Corpus of Electronic Texts Edition
Do Fhlaithrí Ó Maoil Chonaire (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
- 1] Éisd rem egnach, a fhir ghráidh;
2] is tús damh ó Dhia an domhnáin
3] i ndiamhair le dlús guidhe
4] iarraidh ar tús trócuire.
- 5] Tug an toice re haimsir
6] druim riom san chrích Chonaill-sin;
7] im aghaidh is ionnsa í;
8] liom-sa labhair, a Fhlaithrí.
- 9] Do choilleas onóir mh'anma
10] 's mo bhuar's mo lucht leanamhna
11] 's mo dhúthchas gidh dál pudhair
12] i glár chlúm-chas Chonchubahair.
- 13] Fás slios agam re hathaidh
14] d'easbhaidh shíl Chuinn Chéadchathaigh;
15] am slat chroimcheannach re headh
16] i ngoirmtheallach mac Míleadh.
- 17] A charaós dá chasaoid ruibh
18] Goill dom athchur 's dom arguin
19] rom thug go Labháin tar linn;
20] rug a hanáil óm intinn.
p.118
- 21] Ainm uasal san Eoruip ort,
22] tú airdeasbag Chláir Chonnocht;
23] déana báidh is robháidh rinn;
24] is cáir dot onáir mh'fhaithchill.
- 25] Ní maith mo dhóigh, a dhearc mhall,
26] díoth toice má tug oram
27] teacht ó chaithÉirne an chlúimh thruim,
28] súil re haithéirghe aguinn.
- 29] An bláth chuireas an choill di
30] tig a ionnshamhail uirthe;
31] re ndul dúinn go cathmhúr gCuinn
32] súil ris an athchlúmh aguinn.
- 33] Tig teas iomarcach d'éis reoidh;
34] glanaidh grian i ndiaidh duibhneoil;
35] fásaidh slios ré ar n-a raghuin;
36] gá fios nach é mh'ionnshamhail.
- 37] Cuirfe as mo chroidhe a chumhga;
38] a-tá iomad th'ealadhna
39] 's do rífhreamha dom reic ribh,
40] a mheic fhíréanna Fhíthil.
- 41] Maine mac Néill, Niall féin,
42] Eochaidh Muighmheadhón maoithréidh,
43] drong Fuineadhach nar bh'olc n-áigh.
44] 's Muireadhach ort dom fhuráil.
- 45] Fiacha Sraibhthine, súil ghlas,
46] Cairbre Lifeachair lúthbhras,
47] agus Cormac dom char ort,
48] donnghlac nachar ghabh guasocht.
p.119
- 49] Art Éinfhear, Conn na gcéad gcath,
50] Féilim Reachtmhar rí Teamhrach,
51] is Tuathal dom fhuráil ort,
52] a bhranáin Chruachan Connocht.
- 53] Biaidh a bhfuil ó Thuathal thiar
54] go hÉireamhón ar éinrian
55] ag labhairt leam ais re hais,
56] a cheann adhairt gach eolais.
- 57] Dlighe ó chrú Chormaic mheic Airt,
58] 's ód ghairm onóraigh orrdhairc,
59] is ót sheanathair láimh linn
60] báidh ret ealathain inghill.
- 61] Do sheanathair san aois óig
62] do chuir gealldar ghar urchóid
63] fa dhán re hadhbhar eile
64] glár far hadhnadh oirbhire.
- 65] An uair-sin ó thír do thír
66] do-chuaidh Muirgheas mhac Paidín
67] a-nonn i gceann mo chinidh,
68] drong ór fhearr a fhóiridhin.
- 69] Tug m'aicme ann sin láimh do láimh
70] le Muirgheas do mhuin roghráidh
71] cuairt cheiníl go Cruachain gCuinn
72] ó thuathaibh Ceiníl Chonuill.
- 73] Rug mh'aicmei-seiúl go bhfios
74] breath san mhórdháil le Muirgheas
75] an uair-sin féin druim ar druim
76] céim do uaisligh a fhoghluim.
p.120
- 77] Ris an bhfine dá bhfuil sionn
78] mac Paidín oide Éirionn
79] ceangal síor ó soin i-le
80] ag a síol i Moigh Mheidhbhe.
- 81] Sliocht Eoghain Mhóir Mheic an Bhaird,
82] sliocht Muirghis ón mBúill mbraonaird,
83] fa mhóid gráidh shíordhuidhe ó shoin
84] tar dáimh fhíonMhuighe Fhionntain.
- 85] A airdeasbaig fhóid Aidhne
86] mar chairt ar ar gconnailbhe
87] ní cóir blagh do dhul di-se
88] an i mbun na báidhei-se.
- 89] A mheic Fhíthil, adhair dhi
90] baidh ar n-aicmeadh rer-oile;
91] buail séala ar mh'annsa as a hucht
92] déana dhamh-sa do dhúthrocht.
- 93] Ag sin an pháirt 'n-a páirt te
94] cuir a hucht ar dá n-aicme,
95] a ghéag abhla ó Thoigh Dhá Thí,
96] do thoil led labhra, a Fhlaithrí.
- 97] A mheic Onóra éisd rinn
98] gé táim ann nochan fhuilim;
99] ó theasda mh'ana éisd mh'uch;
100] a chara éisd rem éagnach.
p.121
- 101] Sir síoth dhamh ar dhaonnacht Dé
102] gion go ndearnas a dheighréir
103] rem ré san bheathaidh i-bhus,
104] a Pheadair, éisd rem éagnach. Éisd.