Corpus of Electronic Texts Edition
Each gan aradhain an fhearg (Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó
hUiginn)
p.286
MAOL SHEACHLUINN NA n-UIRSGÉAL Ó hUIGINN
cct.
- 1] Each gan aradhain an fhearg
2] do-níghá deacra
díbhearg
3] ag breith chéime ar a conair
4] déine eich gan arodhain.
- 5] Each gan aradhain uirre
6] déine ná rioth réalluinne;
7] deirge ná drithle gan smál
8] crithre na feirge ar bhfadádh.
- 9] Ionann a n-airdheanna sin
10] ní horam-sa nar imthigh
11] neach nach gabhann ar a ghuth
12] each ga mbloghann a béalbhach.
- 13] Fearg ar bhfagháil a sboraidh
14] mar bhíos each gan arodhain
15] tarla rinn 'n-a tonnghoil te
16] sinn ag comhghoil re chéile.
p.287
- 17] A mheic Raghnailte, a rún ban,
18] tu-sa a-deirim dá déanamh
19] gan fheacadh ó aonghuth dhí
20] an eatal fhaobhrach fheirge.
- 21] Gidh meise féin ní fríoth ann
22] locadh aonfhocail agam;
23] níor loc mé mian mo theangadh;
24] a srian lé do léigeamar.
- 25] Níor thógbhais do shúil ó
shin
26] riom, a Bhriain Í Bhriain Luighnigh;
27] ní cara an tí dá dtabhar
28] fala agus í ar n-arsaghadh.
- 29] Do thréigis an béas bunaidh
30] riom-sa, a rí Ó gConchubhair,
31] an fhearg ní luaithe leat-sa
32] ná ag searg uaithe t'aigneadh-sa.
- 33] Cosmhail re Coin na hEamhna,
34] a Bhriain, a bhláth fhíneamhna,
35] do thonn fheirge i ngoire ghliadh
36] 's do cheirde oile ar aoinrian.
- 37] Mar nach faghadh Cú an chleasraigh
38] díol a fheirge d'imreasnaibh
39] níor bh'iontaoibh cách ris an gCoin
40] i dtráth iompaoidh ó éachtaibh.
- 41] Laithe do-chuaidh do chur threas
42] nach fuair a fhóirithin d'áitheas
43] dá dtug mire chatha an Chon
44] cridhe na flatha ar bhfiuchadh.
- 45] Don fheirg do-chuaidh 'n-a chridhe
46] Cú Chulainn cúis deibhthire;
47] do hadhnadh a fhuil 's a fheoil
48] go bhfuil 'n-a adhbhar uirsgeoil.
- 49] An lá-soin ar lasadh dhi
50] do-rinneadh inntleacht uirre
51] as ar chosmhail a searg soin
52] fearg na Con-sain an chleasraigh.
- 53] Trí dabhchadia do thuigse
54] do líonadh ann d'fhíoruisge
55] dá chur i ngach dabhaigh dhíbh
56] do chabhair Chon an chleitin.
p.288
- 57] An chéaddabhach uisge fhuair
58] i ndeachaidhdíochra an anbhuain
59] do bhí an soidheach thall go te
60] 's do choimhfhioch ann an t-uisge.
- 61] An dara dabhach dhíobh soin
62] mar do fhothraig Cú an chleasroigh
63] a chneas ar fud an uisge
64] do-ug an teas tánaisde.
- 65] An treas dabhachdia do rath
66] mar do toirneadh a theasbhach
67] d'aithle na dtrí gcuairt do chur
68] do bhí gan fhuacht gan fhiuchadh.
- 69] Cú Chuluinn an chrotha ghloin
70] táinig as na trí dabhchaibh
71] d'éis a fheirge do dhul de
72] mar sgur leirge dá luisne.
- 73] Ar lorg an chleasa chéadna,
74] a Bhriain na mbreath bhfíréanda,
75] do-ní sinn suaimhneach i-se
76] do linn uaibhreach fheirgei-se.
- 77] Na trí dabhcha a-dubhairt mé
78] do cumadh do chosg fheirge
79] cóir teann as a soighníomh
sin
80] a gcoimhlíon leam do laoidhibh.
- 81] Do thoradh mo thrí laoidheadh
82] do chionn t-each is t'iolmhaoineadh
83] gidh bé a-dearam red ghruaidh ngil,
84] fuair mé t'fhearann i n-aisgidh.
- 85] Dá mbeinn dod chur i gciontaibh,
86] a Bhriainmheic mheic Muircheartaigh,
87] cionntaighe sinn iná sibh;
88] ar gciontai-ne linn léigidh.
- 89] Gach aonuair, a ucht mar thuinn,
90] dar fhás imreasan eadruinn
91] gér neimhneach inn it aghaidh
92] neimhdhrioch rinn do rónabhair.
- 93] As an gcloich, a chroidhe the,
94] re síorbhualadh tig teine;
95] rer gceird-ne do samhladh sin
96] ag adhnadh t'fheirge ar éigin.
p.289
- 97] Gá dám acht ní dheachaidh as
98] gur éirigh, a ucht solas,
99] fearg nua ret fhilidh oraibh,
100] a ua cinidh Chonchobhair.
- 101] Tig don fheirg-sin leath ar leath
102] is do chomhairleach Chairbreach
103] gur cuireadh as ar n-áit inn
104] cáit a suidheabh dá suidhinn.
- 105] Téaghadh na háite uaire
106] deacair d'fhior na haonuaire
107] 'n-a dtuilleamh buidhe bídh sinn
108] gach duine is tír a dtéighim.
- 109] Do luach nar léigeabhar dhamh
110] mo bheith mar bhíos gach deoradh,
111] a Mhuire nar fhéagh th'oireacht
112] nach tréan duine ar deoraidheacht.
- 113] I n-éagmhais m'fhearainn chairte
114] nach truagh mé, a mheic Raghnailte,
115] is do mheic óglách uaibh ann,
116] a ghruaidh mar ógbhláth n-abhall.
- 117] Beir mé im dhúthaigh, a dhreach gheal
118] an ní a-déaruinn fa dheireadh;
119] na tolcha ar ar hoileadh inn
120] go loigheadh ortha mh'intinn.
- 121] Magh Eine na n-inbhear gciúin,
122] Magh Ceitne na gcuan dtaidhiúir,
123] cnuic áille ar ar hoileadh mé
124] oirear mo bháire baoise.
- 125] Bun Loinne agus Loch Gile,
126] Calraighe is Cuan Sligighe,
127] is iad amhairc budh fhearr linn
128] mar cheann adhairt fam intinn.
- 129] Dá bhfaghainn uaid, a ucht geal,
130] mo bhreith d'fhéachain na n-oirear
131] ní bhréagfadh lán súla sinn
132] do chlár Úna agus Fhéidhlim.
- 133] Usa dham gé deirim soin
134] beith ar do chionn i gCruachain
135] ó tá ar Chruachain Aoi th'aire,
136] a bhuachail Chraoi Chonaire.
p.290
- 137] Bhar n-oireacht ag éirghe amach
138] go Magh Inghine Eachach
139] ní rach síos ó Chruachain Chuinn
140] 's nach thíos uathaibh do anfuinn.
- 141] Carn Fraoich ag feitheamh oraibh
142] 'n-a ríoghthar clann Choncobhair;
143] a rí Leamhna, luathaigh ort
144] 's do mheanma i gCruachain Chonnocht.
- 145] Críoch Chonnacht ó Choirrshliabh suas,
146] a mheic Domhnaill na ndeaghdhuas,
147] biaidh sin i n-a chéide creach
148] muna thréige sibh Sligeach.Each.