Corpus of Electronic Texts Edition
Gach éan mar a adhbha (Author: Tadhg Mór Ó hUiginn)
p.325
TADHG MÓR Ó hUIGINN cct.
- 1] "Gach éan mar a adhbha"
2] oirrdhearc so is 's sé
leantar;
3] gach ealta mar oiltear;
4] ní chleachtfa achd a cleachtadh.
- 5] Lachain i laoibh sneachta
6] ag snámh eighridh uaine,
7] ní fearr leo lá gréine
8] as teo ná an chlá as cruaidhe.
-
p.326
9] Eoin íochtair na fairrge
10] dá nach foghnann faidfhéar
11] bíd choidhche gan chadódh
12] gach n-oidhche fan aigéan.
- 13] Éadána eoin mara
14] ar muigh nach múr trágha;
15] eoin moighe ná móna
16] ar doire ní dána.
- 17] Eoin coilleadh ní cleachtaid
18] cuaird ar muigh ná ar maighshléib;
19] nochan fhaghbhaid dh'anbhuain
20] nach adhraid don aimhréidh.
- 21] Beathadhaigh an bheatha
22] mar bhíd eoin na n-ealtadh,
23] gion gob dh'aonchrúdh oiltear,
24] gan claochlúdh do chleachtadh.
- 25] Cách fa a gcleachtadh bhunaidh,
26] bláth dearcan tre dharaigh,
27] fir fa cháil a gcionaidh
28] is dáibh sin a samhail.
- 29] Gach macaomh mar mhúintear;
30] Maghnus maith do múnadh,
31] slat Breagh, Brian na nGaoidheal,
32] mac mar Niall geal Glúndub.
- 33] Maith do múineadh Maghnus
34] mac Conchobhair Carna;
35] gidh tréan nocha toghdha;
36] gach éan mar a adhbha.
- 37] Maghnus mar do múineadh
38] cá Gall glas ó ngéabadh?
39] sé ag dul tar gach ndúnadh
40] Lugh é is ní hé a éanar.
- 41] Lugh é is Cú na Cearda
42] gach cleas 'gá chúl chraob-
hach
43] ainm dó im gach mbuaidh Buadhach
44] i ngach uair bhus aonach.
- 45] Gach buaidh as bhuaidh aonaigh
46] fhuair 's ní fhuair gan iarraidh;
47] sleagh re sdargha sduadhaigh,
48] fear Falgha, fear fiadhaigh.
p.327
- 49] Fear feithmhe gach fhásaigh,
50] fear catha agus comhluinn,
51] badhbh gheal go ngroigh sheangdhuinn,
52] fear 'ga bhfuil gach foghluim.
- 53] Oide múinte Maghnuis
54] maith ar chách a chomaoin;
55] tug druim re gach ndobhuaidh
56] Ó Chuinn gion go gcommaoidh.
- 57] Do mhúin féin dó dochar,
58] do dhruid é i ngach ionadh;
59] níor mhúin ón ló as leanabh
60] dó achd a shúil re shiobhal.
- 61] Do mhúin trá dá throighidh
62] théid i n-ágh re n-ógaibh
63] ag breith cruidh gach chóigidh
64] fuil do bheith 'n-a bhrógaibh.
- 65] Do mhúin dá ghlún ghealchorr
66] ghabhas beirn re biodhbhaidh
67] a fhilleadh go harnaidh
68] re himeall i n-iomghuin.
- 69] Do mhúin múnadh éagcóir
70] dá ucht réidh go riarthair
71] bheith i gcomhdháil chaomhthaigh
72] re corrgháibh i gcliathchaibh.
- 73] Do mhúin béas dá bhrághaid
74] béas aice as ord cagaidh
75] gan ní uimpe idir
76] achd muince go madain.
- 77] Níor mhúin at achd iarainn,
78] nó at cotún craobhach
79] ón cam gach craobh líneach
80] 'n-a bharr as caomh caolach.
- 81] Do mhúin bheith ag bogadh
82] fan gcleith nó fan gcloidheamh
83] bas choirrgheal an churadh
84] re toirneamh na dtroigheadh.
