Corpus of Electronic Texts Edition
Iongaibh thú orm, a Iarla (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.338
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Iongaibh thú orm, a Iarla,
2] mór mh'fhearg ret fholt ngéigniamhdha;
3] ná tabhair fheirg ar th'fhilidh;
4] teilg i n-aghaidh th'aindlighidh.
- 5] Sul thuileas mo thonn fheirge
6] do ghríosadh do ghruaidhleirge
7] do-bhéar robhadh romham féin
8] gidh foghal oram ei-séin.
- 9] Na foghla as a bhfás pudhar
10] orm, a Iarla DeasMhumhan,
11] tú do-ní iad ó fhuilnge,
12] a rí Liag dá leanfuim-ne.
- 13] Ní racha sinn seachad féin
14] dot éagnach, a ucht mínréidh;
15] red ghnúis mbuig is dú a dhéanamh,
16] dhuid a-tú dá thaisbéanadh.
- 17] Is ort as cóir a chumhal
18] d'agra, a Iarla DheasMhumhan,
19] lucht faghla nach rosgar ruibh
20] do losgadh mh'arbha ar th'ionchuibh.
- 21] Gé tharmairt a thoidheacht de
22] goradh do ghnúise háille
23] ar son ghairthe gráin leargan
24] ní cáir aighthe d'imdheargadh.
p.339
- 25] Óglách dhuit do-rinne riom
26] adhbhar móide nach maithfiom;
27] gníomh té dá dtíosadh don
mhóid
28] mé dod ghríosadh, a Ghearóid.
- 29] Dá ndearnainn, a dhreach mar bhláth,
30] gríosadh th'aighthe tret óglách
31] mó a chionta don tí dá dtig
32] gach ní dá dtiocfa treimhid.
- 33] Ar ulc riot-sa agus rum-sa
34] tángas d'fhoghail oram-sa,
35] a ghéag shúlchar Shíotha Truim,
36] do rúnchar fhíocha eadruinn.
- 37] Feall orm do chaibhdhin charraigh
38] ní leanabh é ar easurraidh;
39] 'ma íoc ná déanaidh-se doirr;
40] m'éaraic-se is díot do dhleasoinn.
- 41] Ar mbiodhbha d'eadráin oruinn
42] tar éis meabhla 's míochomhuill,
43] a leomhan dearccorr fionn Fáil,
44] leattrom is gan ionn d'eadráin.
- 45] Uirre sin gidh saor thu-sa,
46] éagcóir d'éis na meabhla-sa
47] lucht a déanmha i dtreise id thoigh
48] gé théarna mei-se ón mheab-
hail.
- 49] Gion gur thuiteas leo is leanta
50] dhaoibh-se drong an aineachta
51] mar do dáilte crú mo chuirp;
52] im shláinte is dú mo dhíoghuilt.
- 53] Feall orm, is gan é ar séana,
54] cuin dhíolfa nó dhíghéala?
55] dlighidh tú a dhíol nó a
dhíoghail
56] síodh mása dhú i
ndoighníomhaibh.
- 57] Suidheochaidh mé do mhuin cheirt,
58] clú th'fhéicheamhnais gidh oirrdheirc,
59] an gníomh doluigh nach dearnais
60] oruibh do bhríogh breitheamhnais.
- 61] Créad fhuil agaibh 'n-a aghaidh
62] gan a íoc ret ollamhain?
63] lucht cogair fhaghla mh'fhine
64] agaibh tarla i dtuinidhe.
p.340
- 65] Cuma gá conair raghas
66] an fear re bhfuil mh'fhaltanas
67] ní bhiú ag cleith dola ar a dhruim,
68] a fhala is id leith leanaim.
- 69] An uair badh chóir dhuit druim ris
70] nó a mhilleadh, a mheic Mhuiris,
71] is gníomh dod dhreich mar dheargfhuil
72] bheith ag díon do dhíbheargaigh.
- 73] Mar nach fuigheadh fear dom chloinn
74] bheith tar th'oirbhire againn
75] bheith agaibh ciodh 'ma badh cáir
76] dom fhior chagaidh gá chongbháil.
