Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha uaisle ar iath Laighean (Author: Eoghan Mac Craith, an t-Órthóir)
p.335
EOGHAN MAC CRAITH, AN t-ÓRTHÓIR,
cct.
- 1] Iomdha uaisle ar iath Laighean;
2] a n-áireamh ní fhéadfaidhear,
3] ní headh nach éidir gidh eadh
4] seal éigin ar a n-áireamh.
- 5] Leo an chuid as uaisle d'Éirinn
6] clann Chathaoir mheic mhóirFhéilim
7] críoch as ar mhínigh Magh Fáil
8] as ghar d'fhíndigh is d'éadáil.
- 9] An cúigeadh cuid do Chlár Breagh
10] is comha cheathra gcóigeadh
11] tugadh do chloinn Nuadhan Neacht
12] leis nach loinn uabhar d'éisdeacht.
- 13] Na tolcha as teirce sreabha,
14] na linnte as lia éigneadha,
15] 's an úir as saidhbhre sealga
16] fúibh, a Laighne láimhdhearga.
- 17] Aoibhneas iarthair an bheatha
18] i nbhar láimh, a Laighneacha,
19] an ghoirmthealach fhóidshean fhionn
20] 's cóigeadh oirthearach Éireann.
- 21] An múr ós Dhuibhlinn is dí,
22] 's an ráth i raibhe Ó Baoisgne,
23] ráith Teamhrach fa ngealann grian,
24] is seanfhann greadhnach Gailian.
- 25] Cúigeadh Laighean na learg dtais
26] muna chuirthí cré Pharrthais
27] níor shill súil, níor thiomchuil
traigh
28] úir budh ionchuir 'n-a haghaidh.
- 29] An rann coimmeasa do-chiam
30] ag breith ghill do ghurt Ghailian
31] as gheineas Bóinn is Bearbha
32] leigheas dóibh ar dhoimheanma.
- 33] Gach buaidh nuadh, gach sochar sean
34] dá gcluinim ar chrích Laighean
35] ní hé do uaisligh í acht Art
36] ag a mbí ar uaislibh umhlacht.
p.336
- 37] Géag phailme Pharrthais Ádhaimh
38] mac áirmheach Airt Chaomhánaigh
39] mac Sadhbha no saoi do nimh
40] slat naoi mheic Amhra a aithghin.
- 41] Ní hionann béasis báidh
leam
42] d'Art agus d'uaislibh Éireann
43] fiú leis gach neach teacht 'n-a theagh
44] 's is tearc teach i n-a dtéid-sean.
- 45] Umhluighthear dhó i mbonnaibh beann
46] 's i gclochaibh aolta Éireann;
47] do-ní a mbí san fhionnmhuir d'Art
48] 's a mbí san fhiodhbhuidh umhlacht.
- 49] Laighnigh na laoidheang dtana
50] Art fhóireas a n-easbhadha
51] gan bhreith ngill an ní fa nimh
52] nach bí re a linn i Laighnibh.
- 53] Do mhéaduigh neimheadh gach naoimh
54] sochar do chlannaibh Chathaoir;
55] glór laoidheadh agus leabhar,
56] glór aoigheadh dá n-uaisleaghadh.
- 57] sa díobh as dú a leanmhain
58] ainm suaithnidh i seinleabhraibh
59] ainm cóir do Laighnibh do lean
60] Laighnigh an óir a n-ainm-sean.
- 61] Ór uatha i ndíol gach dána,
62] is ór chuca a
gcíoschána;
63] laoich ó tholaigh mhóir Mhogha
64] monaidh óir a n-almsodha.
- 65] Ór corcra ar chlár a mbrannaimh,
66] ór ceard ar a gcathbharraibh,
67] ór tar sréin nglannuaidhe a ngreagh
68] le féin lannuaine Laighean.
- 69] Ní leasainm Laighnigh ar óir
70] d'fhéin Laighean um cheann gcomhóil;
71] féinnidh um an ól ní ibh
72] éindigh nach a hór ibhthir.
- 73] Do chumhdach a gcolg leabhar
74] iomdha ór dá aithleaghadh;
75] 's is iomdha bruithean óir
ann
76] do bruitheadh do bhróin
buabhall.
-
p.337
77] Ní dleaghar ionnmhas eile
78] mar éiric 'n-a n-oirbhire
79] einioclann d'ór ó gach fhior
80] do shlógh geimhiolthrom Ghaoidheal.
- 81] Clann chéadfadhach Chathaoir Mhóir
82] darab cíos comhtha deargóir,
83] a n-anáir do-chiú ar an gcloinn
84] gan a fiú d'fhagháil d'urroim.
- 85] A-tá rí orrdhruic orra
86] ar a bhfuil ádh urroma;
87] éigne ó Bhóinn bháineithrigh
Bhreagh
88] áirimhthir ós ghlóir Ghaoidheal.
- 89] Clann Chathaoir, ceardcha an chogaidh,
90] fa Art Óg ní fhuaradair
91] lá nach mó sa mhó a meanma
92] ón ló a-tá 'n-a thighearna.
- 93] Ní faghthar, ní fríoth,
árach
94] orra fa Art Chaomhánach;
95] doras gáidh ann níor hosgladh
96] i n-am áigh nar iadhosdar.
- 97] Sleagh bhaoghlach 'n-a bhais tana
98] fraoch catha ar Mhac Murchadha;
99] go n-athraigh Art gné an ghallgha
100] gan é i n-alt a agallmha.
- 101] Rí cúigidh láimhdheirg Laighean
102] gidh bé fáth far feargaigheadh
103] ar a leas nó i n-aghaidh Airt
104] i dtreas ní lamhair labhairt.
- 105] Do bhíodh ag leonadh lann nglas
106] mar do ghabhadh fearg Fearghas;
107] re mac rionnamhail Rosa
108] ionnamhail an eagla-sa.
- 109] Agra leis ní lamhadh neach
110] tagra ris níor fheidhm áiseach
111] taoiseach cuaine fhear nUladh
112] feadh a uaille d'ardughadh.
- 113] Fearg mheic Róigh i Ráith Mhacha
114] 's a bhéimeanna baoghlacha
115] do adhain fearg mar í ar Art
116] rí danab ceard an chródhacht.
p.338
- 117] Fearg an tochair ní théid de
118] an rí go cluinsin gceirde;
119] nó go searg le snáth umha
120] a fhearg ní háth iondula.
- 121] Gion go ngoirthí roimhe riamh
122] roileag Éireann d'iath Ghailian
123] rí danab cáir cairt Bhanbha
124] i láimh Airt is iongharma.Iomdha.