Corpus of Electronic Texts Edition
Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn (Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha)
p.314
TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.
- 1] Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn,
2] ní haimhleisge gan fhochuinn;
3] an leisge labharthar linn
4] leisge ón hanathlamh mh'intinn.
- 5] Tugabhair adhbhar aoire
6] dúinnis damhna éagcaoine;
7] leasg linn gan deighfhéagsain duibh
8] neimhéasgaidh inn fa aoruibh.
- 9] Do creachadh gion gur chead ribh
10] sinn re dreim dá bhar ndaoinibh;
11] glacadh mo chruidh munar chead
12] bacadh ní fhuil ar mh'aiseag.
- 13] Leasg liom uaisle Gaoidheal nglan
14] d'imdheargadh uaim nó d'aoradh;
15] 's is leasg maitheamh mo mhasla
16] nó go n-aithear m'adhbhar-sa.
- 17] Do-bhéar an chairde as dual damh;
18] do-rinne mé bhar moladh;
19] ag so an breacadh san bhagar
20] bhar bhfeacadh má fuaradar.
- 21] Troisgfead oruibh as a haithle
22] mar tá ag éigsibh ordaighthe;
23] do-ghéan trá romhoille ruibh
24] mar tá oruinn-ne d'fhiachaibh.
- 25] Tar ceann mo leisge, a Leath Chuinn,
26] fa dheoidh dá ndeachadh thoruinn
27] gid bé neamhfhaomhadh do-near
28] bhar ndeaghaoradh a dheireadh.
- 29] Dá sgaoiltí aonrann don aoir
30] fa cháchní cluiche
díomhaoin
31] ní bhiadh neart anacail air;
32] radhacair teacht óm theangaidh.
- 33] An gcéin mhéaras Gaoidhealg ghlic
34] mar ghlóir i n-Éirinn orrdhreic
35] biaidh a gcanfuim-ne ar chuimhne;
36] ní hanchuimhne m'fhorfhuighle.
p.315
- 37] Mar sgaoilid crithre a ceardcha
38] dh'iarann d'éis a dheighdheargtha
39] sgeinnfid drithle uaim dom aoir
40] nach sirthe uaidh bhar n-athmhaoin.
- 41] Ní bháidhfeadh Búill mhear ná
Muaidh
42] ná Éirne an oirir ionfhuair
43] neimh ar saighnéin as sia goimh
44] go ria daighfhréimh nDálaigh.
- 45] Ní chuirfe fuarshruth Finne
46] ná linnte im Loch nAilinne
47] ar ndrithleanna druim tar ais,
48] ná flichbheanna fhuinn Iorrais.
- 49] Deargfaid gruaidhe gille mbras
50] im Shliabh Badhna is im Bhearnas
51] re a n-aigmhéile mun mBaoill mbuig
52] im thaobh Braidshléibhe, im Bhuanaid.
- 53] Sgeinnfid uaim aoibhle nimhe
54] don tsoighnéan trom theintrighe
55] le ndreachlas gruadh gach ghille
56] do shluagh neamhchas Neimhthinne.
- 57] Béad gruaidhe nach teo teine,
58] béad óm briathraibh frithire,
59] drúchtbhraoin ris gach ndreich d'Íbh Cuinn
60] is don Bhúrccraoibh fan gcreich chanaim.
- 61] Biaidh ó gach dhruing thoir is thiar
62] do shíol Chuinn, do chloinn Uilliam
63] óm cháir dá gcongbhaighthear
mé
64] tromaithbhear cháigh dá chéile.
- 65] Biaidh "mairg do-chonnairc a chrodh"
66] dá rádhní rádh gan
adhbhar;
67] i ndiaidh a gcaithréime ar chách
68] biaidh a n-aithmhéile i n-
antráth.
- 69] Biaidh mallughad mór a nimh
70] ag cloinn Aoidh ar a n-aithribh
71] tre choimhtheas ngruadh ngnéadhonn
72] thoillfeas uam a n-aibéaram.
- 73] Más d'iarraidh clú do chuirsead
74] an chuairt nach cuairt turuisbheag
75] is 'n-a mhionchlú mharfas sin
76] ar fhionnchrú ghlanchas Ghaoidhil.
p.316
- 77] Ní fás ríghe ná ratha
78] ná buadh trod ná tréanchatha
79] bhias don tí ar a n-iméar m'aoir;
80] a ndingéan dí ní díomhaoin.
- 81] Biaidh an chóir ag congnamh leam;
82] biaidh congnamh ardnaomh Éireann
83] ar shluagh bhonnghlan chaomh Ó gCuinn
84] mar aon is congnamh Coluim.
- 85] Aigeoraidh tre bhar n-ainiocht
86] Colam i n-a choraighiocht
87] na sluaigh-se ar a dteagmhuinn teann
88] eadruinn is uaisle Éireann.
- 89] Ní heagla nach géabhadh greim
90] biaidh 'n-a eisiomláir
d'Éirinn
91] tre m'aoir a fholaidheacht sin
92] coraigheacht an naoimh neimhnigh.
- 93] Sul thí an dál-so mar deirim
94] daoibh, a Leath Chuinn, cuimhnighim;
95] bean far dtoirmisg-ne far dtoil;
96] dar dtroimleisge féin féachaidh.
- 97] Cuiridh fos dá bhfagham cead
98] do chor airde ar ar n-aiseag
99] orm a dtuaidh, a chaoimhLeath Chuinn;
100] ní daoirbhreath uaim a n-abruim.
- 101] An t-oireacht rer chead mo chrodh
102] aca agus ibh-se d'aoradh
103] faghthar ón oireacht díol damh;
104] fíor nach doibheart a dhéanamh.
- 105] Mo chúis im cheann mo leisge
106] anois tráth ar dtoirmeisg-ne
107] ní cneasda nach cuimhnidh sibh;
108] fuilngidh feasda nó fóiridh.Fóirid.