalta (Author: Maolmhuire Mac Craith)
p.352
Maolmhuire Mac Craith cct.
- 1] Mairg chaitheas dlús re dhalta
2] más fhíor d'éis a dheaghsgagtha;
3] bheith dar ndaltai-ne ag dréim rinn
4] céim fa lagfaidhe ar luaighill.
p.353
- 5] Ceard Ghofradha as ghlan cridhe
6] ag cumhdach ar gceirdei-ne;
7] maith bláth a oideachta air
8] do b'fháth coigealta ar chiontaibh.
- 9] Ní rinn bheireas a buidhe
10] gloine ghréasa ar ndaltai-ne;
11] mallacht gach dhalta uadh air
12] snuadh a nglanta ar a ghréasaibh.
- 13] Adhnadh orm do b'fheidhm deacrach
14] dom charaid dom choimhleabthach;
15] doidhéinmhe cionbudh cion
dúin
16] dom fhior choimhéirme is chaomhrúin.
- 17] Má tá díoghrais an dalta
18] ar tí cor re a chomhalta
19] 'n-a fhior chonganta is cáir damh
20] náir do bhronndalta ar mbráthar.
- 21] Bheith d'Ua Dhálaigh ag dréim ruinn
22] d'éis a oileamhna aguinn
23] mar shaoilim a theacht tiocfa;
24] maoidhim neart is neimhchionta.
- 25] Ionann dúinn gliocas is gaois
26] ionann leabhair do léaghmaois
27] 'gun mhóroide do mhún sinn;
28] córaide cúl rér gcointinn.
- 29] Cia an compánach nó an cara
30] as iontaoibh d'éis Ghofradha?
31] do léig 'n-ar n-ucht a aithne;
32] do thréig lucht a leasaighthe.
- 33] Má do gheall gabháil rem throid
34] deacair cointinn re caroid
35] dá ghealladh is docar dul
36] tar focal teangadh thuathadh.
- 37] Sgéal beag leam a los Ghofraidh
38] dá leantar dá labharthaibh;
39] is ar an dTánaigh táir sain
40] cáir d'Ua Dhálaigh a dhéachain.
- 41] Tionólais Meadhbhmeabhair leam
42] ceithre hollchóigidh Éireann
43] i ndeoidh na tána ó dtighibh;
44] sgeoil a hádha uaislighidh.
p.354
- 45] I nUltaibh go n-iomad fear
46] nocha gcuala ón cheas naoidhean
47] re hucht bhféinneadh mear Meadhbha
48] fear acht éinfhear infheadhma.
- 49] Fir Éireann ó Mheidhbh a-mach
50] Cú Chuluinn a hucht Ultach
51] buaidh a gcéimeann ag an gCoin
52] is sluaigh Éireann 'n-a fhochair.
- 53] Cú Chuluinn an chrotha bhuig
54] níor fhágaibh áth an chomhraig
55] gan éacht gach aonlá uadh air
56] do shluagh na caomhmná a Cruachain.
- 57] Ní fhuair fa dheoidhdeimhin leam
58] Meadhbh ar ngríosadh fhear nÉireann
59] neach sa bheirn ar bhéal an fhir
60] sgéal ag Meidhbh ar a muinntir.
- 61] Cuiris fios uaithe ar Fhear Diadh
62] Meadhbh Chruachan na gcreach n-imchian,
63] tugadh gin go ndearna ar dhligh
64] go pubal Meadhbha an mílidh.
- 65] Gealltar lé a lán do shochar
66] d'Fhear Diadh ar a dheonochadh
67] dul san áth ar Choin gCuluinn;
68] ag soin fáth ar n-uraghuill.
- 69] Geallais Fhionnabhair fhuair bloidh
70] d'Fhior Diadh ar dhruim gach sochair;
71] do ba searbh leis ar labhair
72] Meadhbh go feis le Fionnabhair.
- 73] Dá ngealladh Éirinn d'Fhior Diadh
74] ní mheasaim ná budh míchiall
75] ar chosg bhfeadhma chliathcha an Chon
76] briathra Meadhbha dá mhealladh.
- 77] Inntleacht Meadhbha Mhuighe an Sgáil
78] meallais mac díomsach Damháin
79] do léim a chomhalta Con;
80] céim as rodhocra rugadh.
- 81] Fear Diadh agus Cú Chuluinn
82] lucht aonfheadhma is aonfhuluing,
83] lucht aonlúidh i ngurt ghaisgidh,
84] lucht aonrúin is aonaisdir.
p.355
- 85] Ionnsaighis áth an chomhraig
86] Fear Diadh go ndlús iomfhormaid;
87] sé 'n-a chlú mheabhla mairidh
88] Cú na hEamhna d'ionnsaighidh.
- 89] Caithid ainn-séin rer-oile
90] rinn a n-áigh 's a n-iorghoile,
91] diamhair a gcéimeann 's a gcleas;
92] d'fhianaibh Éireann do b'áineas.
- 93] Cú Chuluinn do chardaois mná
94] do choigil-sean an chéadlá;
95] Fear Diadh ní choigleadh an gCoin;
96] ciall 'n-a gcoigleadh níor chosmhoil.
- 97] An ga bulga nó gur bhuing
98] i bhFear Diadh ó Choin Chuluinn
99] troid bheo fa comhthroime cor
100] gleo na conchloinne curadh.
- 101] An ga bulga ag Coin Chuluinn
102] iomarcaidh narbh ionfhuluing;
103] Fear Diadh níor chlisde ar an gcleas,
104] cisde ris nar chiall coimmeas.
- 105] Rug Dia breith i na bhreith chóir;
106] tuitis mac díomsach Damhóin
107] mar fhuair sé an géargha dá ghoin,
108] is téarna an té le dtorchair.
- 109] Mar do chuaidh d'Fhior Diadh a dhruim
110] re comhaltas Chon Culuinn
111] guais liom a dhul d'Ua Dhálaigh
112] cur i gcionn a chompánaigh.Mairg.