- 77] A Ghearóid, gidh doirbh dhamh-sa
78] druim do chur red chumann-sa
79] ceadh 'ma badh ionpháirte inn
80] is fear mh'iomcháinte ar th'uillinn.
- 81] Gé táim ort ag iarraidh ceirt,
82] gidh ullamh thú dá thoirbheirt,
83] leasg gan t'agra, a fhleasg Leamhna,
84] leasg tagra re tighearna.
- 85] Tú d'agra gan t'aithghin linn
86] mo dháil is mó do mhaithfinn;
87] gidh ionam linn dod leanmhain
88] ní hionann inn d'fhéicheamhnaibh.
- 89] Gidh mé as dírghe cuid don cháir
90] dá n-agrar thú, a thuir Iomdháin,
91] budh beag dtaraidh an tulchóir
92] it aghaidh don agarthóir.
- 93] It aghaidh, a fhabhra mall,
94] gé tá an fhírinne agam
95] ní íocfa, a ghéag Thoighe
Tháil,
96] acht oile dhéag do dhíoghbháil.
- 97] Déantar síodh nó bearar breath
98] eadrainn, a earla fáinneach;
99] lór dhúinn a ndobhramair air,
100] a ghormlannaigh úir éachtaigh.
- 101] Nó bíoth cairde leath ar leath
102] 'n-ar ndáil gidh fada an fuireach
103] nó go dteagmha, a dhaithghil duinn,
104] dod fhreagra th'aithghin aguinn.
p.341
- 105] Tuigim is mar thuar faladh,
106] gidh iongnadh an t-ordaghadh,
107] móid agad dhreich raghloin ruinn
108] ar mbeith a hadhbhair aguinn.
- 109] Rum do rinneadh an bine
110] fa bhfuil oram th'oirbhire;
111] do-ghéan uime mh'oirbheirt féin;
112] an buille oirrdheirc ei-séin?
- 113] Baramhail do-bhéarar dhi
114] urchor i n-aghaidh ruaige
115] dá dtógbha fhalaidh eile
116] i n-aghaidh ar n-oirbhire.
- 117] Má do chiontuigheas rut riamh
118] i gcúis fa madh cóir mh'aimhriar,
119] a fholt na bhfinnearladh bhfann,
120] nocht an t-indearbhadh oram.
- 121] Achmhusán nach eagail damh,
122] gé tú ar thoradh mo theangadh,
123] gríosadh neich fa a ní féine
124] ná bheith ar tí toibhéime.
- 125] Aimhleas ar Ghaoidheal ná ar Ghall
126] do mhuin diomdha ní dhearnsam;
127] is díleas inn dá gach fhior;
128] sinn fa dhímheas níor dligheadh.
- 129] Do-ní méní dá mhaoid-
heamh
130] i n-aghaidh bhar n-iolmhaoineadh
131] dot fhéin dhaoinigh druim ar druim
132] réir gach aoinfhir fam acmhuinn.
- 133] Aithreach a fhad do leanas
134] díbh gidh maith bhar muintearas
135] más é as tuar dímhiadha dhamh,
136] a sduadh mhínfhiadha Mhumhan.
- 137] Trem dhiomdha ar do dhreic rachaoin
138] ní fhuighbhe uainn éantathaoir;
139] nochan fhuighbhe uaim itghe;
140] is cuibhdhe uaibh imirce.
- 141] Imirce nach áil linne
142] do-ghéan d'aimhdheoin mh'intinne
143] tre fheirg ret aighidh nuaidhe,
144] a dheirg raighil rosguaine.
p.342
- 145] Ceileabhradh dhuitdia do mhóid;
146] mei-se ag gluasacht, a Ghearóid;
147] do sheachna ar neach níor dhú dhamh
148] muna bheath tú dom thréagadh.
- 149] Fear aithne na n-uile cheard
150] dom thréagadh truagh an díbhearg;
151] gá dú acht ní aithnighe inn
152] gidh tú as aithnighe i nÉirinn.
