Corpus of Electronic Texts Edition
Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth (Author: Domhnall Mac Taidhg Ó Dálaigh)
p.283
DOMHNALL MAC TAIDHG Ó
DÁLAIGH
cct?
- 1] Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth;
2] mór fhuair d'ulc is
d'fhíorláindíoth
3] budh toirrseach le triath oile
4] fa iath gcoimseach gConaire.
p.284
- 5] Mór n-adhbhar ler chuir i gcéill
6] mac Séamuis nar thuill toibhéim,
7] pór glainshlisnigh, an mear mín,
8] ar bhfear daighmhisnigh Dáibhídh.
- 9] Do dhoirt Dáibhídh as mhaith modh
10] a dhóchas i nDia Athar;
11] do ghlac fírmhisneach nach fann
12] slat do shídhshlisneach Sagsan.
- 13] Do thuig i dtós a aoise
14] triath Barrachbeart roghaoise
15] rosg mear as creachthóir ar chrodh
16] gur neamhchóir seadh sa saoghal.
- 17] Níor ghlac sé ó soin i-le
18] ró sgíse im sgéal dá
dhoilghe
19] dá mbeath go mothuigh sé sin
20] acht rothuil Dé do dhéinimh.
- 21] An lá do-chluin cúis toirrse
22] far dhéanta dhó doghoillse
23] ní feas doimheanma ann air
24] an mall soidhealbha sochruidh.
- 25] Ní faicthear a bhrón go bráth,
26] ní théid caitheamh 'n-a chonách
27] marcach gruaidhmhear as ghlan cruth
28] níor ghabh buaidhreadh an Barrach.
- 29] Meinic fhuair-sean fheidhm docrach
30] troid leathtrom gleo guasachtach,
31] gidh eadh níor theith, níor thuill guth
32] go breith gach bhoill don Bharrach.
- 33] Iomdha troid 'n-ar toillead lais
34] clú le misneach mheic Séamais
35] fir cholgshnasda nach uar ail
36] do shluagh bhorbghasda an
Bharraigh.
- 37] Fuair iar n-éag a athar dhil
38] go lór imshníomha is aisdir
39] fonn cathardha na síodh sean
40] ag díon athardha a aithreadh.
- 41] Tugsad aighthe i n-aoinfheacht air
42] Goill is Gaoidhil Ghuirt Fhionntain
43] fear séimh nach sochlaointe brígh
44] an réidh dochlaoidhte Dái-bhídh.
p.285
- 45] Do chuirsead Goillis é a
fhíor
46] le neart dá neimhdheoin
Dái-
bhíodh
47] sduaidh chneasaolta go ngné ghloin
48] i n-easaonta é orthaibh.
- 49] Nó gur bh'éigean dó fa dheoidh
50] dul 'n-a n-aghaidh dá aindeoin
51] a bheith umhal do b'é a rún
52] go ré an churadh do chlaochlúdh.
- 53] Rug airis ní hé do thuill
54] d'fhoirneart is d'iomad leathtruim
55] aigneadh sídhe múinte mear
56] cúirte a thíre gur thréig-sean.
- 57] An ló nar ghabhsadar Goill
58] úmhlacht mo chéile chumoinn
59] téid ar dhíon an déadbhláith
dil;
60] ní gníomh éadtláith do
fhoillsigh.
- 61] Ní toirrse, ní trom lighe,
62] ní meathtacht, ní meirtnighe
63] do ghlac an ghéag fheardha fhir,
64] acht méad meanma is misnigh.
- 65] Gairid dó 'n-a dheaghaidh sin
66] go bhfuair sé ar son a mhisnigh
67] fógra síothchána sluaigh Gall
68] gruaidh fhíochdhána nach anbhfann.
- 69] Aoincheann Barrach na mbreath séimh
70] beirthear leislán do
dheighchéill
71] cuairt aithghearr le bhfuair a thoil
72] go baincheann sluaigh na Sacsan.
- 73] Fríoth leis aiseag a fhola;
74] fuair Dái-bhídh dreach neamhdhona
75] gnúis fheardha ar nar braitheadh béim
76] maitheadh a ndearna doi-séin.
- 77] Ní fhuil aonfhód tiar ná toir
78] ná cíos i gcairt an Bharraigh
79] nar fríoth le grásaibh Dé
dhó
80] rer chásaigh é fan am-sa.
- 81] Do budh mó sa chách a chion
82] ar ndol Dái-bhídh fa dheireadh
83] ruire suairc nach saoibhthim gus
84] ar cuairt go saoirching Séamus.
p.286
- 85] Neimhiongnadhdia do rath
86] roimhisneach Bhíocont Barrach
87] 's nach fuil díobh obar nar fhéag
88] síodh nó cogadh do choimhéad.
- 89] Mar an gcéadna a chéile dil
90] Oiléan óg aigneadh suilbhir
91] gruaidh soidheargtha as séimh breath
92] doimheallta a méin 's a misneach.
- 93] Níor chuir-se i gcéill
do neach
94] go mbíodh cás trom ná tuirrseach
95] ná anbhuain ar a gnúis ghloin
96] fá chúis amhluaidh dá bhfaghaibh.
- 97] Inghean Dái-bhídhDia dá
díon
98] maith chongbhas aithne an Airdríogh;
99] ní thuillfe ar neamh diúltadh dhi
100] bean leis nach diúltar duine.Duine.