Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Fogus furtacht don tír thuaidh
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry
Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft.
Extent of text: 2271 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland http://www.ucc.ie/celt (1997) (2010) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402116
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 197.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 625, 277 (alias 3 C 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 4, 80 (alias 24 P 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 564, 57 (alias 23 N 26: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14).
Further reading- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
- Lambert McKenna, 'To Aodh Ó Domhnaill', Irish Monthly 55 (1927) 46873.
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Fogus furtacht don tír thuaidh in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office] (1938) page 307312
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words
have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
There are no quotations.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the poem. Pagebreaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are
marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet
(c.1627 (see P. Ó Macháin))
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402116
Fogus furtacht don tír thuaidh: Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
p.307
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Fogus furtacht don tír thuaidh,
2] fogus furtacht dí dom dhóigh,
3] tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim;
4] don taobh thuaidh is goire an ghlóir.
- 5] Broid an chóigidh saorfaidh súd;
6] fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag
7] an t-Iarla oirbheartach óg
8] griangha ó fhód ghoirmealtach
Ghréag.
- 9] Dá dhaghfhádh fa díleas rún
10] Fítheal is Dallán na ndámh
11] i gcuimhne ríomhthair a-raon
12] fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh.
- 13] Muaidh is Doire is Dún na nGall
14] agus múr Oiligh 's an Fhionn
15] 's ní sa mhóní
míobháidh leam
16] dó do gheall an fíorfháidh Fionn.
- 17] Na Conaill fhíre as fhearr buaidh
18] dar gheall Coluim ríghe róinn
19] ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;
20] bíodh súil gach Gaoidhil re glóir.
- 21] Ar labhair Cormac Ó Cuinn
22] ní samhail d'orchar re haill;
23] d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn
24] Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill.
- 25] Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,
26] triallfaidh le chabhlach tar cuan,
27] líonfaidh beannBhanbha na mBrian,
28] fíorfaidh thiar seanlabhra suadh.
- 29] Géisfidh an Ana re n-Aodh,
30] na slata géisfid dá ghrádh,
31] géisfidh gach ní do-ní nuall,
32] géisfidh an cuan dá dtí i
dtrágh.
- 33] An Loch Léin-se léigfidh gháir
34] an Éirne géisfidh re a ghlóir;
35] cuirfidh meanma ar gach dúil díbh
36] Súir mhín agus Bearbha is Bóinn.
p.308
- 37] Mar bhóchna bhailbh briathar mall
38] an griangha dá ghairm a-nonn
39] ar tí a gharma ceann i gceann
40] budh teann labhra na dTrí dTonn.
- 41] Na feadha ag claonadh dá gcloinn,
42] na gaotha ag gealladh Í Chuinn,
43] tug a dháil go domhan Finn
44] foghar binn re tráigh ag tuinn.
- 45] Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán
46] gach ní do gealladh dá ghaol;
47] an cuire do imthigh uainn
48] fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh.
- 49] Clann Dálaigh fan teo gach toil
50] do-chádair mar cheo do mhuigh;
51] do sóigh an chrobhuing ór chein
52] glóir i dtreibh Chonuill do chuir.
- 53] Go bhfagha tuir Tholcha Floinn
54] do chomhdha a chuirp ar gach chaill
55] an ré do bhean Dia don druing
56] nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill.
- 57] Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh
58] pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,
59] an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;
60] nár thoirne uainn m'fhuigheal áir.
- 61] Creach eile ní fhuighe an tnúth;
62] meinic budh cuirthe do chách,
63] fa ruire tilidh na dtuath
64] sighin luath is guidhe ghnáth.
- 65] Lór don fhormad teacht rer dtréan,
66] 's ar gcomhlot do theacht dá thaobh,
67] rogha ar gcuaine aga i n-úr;
68] nár ghada an tnúdh uainne Aodh.
- 69] Do bhí sochar bánfhuinn Briain
70] ó Chonga go Máluinn mín
71] síos re fánaidh ar feadh fúinn
72] gur bhean tnúidh Í Dhálaigh
dhínn.
- 73] Dá fhoichne a haonchrobhuing iad
74] naomhCholuim roimhe i ngach ród
75] Críosd cáidh le griangha na nGréag;
76] ní dáigh d'éad an t-Iarla
óg.
p.309
- 77] Flaith dan cóire Teach Dá Thí
78] ná meas ar a óige é;
79] gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;
80] leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé.
- 81] Dá mhórrath budh fogus fás
82] is dá mhórdhacht dola i ndlús;
83] teas caol do-ghabhar re ngríos;
84] caol bhíos gach tamhan ar tús.
- 85] Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,
86] ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,
87] biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;
88] teacht caol ag deathaigh is dual.
- 89] Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír;
90] gidh óg budh harsaidh a threoir;
91] ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir
92] glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh.
- 93] Do chleacht go dlúith doghraing reann
94] ceap Ó Domhnaill Dhúin na nGall;
95] ag uaim róidlearg na dTrí dTonn
96] do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann.