- 85] Do mhúin meadhón oidhche
86] onchú an earla ghlúinigh
87] loighe i ndoire dhiamhair
88] 's gan loighe achd 'n-a lúirigh.
p.328
- 89] Olc d'fhulang ga fhoghluim
90] is eadh dhligheas deighfhear;
91] fear céadmhaoidhte curadh
92] ní héagcaointe a eidhear;
93] tig 'n-a thuile a thoradh
94] do dhuine fa dheireadh.
- 95] Ní tearc toradh iongnadh
96] aige d'éis a fhorbhaidh
97] do shról dhearg, do dhoinnmhil,
98] don ór ceard i gcornaibh.
- 99] D'fheoil, do lionn, do luachair,
100] do thuathaibh fa threabhaibh,
101] do dhíon bó, do
bhroghaibh
102] d'fhíon is an ló leabhair.
- 103] D'éadach agus dh'eochaibh,
104] is dh'éideadh mar fhaghlus,
105] dh'arm go n-ór, is dh'ionnmhus,
106] dhiongbhus Mór do Mhaghnus.
- 107] Maghnus mhullaigh Tailltean
108] troid ris is réim anáigh;
109] gar don rígh ó roBhóinn
110] tír nar ghabh do ghabháil;
111] maith dá bhfuair ní furáil
112] do fhlaith ar n-uair d'fhagháil.
- 113] Rí gaisgidheach nGaoidheal
114] gorm a chloidheamh crosghlan;
115] rí na n-each a each-san
116] do-ní an chreach do chosnamh.
- 117] Ní héagcosmhail aigneadh
118] dá eoch 's d'fhior a druimne;
119] lán Éire dá n-inmhe;
120] re chéile isad cuibhdhe.
- 121] Each geal, gruagach doinnfhionn,
122] dias a-tá ar tí fuadaigh;
123] creach fhear is each n-éididh
124] re n-each ngeal an ghruagaigh.
- 125] Gruagach go méad míleadh
126] do-éid ar gach n-aoinfhear;
127] each gráineamhail gléigheal
128] re ngáidhfhearaibh Gaoidheal.
p.329
- 129] Manannán an mharcshluaigh,
130] Maghnus Muighe Muaidhe
131] fear eich sheinggil shídhe
132] agus eirridh uaine.
- 133] Níor chumhga neart námhad
134] ní do-san ná di-se;
135] Dia deisiol na deise
136] ei-sion agus i-se.
- 137] Is í an Liath Mhór Macha,
138] mór n-anbhuain ro fhuluing;
139] tug sei-sean bú a Boirinn
140] is ei-sean Cú Culuinn.
- 141] Is i-se an t-eac oirrdhearc,
142] Each geal Taidhg ghloin ghraifnigh;
143] ó a cholg thei-sean teithtir;
144] Tadhg ei-sean nó a aithghin.
- 145] Is i-se an Liath luirgneach
146] lingeas cách i gcathaibh;
147] sei-sion mhac Maoil Mhithigh
148] as phrap re taoibh tachair.
- 149] Si-se re sluagh nGaoidheal
150] Gob na Sgéal sgeamh sholamh;
151] sei-sean Murchadh Mumhan
152] nach tomhthar do thomhadh.
- 153] Sei-sean Síoda Odhar
154] dar bh'aithnidh gach aonach;
155] si-se leath re Lámhach
156] a each achd nach aondath.
- 157] An Blár Aodháin i-se
158] agus Aodhán ei-sean;
159] léigthe an magh dhí is do-san
160] dá rabh sí agus sei-sean.
- 161] Sei-sean Lugh lá an tachair
162] ler thuit fine Fomhra;
163] triall teithidh ní tarbha
164] ris an mbeithir mbodhbhdha
165] fa fhonn Mhuighe Meadhbha
166] ar Dhonn groidhe Garmhna.
p.330
- 167] Conall Cúigidh Chonnacht
168] chosnas Magh n-Aoi n-armghlas;
169] is cathaighe coimhdheas
170] fan machaire Maghnus.
- 171] Maghnus mhullaigh Cruachan
172] croidhe brodla bághach;
173] doirbh fa mhúr Sainbh srianach
174] sbairn re lúdh 's re lámhach;
175] re ghleic ní ghabh lúireach
176] fa Mhagh mhac meic Mághach.Gach.