Corpus of Electronic Texts Edition
Fuirigh go fóill, a Éire (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.321
GÓFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH
cct.
- 1] Fuirigh go fóill, a Éire,
2] gearr go bhfuighe fírchéile;
3] do chéile ní fear foirbhthe,
4] a Éire, a threabh théagairthe.
- 5] A fhionnráith Teamhra Dá Thí,
6] aithnim an fear dá bhfuiltí;
7] triath d'óigleanabh do b'áil libh,
8] a chláir fhóidleabhair Uisnigh.
- 9] Fada nach fuarais, a bhean,
10] aoinfhear d'aicme na naoidhean;
11] fad do chairde is dubhach dhuit,
12] a Thulach Chairbre is Chormuic.
- 13] A-tá fear i n-aois leinibh
14] gearr go bhfuighe fóiridhin
15] i ráith na ngéigbheangán ngeal
16] a chéidleannán mac Míleadh.
- 17] Tánaig an té taoi d'iarraidh,
18] a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,
19] dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;
20] aontamha go fóill fuiling.
- 21] Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,
22] gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;
23] feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,
24] go bhfaghbha th'fhear ionnuachair.
- 25] D'éis dealuighthe go réidh ruibh
26] d'fhuil Chuinn is d'fhíorfhuil Eoghain,
27] a bhean naoidhe an Chláir choimhthe
28] an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?
- 29] Meinic riamh seinbhean mar sin,
30] a leannáin Airt Éinfhir,
31] do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,
32] a threabh dhiamhair na ndeargród.
- 33] Líthear ort-sa re hathaidh,
34] a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,
35] caor do mhianaigh Mogha Néid;
36] sona an liamhain dod leithéid.
p.322
- 37] Duit do thairngir an fáidh Fionn
38] feacht riot i ráithe aoibhioll
39] do dhearbh go mbiadh 'gun bhanfháidh
40] leanbh a-niar dá nuaghabháil.
- 41] Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;
42] leanbh óg don chloinn Charthaigh-se
43] do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh
44] do tharngair an fáidh Fítheal.
- 45] Dá labhradh éinfhear eile
46] leat go teacht don tairngeire,
47] a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,
48] oiréadmhar liom an labhairt.
- 49] Do-níd fáidhe Fuinn Ealga
50] do-níd síona soineannda
51] ar Thealaigh na dTrí gCuradh
52] rí leanaibh do lámhnughadh.
- 53] Ar a leithéid do leanabh
54] sgéala dhuit dá fhoillseaghadh,
55] aoighe sgeoil uaignigh annaimh
56] d'uaidnibh an eoil fhuaramair.
- 57] Lá thoir i gcath Chluana Tarbh
58] d'airdrígh Éireann na n-órarm
59] tig an uair-se d'fhagháil gliadh
60] 's a bhranáin uaisle ar aoinrian.
- 61] Le cloinn Bhriain na síodhbhrugh seang
62] an bhanfháidh darbh ainm Aoibheall;
63] gus an mnaoi d'iarraidh fheasa
64] tiaghair ar chaoi chairdeasa.
- 65] A-dubhairt Donnchadh mhac Briain:
66] "cia dhínn thuitfeas san troimghliaidh
67] d'uaislibh griandathta chlann gCais,
68] a shann iarrata an eolais?"
- 69] "Airdrí Fhódla na sreabh seang
70] tuitfidh Brian ann" ar Aoibheall
71] "tuitfidh Murchadhgá mó
sgéal
72] ní foghthar 'n-a chló a
choimhthréan.
- 73] "Tuitfidh Toirdhealbhach óg ann,
74] mhac Murchaidh bhus cruaidh comhlann
75] re cois roghan fhréimhe Cais;
76] folamh Éire 'n-a n-éagmhais."
p.323
- 77] "Cia ghéabhas Éire dá n-éis"
78] ar Donnchadh ghnúis mar gheilghéis
79] "sloinn dúin, a bhanfháidh mBriain,
80] súil ní faláir re finnChliaigh."
- 81] "Biaidh an tír-sin na dTrí bhFionn
82] do réir m'fháisdine" ar Aoibheall
83] "i ndiaidh na n-ardshlat oile
84] ag Tadhgmhac Briain Bóroimhe."
- 85] Gá dám dó, cuirid an cath
86] Lochlannaigh is laoich Teamhrach;
87] má tá nar shlán clann Chobhthaigh
88] ár ann ar na hAllmhurchaibh.
- 89] Marbhthar le Donnchadh 'n-a dhiaidh
90] urra codhnach síol saoirBhriain;
91] reacht na Fódla mairg do mhill
92] le fógra Thaidhg do thuitim.