- 97] Conn Céadchathach ceann gach slóigh
98] fa teann ar éachtAchadh n-Ír
99] rí Breagh do hanadh re a uaim;
100] 'n-a thamhan fuair Teagh an Trír.
- 101] Posd cothuighthe na gcóig sgol
102] Conaire Mór fa mór seadh
103] fuair glóir dá thaghadh ó thal
104] do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh.
- 105] Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am
106] go hág ar an uair do b'fhearr
107] Iath Breagh do chosain dá chionn
108] do gheabh Fionn ó thosaigh teann.
- 109] Ar an nós-sainní nós
nár
110] acht gidh óg órfaidh a ghaol;
111] cia an fádh nar tharngair a thréan
112] séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh?
- 113] An dream fhuair go hóg tre aoibh
114] gach fód um Bhuais is um Bhúill
115] is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil
116] mar do-chóidh dháibh go ndeach
dhúinn.
p.310
- 117] Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;
118] fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon;
119] leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,
120] beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn.
- 121] Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh
122] orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;
123] bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh
124] culadh bróin fa Bhanbha Bhriain.
- 125] Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé
126] le dorchacht ní dhealaigh sí;
127] meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;
128] do mhnaoi bhróin is aithghin í.
- 129] I mbrón na Traoi tarla ciall
130] an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;
131] múradh a clach damhna déar
132] tarla léan do rath a ríogh.
- 133] Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi
134] dá hanáir nochar fhéach sí;
135] dá port úr do b'eagar clé,
136] do leagadh lé go húr í.
- 137] Bile réidh dá fiodhbhaidh féin
138] is é do b'ionchuir dá huaim;
139] an obair do bhí gan bhrígh
140] do thogaibh Prímh hí ar n-uair.
- 141] Toigéabhaidh toimhse na múr,
142] toigéabhaidh toighe na naomh,
143] tulach sgaithmhín Dá thí thiar
144] dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh.
- 145] Cosmhail re cóirgheadh na Traoi
146] mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;
147] tír 'n-a loighe tír Dá thí,
148] dí goma Prímh oile é.
- 149] Bóinn bhordbhláith na seintreabh
séimh
150] do thogbháil a teinnteach mbúidh
151] le grádh tar grinneal an chuain
152] filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn.
- 153] A-táid na toirthe a-tá an úr
154] mar tá gach foichne 's gach fádh
155] 's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;
156] triall tar sruithlinn dún i ndán.
p.311
- 157] Cuireadh le mbréagfa i mbrugh
Floinn
158] tug an Téamhagh go n-a thuinn
159] is na neoil fhlatha re a linn
160] 's na heoin do rinn catha ó gCuinn.
- 161] Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan
162] 's don Bhaoill i nglas acht a ghlár;
163] rg bhailbh ad-bhath a bríogh;
164] clach na ríogh dá ghairm tre
ghrádh.
- 165] Aodh Lighean dá ngabhar greim
166] dá ndlighthear ragha agus roinn
167] bíodh a chiall ag cathair Chuinn
168] rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn.
- 169] Iar ndul tar lear béaraidh buadh,
170] géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,
171] cuirfidh na talmha fa thréan;
172] luighfidh séan a anma ar Aodh.
- 173] A-tá lais go Fiadh na bhFionn
174] cairt ó Niall is cairt ó Chonn;
175] ní bhia taobh re cúirttreibh crann;
176] fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn.
- 177] Fillfid a bhrughaidh le báidh
178] fillfid a urraidh tre aoibh
179] go fleisg Éadair san taoibh thuaidh
180] 's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil.
- 181] Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,
182] biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin,
183] biaidh ana ar adhbha gach naoimh,
184] gabhla im chraoibh dá chara i gcéill.
- 185] A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,
186] suidhfidh le cáir idir chách;
187] le reacht bhinn báithfidh an fuath;
188] cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth.
- 189] Caor bhuadha ler tuilleadh toil
190] ní chluinim, ní chuala, a sdair,
191] fíor flatha nach fuair a fhuil;
192] ní fhuil buaidh gan fhatha air.
- 193] Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,
194] do ríoghadh re gcuingidh Cé
195] don tréad darbh iomchubhaidh í
196] céad acht rí ós thiormThulaigh
Té.
p.312
- 197] Gach annáil dá laoidheadh linn
198] branáin Gaoidheal druim ar dhruim
199] a-táid fa Mhál Fine Floinn
200] 's na Goill as sine i gclár Chuinn.
- 201] Mac Brighde fa mbloghthar dair
202] budh hinmhe an bronnadh do-bheir;
203] treabh seanAirt ó mhuir go muir
204] do gheabh fuil Gearailt ór ghein.
- 205] Gnáth méin gach con i n-a cuan;
206] a-tá ag dréim re dol tar sál;
207] do Rudhroidhe do oir Aodh
208] craobh chumhraidhe re bhfoil fádh.Fogus.