Corpus of Electronic Texts Edition
Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.312
TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.
- 1] Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire,
2] maoidheamh asad is é ar lón;
3] bíodh mo chás-sa ort 'n-a oire
4] nocht do ghrása, a Mhoire mhór.
- 5] Tuig féin go bhfuilim i n-éigin,
6] is oircheas duid déachain faoi;
7] éisd rem fhuigheall gidh olc mei-se;
8] cluineam ort a threise a-taoi.
- 9] Cuimhne an bhráithris bhím do mhaoidheamh,
10] a mháthair Íosa an fhuilt chlaoin,
11] ó nach cubhaidh re mac Mhoire
12] an cumhain lat goire ar ngaoil?
- 13] Mall mo fhreagra ó Rígh na n-uile:
14] 'gum urnaidhe gá fhad bhia?
15] mar a-taoi liom meisde ar meanma
16] leisge riom dá ndearna Dia.
- 17] Rí na ndúl dá ndearna ar n-eiteach
18] iarraim ort, gidh ard an chéim,
19] sinn ar-aon do dhul fa dhiomdhaidh,
20] a shubh craobh dar bhfiodhbhaidh féin.
p.313
- 21] Gidh bé itche iarrfas mei-se,
22] a mhathair Dhédia do bhail
23] gomadh neamh ar thós a taradh,
24] gidh eadh fós ní anabh air.
- 25] Ní haisgidh cruidh gidh créad eile
26] iarrthar uaim ar th'earrla nocht;
27] ní beithte, a mháthair Dhé, i ndiam-
hair
28] gidh bé a-táthair d'iarraidh ort.
- 29] Dá nguidhe Críosd tar ceann mh'anma
30] lem aigneadh ní headh budh lór
31] ar son Néill Gairbh muna ghuidhe
32] im ainm féin, a Mhuire mhór.
- 33] Riot do-bheirimbíodh ar th'eineach
34] a inghean Anna as ard clú,
35] taobh re hÓ Conaill do chobhair,
36] toghaim mar mhaor dtobhaigh thú.
- 37] Cabhair do rígh rátha Murbhaigh,
38] a Mhuire, a bhuime na mbocht,
39] mar do bheinn féine i n-idh iarainn
40] déine ná sin iarraim ort.
- 41] Ní bheidís Gaoidhil Ghuirt Banbha
42] muna bheadh cosg a gcinn sluaigh
43] ní as sia gan chreideamh dá chéile
44] dá leigeadh Dia Éire dh'uaim.
- 45] Gion go bhfríoth ceannas Chláir
Fhódla
46] i n-éinfheacht 'ga earrla bhug
47] do Bhanbha Dá Thí ní tualaing
48] rí ná damhna an tuaraim thug.
- 49] Gidh mór mbliadhain do bhí i n-
éigin
50] Inis Banbha, bean Dá Thí,
51] a-déaradh féin nach fuair doghruing
52] go buain Néill Í Domhnaill dí.
- 53] Má rugadh breath 'n-a breith leathtruim
54] ag laochraidh Gall im Ghort
bhFloinn
55] rugadh do bhreith ar fhiadh n-Éireann
56] Niall do bheith i ngéibheann Goill.
- 57] Ceadh nach tráighfidh a dtonn meanma
58] mac Toirdhealbhaigh ó tá i láimh?
59] roimhe soin gér mhór a meadhair
60] do loigh brón ar fearaibh Fáil.Faillsigh.