- 153] Feabhas th'aithne, a fhir Theamhra,
154] córaide dhamh doimheanma
155] th'anáir faoi ó nach fuighinn;
156] fagháil gnaoi do ghnáthuighinn.
- 157] Dar leat nocha rabha riamh
158] id bhrugh, a bharr na bhfinnchiabh,
159] is ná faca sibh sinne,
160] a fhir dhathta Dhuibhlinne.
- 161] Dá dteagmhainn duid ar druim róid
162] seocham do ghéabhtha, a Ghearóid,
163] gan mé ná thú rinn do rádh
164] agus rinn chlú ar mo chomhrádh.
- 165] Beag má do-bheirim aithne
166] ort gidh adhbhar machtnuighthe
167] mar do-chuaidh th'aigneadh tar ais
168] uainn ar gcaidreamh bhar gcádhais.
- 169] Ní chongbha th'aghaidh mhóir mhoill
170] feadh a haithinte oruinn;
171] deacair dhamh aithne uirre
172] gan char aighthe oruinn-ne.
- 173] Dar leat ní tu-sa a-tá ann
174] gér dhlúith dá chéile ar
gcumann,
175] nó no ní mei-se mé féin
176] gidh bé dan treise a thoibhéim.
- 177] Baramhail aithne agam
178] a-tá, a chraobh fhial fhabhradhdonn,
179] ar do ghlár 's ar ghné th'aighthe
180] gidh lán mé dod mhearaithne.
- 181] Gé aithnim th'aghaidh gcorcra
182] is th'ucht solus somholta
183] t'aigneadh ní aithnim a bheag
184] aithghreim dod chaidreamh caithfead.
p.343
- 185] Ní hé a ghuth as ghabhtha orm
186] mo bhiodhbha, a bharr na bhfiarchorn;
187] do mhealladh, a bhionnshlat Bhreagh,
188] d'iomlat teangadh ná tigeadh.
- 189] Is faoi leis an bhfear do chum
190] dhuit sgéal aimhleasa oram
191] gion go ndéine inn d'ionnlach
192] sinn dá chéile coimhdhiomdhach.
- 193] Ní hé ná badh éidir lat
194] a chosg, a chiabh na bhfionnshlat;
195] a mbí im cheann gion go gcoisge
196] do-sní dream as
díochoisge.
- 197] Gion go gcoisge an gcaibhdhin mbig
198] do-ní orm cion nach ceilid,
199] cogadh na gcuradh coisge,
200] pobal Mumhan míonfhoisde.
- 201] Do choisgis cogadh chlann Luirc,
202] do cheartuighis chloinn shaorChuirc;
203] ceadh fa gcoisge na ríogha
204] 's nach coisge mh'fhear eissíodha?
- 205] Eadram agus mh'fhear cionadh
206] libh gion go reich réidhioghadh
207] réidh uaibh UrMhumha is Éile,
208] sluaigh urlamha aigmhéile.
- 209] Laighnigh i leith do dhroma
210] fraoch mar éirgheas eatorra
211] tú don chéadghuth ga gcosg soin
212] do bhrosd ar n-éagnach oruibh.
- 213] Do réidhigh do neart a-niar
214] snaidhm cogaidh Chloinne Uilliam;
215] truagh ar réidhigh do rosg glan
216] 's gan chosg ar n-éinfhir fhaladh.
- 217] Mar sin dámadh loinn libh-se
218] do choisgfidhe an gcaibhdhin-se;
219] tig dhíbh Í Chairbre do chosg
220] is airge an tír le a dteagosg.
- 221] Ní chluinim cogadh dá mhéad,
222] a Iarla Inse finnGhréag,
223] nach coisge ó nach ceile
224] gion go gcoisge ar gcoillidhe.Iong.
p.344
- 225] Saor, a Eilionór, ar mh'fheirg
226] th'aghaidh leathain mhóir mhíndeirg;
227] gé tá míndeirge id ghnúis
ghloin
228] ní i gcúis díbheirge deargthair.
- 229] A Chondaois Cóigidh Mumhan
230] nar luigh ar lucht ealadhan
231] gidh tuar mo dhoirre a-dire
232] ní thoille uam oirbhire.Iongaibh.