- 93] Go hAoibhill d'éis an chatha
94] tig Donnchadh gnúis ghealdatha
95] go fáidh na ríogh ó Ráith
Luirc
96] do ráith narbh fhíor a n-éabhairt.
- 97] "An tí dar thairngir sinne
98] Ráith Teamhra is Dún Duibhlinne
99] a chionta dhíom ní dhlighe
100] dá shíol tiocfa an tairngire.
- 101] "I gceannas Críche Teamhrach
102] rachaidh mac Taidhg Toirdhealbhach
103] ua na ríogh bhus rí
eile
104] do-ní fíor dar bhfáisdine.
- 105] "Beag dtarbha dhuit, a Dhonnchaidh,
106] caill do chirt led ghníomharthaibh;
107] uait féine i ndiaidh do dhoibheart
108] biaidh Éire gan aoghaireacht.
- 109] "Ní laibhéar go laithe an bhráith
110] d'éis shíol mBriain" ar an
bhanfháith
111] "gidh doiligh linn gan leanmhain
112] don bhuidhin fhinn ildealbhaigh."
- 113] Do b'fhíor d'Aoibhill a ndubhairt
114] fuighle ar nach fuil contabhairt;
115] ráinig ríghe is reacht Teamhrach
116] neart na tíre ag Toirdhealbhach.
p.324
- 117] Do thairngir fáidh fada ó shoin
118] go mbiaidh neart Oirir Fhionntoin
119] ag Domhnall do chloinn Charthaigh
120] roinn ghormlann ar ghníomharthaibh.
- 121] Muna thí an tairngire is-teach
122] don Domhnall-so fa dheireadh
123] biaidh lá bhus ard a eire
124] do Thadhg a-tá an tairngire.
- 125] Fáisdine athar más fhíor
126] tiocfa is-teagh d'oidhre an airdríogh
127] más fhíor labhradh gach fhir eoil;
128] ag sin adhbhar m'uirsgeoil.
- 129] Tréig, a Thaidhg, do trealamh leinbh,
130] ná luaidh feasda feidhm roimheirbh
131] súil Mumhan ribh dái-
ríribh
132] sir do chuladh gcaithmhílidh.
- 133] Gabh umad th'úirbheart iarainn,
134] a rosg glas mar ghoirmniamhainn,
135] caomhthruaill do ghlanlúirigh ghil
136] gharbhghlúinigh dhaolchruaidh dheilgnigh,
- 137] Gabh do loinn gcorrghlais gcumhdaigh,
138] a mheic na mná ó ríogh
Lundain,
139] samhail smuail do dhrithlinn deirg
140] dá fhichlinn chruaidh led
chéidfheirg.
- 141] Gabh mar so le séan uaire
142] dá shleigh Con na Craobhruaidhe;
143] fa baoghlach brath na bhfoghadh
144] i gcath fhaobhrach Fhionnchoradh.
- 145] Minic ród fhuair a fhéaghain
146] mionn litreach lán d'óiréanaibh,
147] sgiath fa cruaidh i gcath Ghabhra
148] 's do-chuaid ón chath chathardha.
- 149] Ná beir leat i gceann chatha
150] achd airm adhbhair ardfhlatha;
151] t'fhailm fhionn dhathómra
ós do
chionn
152] do mhionn clachórdha cloichfhionn.
- 153] Tairg do thobhach do chóra;
154] go meala, a mheic Onóra,
155] th'airm curadh go gceo nimhe
156] ler chumhan gleo Gáirighe.
p.325
- 157] Ní mholaim dheit, a leinibh,
158] cóir dhuit Éire
d'fhóiridhin
159] bheith éigcríonna id leanbh go
léir
160] dearbh do chéidghníomha, a
choiléin.
- 161] Mór gcath chuirfeas do dheoin Dé
162] mhac Domhnaill, gnúis mar ghlainré;
163] cóir súil re sealgaire an luin
164] dhúin gidh leanbaidhe a luaghail.
- 165] Cuirfidh cath Mhullaigh Maisdean
166] gleo re bhféachfaidh fíorghaisgeadh;
167] brisfidh calg fa mhagh Midhe;
168] gar do thadhg an tairngire.
- 169] Cath díbheirgeach Dúin na Sgiath
170] cuirfidh oidhre fhóid fhinnChliach;
171] re a ré muidhfidh gach mearchath
172] is cuirfidh sé an Saingealchath.
- 173] Dá ró Tadhg i dtréan Bhanbha
174] biaidh ar-ís 'n-a n-athardha
175] gach aoinneach san riocht reimhe
176] do shliocht daoineach Deirgtheine.
- 177] Dlighidh ollamh uirrim ríogh,
178] reic a áithis 's a fhéilghníomh:
179] gabh ar tós m'fhorfhuighle, a fhir,
180] rem chomhairle fós fuirigh.Fuirigh.