Corpus of Electronic Texts Edition
Fód codarsna críoch Bhanbha (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
p.302
EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.
- 1] Fód codarsna críoch Bhanbha;
2] mór d'uaislibh na hathardha
3] taoth ar sgáth oiléin na n-olc
4] fan gnáth doimhéin do dhúsocht.
- 5] Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil,
6] iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh,
7] iomdha oil úir san eing-se
8] re goimh thnúidh 'n-a timchill-se.
- 9] Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,
10] gnáth leo lot na hathardha
11] re gomh croidhe dá chéile;
12] blogh oile dá haimhréidhe.
- 13] Meinic a-niodh 's a-nallain
14] miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh
15] do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais
16] fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais.
- 17] Meanma chroidheamhail chogthach,
18] aigneadh doiligh díoghaltach
19] dóibh sin ag saorchath Banbha
20] fir na n-aolchlach nAllmhardha.
- 21] Lucht inghreama Innse Fáil
22] 's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin
23] casmhail a rún dá-roile
24] fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine.
- 25] Eagla cniochtGhall re a gceanaibh
26] eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh
27] 's gan ghlas fa éineing orra
28] ní has d'Éirinn eatorra.
- 29] Gidh eadh ní hionann gach olc
30] is anbhuain fhairche Chonnocht,
31] achadh cuaingheal na gcall sean,
32] ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal.
- 33] Sluagh Danar ar dhruim a cean
34] ar olc re huaislibh Ghaoidheal
35] tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,
36] Gaoidhil san chruth chéadna-sain.
p.303
- 37] Tnúthach bhfoghla re fada
38] Goill is mac Meic Diarmada
39] mór d'éintír ionnramh a n-
olc
40] fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht.
- 41] Ní choisgid aonlá d'fhoghail
42] Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair;
43] bídh amhlaidh ar fhuath na nGall
44] faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall.
- 45] Ní lugha as mhillteach mac Taidhg
46] ar iath Cruachna an chláir mhínaird
47] tír bhreaclongach na mbruach slim
48] d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn.
- 49] Mór longphort do leagadh lais
50] feadh cogaidh an duinn dearcglais
51] 's níor tógbhadh dún ná
diongna
52] san mhúr fhódghlan oireaghdha.
- 53] Gidh eadh is easbhaidh air féin
54] gach cion gnáth, gach greas aigmhéil,
55] gach díbhearg dá ndéanann sain,
56] fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh.
- 57] Budh aithreach leis uair éigin
58] iath Cruachna an chláir
mhínghéiggil
59] muighe slaitgheala síon dte
60] gan aitreabha ríogh roimhe.
- 61] Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha
62] bheith ag ól fleadh bhfíneamhna
63] náir don tairngeartach ros togh
64] fa ghairbhleachtach cláir Chruachan.
- 65] Gach brugh dar bhris go talamh,
66] gach lios dar loisg Conchabhar
67] budh saothrach ar a ghruaidh ngil
68] ag uaim aolchloch 'n-a n-áitibh.
- 69] Adamar tar éigceart nGall
70] budh fuar do dhruim a ndéanann
71] ráth shéadChruachan na sreabh dte
72] fa éadnuachar ngeal nGaillmhe.
- 73] Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan,
74] go mbia cuimhne a chreachruathar
75] saoilimgion go saoiltir lais
76] 'gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais.
p.304
- 77] Tuigthe dhamh gé deirim sain
78] do nós bhan nach bí Cruachain
79] iosdadh úr oileamhna Chuinn;
80] roidhiomdha dhún mar dearaim.
- 81] Luighfidh air d'éis a ndearna;
82] ní bhia cuimhne a céidmheanma
83] glac as créachtdomhain ó chath
84] ag séantolaigh mhac Mághach.
- 85] Ráth Meadhbha na múr líggeal
86] fiú a bhfuair d'ulc dá himdhídean
87] do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn
88] cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann.
- 89] Meinic riamh do rinneadh sain
90] ag díon Chonnacht d'Ú Eoghain
91] gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma
92] fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha.
- 93] Meinic lingeas leirg dtroda
94] re cathaibh chlann nDiarmuda
95] tre bhróin ngéirreann síothghlan
sean
96] ar léibheann bhfíochmhar
bhféinneadh.
