Corpus of Electronic Texts Edition
Le héanmhnaoi cuirthear clú ban (Author: Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird)
p.349
Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird cct.
- 1] Le héanmhnaoi cuirthear clú ban
2] a clú ó choimmeas ga cur;
3] ní ríomh do-chóidh ar a crodh;
4] i ndíol sgol is dóigh a dhul.
- 5] Sí ag comhroinn cruidh mar as dual
6] mar do fhoghluim ón fhuil ríogh
7] bean do fhréimh Uidhir fa an-iar
8] ag réir chliar dar dhoiligh díol.
- 9] Siad gan teachta i n-éantoigh óil
10] freasdal nochar féadadh dháibh
11] rug dá toigh chaithmhe don chléir
12] nar léir faighthe a-moigh ó mnáibh.
- 13] Le a bhfaicsin 'sa bhfaighthe ón mhnaoi
14] dá haighidh do aithrigh gné;
15] le sgoil fhuair do hadhnadh í
16] ní fhuair sí le hadhbhar é.
- 17] Díol dáibh do réidhigh a-rís
18] ris an dáimh gan déinimh nóis
19] cóir déine go doire cnuais;
20] guais na cléire roimhe ar Róis.
- 21] Do dhlúthaigh ar dháil a fleadh,
22] ar dháimh níor chumhdaigh a cradh
23] teagh óil ó chéile ga chor
24] tóir sgol ar an mbéinne mban.
p.350
- 25] Féachtar a dúthracht dá
mnáibh
26] dá dúthchas gan déanamh lóin
27] thug deibheadh ar chuirm do chléir
28] na cuirn féin fa dheireadh dhóibh.
- 29] 'N-a thiomchal do-chuadar cor
30] iongnadh 's gan ghuasacht 'n-a ghar
31] sreabh nar dhomhuin dhóibh go dul
32] ag cur omhuin ar bhróin ban.
- 33] Bean d'fhuil Uidhir as díon dó,
34] ní fhríoth le sgoil righe ria,
35] fríoth orra le a car i gclú,
36] crú Colla gan bhladh ní bhia.
- 37] Mar sgaoiltear ar fhleidh a luagh
38] do-gheibh gach aoinneach ler bh'ál
39] ní chuir sí áireamh ar
fhíon
40] dáileamh 'ga dhíol go dtí a
thrágh.
- 41] Sí dá chionn gan chradh ó
chléir
42] a bladh ós a gcionn do-chuaidh;
43] tug 'n-a héanar díol do dháimh
44] ar mhnáibh ríogh do-bhéaradh
buaidh.
- 45] Inghean Con Connacht fa a-niar
46] an sgol gidh docar do dhíol
47] do chuir sí glas ar a glór
48] nach mór go gclas í fa fhíon.
- 49] I ngach chéim 'n-a moltair mná
50] is obair nar éirigh leo
51] barr tar an mbladh thuilleas tú;
52] clú ban ód choimmeas fa cheo.
- 53] Do ghuais cléire naoidhe a-niogh
54] do mhaoine ó chéile 'ga gcor,
55] crodh le dáimh ón bhéinne bhan
56] gal t'fhéile do-cháidh fan gcrodh.
- 57] Don fhuil Raghallaigh ní ró
58] daghurraidh le cor do chlú;
59] cia as cneasda le a cor id chló
60] do thogh do ró teasda tú.
- 61] Dod thol i gcrothaibh do-chuaidh
62] ní cosmhail gur codladh sáimh
63] tig dot fhaicsin re seal suain
64] fear ag buain id ghaisdibh gráidh.
p.351
- 65] Cliar naoidhe do-cháidh tar ceart
66] do mhaoine ód mhnáibh ar a n-iocht
67] sgol do-chóidh gan adhbhar ort
68] socht ar bhróin mallbhan ós mhiocht.
- 69] Tearc, a Róis, ar mhodhaibh mná
70] bean as cóir do chora id chló;
71] crodh do thabhairt tar ceann chlú
72] do mheall tú an mhalairt as mhó.
- 73] Mar théid i gcoill crann ós fhiodh
74] barr dot fhéile ní bhoing bean;
75] súgh cuain ó ollamh do fhan
76] cradh far donnadh do ghruaidh gheal.
- 77] Beiridh oraibh d'uamhain sgol
78] gur thogaibh id ghruadhaibh gal
79] folchar róibh ar camháir crodh
80] sgor dá ngabháil dod bhróin bhan.
- 81] Gnáth le Róis donnadh 'n-a dhiaidh
82] 's nach dóigh ar a bronnadh béim
83] do cuireadh siar duais le dáimh
84] far ghuais dáibh i n-a bhfiadh féin.
- 85] Budh fada lón aoigheadh uadh
86] dá maoinibh ní mór do fhéagh
87] bean ag díol aoigheadh fa ól;
88] lór an fíon do sgaoileadh sgéal.
- 89] Do cheird ríoghna a cur i gcéill
90] an gníomh-san do ghabh do láimh
91] coinne ríogh far bhaoghlach buain;
92] a síodh d'uaim d'aonghuth do b'áil.
- 93] Bean don fhuil Uidhir-se ag cuan
94] i n-uireasbhaidh cruidh 'ga clódh
95] gémadh aithghearr í fa fhíon
96] ní bhí díol Aifreann gan ól.
- 97] Níor bh'iongnadh bladh d'fhagháil uadh
98] a crodh do rodháil 'ga riar
99] sgol i n-ucht ar-oile ag ól
100] gur mhór an lucht toighe a dtrian.
- 101] Díol cruidh níor chosmhail dá
éis
102] sa mhodh-sain acht do mhuin nóis;
103] fiú a bhfuil dá díoghbháil re
duais
104] guin cruais i ríoghmhnáibh ó
Róis.
p.352
- 105] Tánaig soin do chumhga cáigh
106] nochar urmhais dul 'n-a deoidh;
107] le a dtéid 'n-a teagh i n-am óil
108] ní hóidh le a fear a chrann ceoil.
- 109] A thoil dóibh dá éis níor
aomh
110] mar do léig le Róis a rún;
111] i n-a eachtra ní fhuair bríogh
112] teachta ríogh do-chuaidh ar gcúl.
- 113] D'éis a dhol don dáimh a-rís
114] dá crodh 'n-a láimh ní léig
Róis;
115] tarla ag an gcléir ón chronn chnuais
116] a duais trom go réidh ó Róis.
- 117] mhnáibh ar bhladh béaraidh sí
118] a béal ar réaltain ag ré
119] dá rabh i n-a goire ar ghnaoi
120] is bladh do mhnaoi oile é.Le.
- 122] Fiú ar dháil Mág Mathghamhna
dhóibh
123] dámh as rodhocra do réir;
124] riar sgol is doiligh 'n-a dhiaidh
125] oidhir Briain gan chrodh ón gcléir.
- 126] Ar chur treasa beirid buadh
127] deighfhir as deacra do chládh
128] go rug doinnghrian ar gurt gliadh
129] fian Oirghiall fa Art san ágh.
- 130] Tarrsa nó go dtéid ar ghnaoi
131] ar gach chéim do chosain sé
132] d'fhóir Uladh 'n-a bhéim do bhí;
133] do chléir fa ní is umhal é.Le.