- 97] Meinic dhoirtear i ndeabhaidh
98] d'fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh
99] ceatha braon ndorus ndomhain
100] fan dtaobh solus síodhamhail.
- 101] Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn
102] a bhfuil d'airrdhíbh Chon Culuinn
103] san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh
mhir
104] dá neamhchaomhna ar uair éigin.
- 105] Cú Chulainn an chroidhe mhir
106] níor chuir riamh i rinn éigin
107] bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
108] síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
- 109] An tráth fa dtigdis uile
110] i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
111] níor bh'uamhan le beithir mBreagh
112] sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
- 113] Fir Éireann d'aonrún cogaidh
114] d'éis na Tána tángadair
115] d'fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
116] ealbha ánrath fa Oilill.
p.305
- 117] Lingis i lámhaibh Ultach
118] an Cú fíochdha fóbartach
119] tré bhróin gcrannruaidh choille reann
120] i gcoinne armshluaigh Éireann.
- 121] Innlid ar Choin na ceardcha
122] a gcleasa áigh inneallta
123] uaisle an chuire chneisghil chaoimh
124] sa bhreisligh uile d'aontaoibh.
- 125] Leathtrom muinntire Meidhbhe
126] don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
127] téid soin ar chéadfaidh catha
128] do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
- 129] Gidh eadh tar éis a ndearna
130] ar chathaibh Chláir seinMheadhbha
131] do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
132] sa treas éichtiongnadh uathmhar.
- 133] Cuiris láimhlór do phudhar
134] d'eis a chuirp do chréachtnughadh
135] slat do b'orsa d'fhine Ír
136] ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
- 137] "An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
138] go dul orm ní fheadamar
139] gur neamhchruaidhe ná cur cloch"
140] ar cur fearchuaine Ultach.
- 141] "Gé a-tá a-niogh 'n-a chosair chró
142] ní shaoil mémóide
mh'iarghnó
143] narbh iarann cruaidh mo chridhe"
144] ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe.
- 145] "Bheith dom chroidhe d'fheoil nó d'fhuil
146] dá saoilinn" ar Cú an chleasraigh
147] "fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
148] leath a ndearnas ní dhingninn."
- 149] Mar sin narab séad samhail
150] bheith i gcath, a Chonchabhair,
151] gan ghuais fhuileachaidh d'arm ort,
152] a bhadhbh fhuireachair éadtrocht.
- 153] Saoiltear leat le linn deabhtha
154] croidhe iarainn aithleaghtha
155] 's gan sgáth a chréachtghoine id chorp,
156] a bhláth céachtMhoighe Connocht.
p.306
- 157] Dar leat bídh lúireach Logha
158] i gcath fad chneas míontana
159] red dhimbríogh i ndíon do chuirp,
160] a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc.
- 161] Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim,
162] go mbí airm Uair mheic Tuirinn
163] id bhais tslim ghéiggealtais ghloin
164] i rinn éigeantais agaibh.
- 165] Munab eadh, is iongnadh linn
166] mar thig tu-sa toisg innill
167] saor i gcéidrinn gach chatha,
168] a chraobh ghéigshlim ghormMacha.
- 169] A aigneadh fosaidh feithmheach,
170] a ghus reachtmhar ríbheithreach,
171] a dhreach shlim níamhsholuis náir,
172] a ghrianfhorais fhinn Fhuaráin.
- 173] A éigne ón Charraig chladhaigh,
174] a phosd catha, a Chonchobhair,
175] a ghnúis ghairthe re dtéigh tol,
176] a réim aithbhe dá hanfadh.
- 177] A leac thairsigh na troda,
178] a choiléin chlann nDiarmoda,
179] a bholg fichigh fionnshroth dtréan,
180] a chrithir shiobhlach shoighnéan.
- 181] A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh
182] rann do ghnáth d'Aodh Mhág Uidhir,
183] géag armghonta ón mhínFhinn mhuill
184] d'fhírrinn adhmholta oruinn.
- 185] Fiacha oram-sa amhlaidh sin
186] inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh,
187] dlighidh sin míonrais molta
188] dá síodhbhais dhil dhonnchorcra.
- 189] Díoghrais mholta dá dreich dhuinn
190] ní fuláir d'inghin Domhnaill;
191] clú a saorathar is dual dí
192] sduadh ó chaomhachadh Chairbre.Fód.