Corpus of Electronic Texts Edition
Do tógbhadh meirge Murchaidh (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)
p.274
GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Do tógbhadh meirge Murchaidh;
2] is tráth aighthe ar Allmhurchaibh;
3] díorma i ndeaghaidh na meirge
4] d'fhearaibh díoghla díbheirge.
- 5] Do tógbhadh leo ar leirg fhódbháin;
6] budh séan creach dá
céadtógbháil
7] ós laoch braoinleirge an bhragha
8] saoirmheirge mhaoth Mhurchadha.
- 9] Budh séan greama do ghabháil
10] do Mhurchadh Ú Mhadadháin
11] meirge thláith as neamhthláith neart
12] ón ráith eachbhláith ag imtheacht.
- 13] Suairg an ríoghcoinneall roimhe
14] d'ionnsoighidh na hiorghoile,
15] sróll fann re caoilfhiodhbhaidh gcruinn
16] crann mór d'aoinfhiodhraidh áluinn.
- 17] Is áluinn an earr mheirge
18] do-chiu i gceann na mínleirge;
19] éanamhail a heiteall sin
20] breicearr shéanamhail shuaithnidh.
- 21] Cia an monghar mór-sa san mhagh?
22] cia an sluagh-sa ag mílidh Mumhan?
23] nó an doire corr slatach sleagh?
24] nó an bhratach dhonn ar deireadh?
- 25] Bratach mheic éachtaigh Eoghain
26] minic bhíos 'n-a baindeoraidh;
27] iadhaid Anmchadhaigh impe
28] na harmchuraidh innilte.
- 29] Ar dtiomsughadh a thionóil
30] im sheabhac shíl Éireamhóin
31] earr thana mhíonshróill san mhagh
32] budh mana díoghbhóidh Danar.
- 33] Leanaid cách é i n-ionad the,
34] leanfaidh Murchadh an meirge
35] nuaibhile Eilge 'má fhóir,
36] guaillidhe meirge maothshroill.
p.275
- 37] An gcéin mhaireas an mheirge
38] ós laoch fholtchas fhinnleirge
39] méaraidh gaisgeadh na nGaoidheal;
40] ní claisdear a gcommaoidheamh.
- 41] Tug Brian i gcath Chluana Tarbh
42] teisd mar sin ag sníomh oram
43] ar fhear chomhanma chinn Doir
44] rodhamhna gill dá ghníomhraidh.
- 45] Dál gCais fa Mhurchadh mhac Bhriain
46] rángadar gus an roighliaidh;
47] Éire ar láimh Bhriain ó do
bhí
48] san ghliaidh níor bh'áil an t-
airdrí.
- 49] Tig láimh le laochraidh Sionna
50] rí Éireann is aoinghiolla
51] ar mhaoilinn ghléanuaidhe ghloin
52] aoibhinn fhéaruaine fhásaigh.
- 53] Cóirighthear peall is puball
54] ann sain don fhial abhradhdonn;
55] teagar mionn saltrach saoire
56] go marcach bhfionn bhFormhaoile.
- 57] An lá nar léigeadh san gcath
58] le Dáil gCais na gcolg bhfaobhrach
59] an rí do radháil a arm
60] do bhí ag gabháil a ghnáthshalm.
- 61] Ar ndul i gceann a chéile
62] don dá fhoirinn aigmhéile
63] léigid Gaoidhil gáir rothrom
64] ag maoidhimh áir FhionnLochlann.
- 65] "Créad an gháir-se 'n-ar ngoire,
66] a ghiolla" ar Brian Bóroimhe;
67] "Gáir Gaoidheal" ar an giolla
68] "ag maoidheamh a móirghriolla."
- 69] "Innis, a fhir an fheithmhe,
70] ó taoi i n-áit a n-infheithmhe
71] mar cuirthear an cath cródha"
72] ar sgath cruithgheal Crannmhóna.
- 73] "Ní hurusa, a Bhriain Bhanbha,
74] le dlús na gcath gcathardha
75] aithne ar fhear seach ar-aile
76] feadh graifne na gasraidhe."
p.276
- 77] "Fionnam uaibh" ar airdrí an tslóigh
78] "créad rian a mheirge maothshróill
79] ler chosain Murchadh mór dteann
80] ag clódh urchradh na hÉireann."
- 81] "Do-chiu i lár lochta an éididh
82] do mhac-sa, a mheic Chinnéidigh;
83] do-chiú a chomhardha catha
84] ós rodhamhna an ríoghfhlatha.
- 85] "Do thanuigheadh tiogh an tsluaigh
86] fa mhac ríogh Éireann armruaidh;
87] san treaschath gé theilge a fhuil
88] is seasmhach meirge Murchaidh."
- 89] "A dhuine dhéachas an cath,
90] ná creid an gcéin bhus seasmhach
91] meirge na flatha ó Bhóinn Bhreagh
92] go racha do ghlóir Gaoidheal.
- 93] "Féach a-rís raon an chatha,
94] innis dúinn a dheacracha"
95] ar craobh Eilge nar éar sgoil
96] "féagh ar chlaoin meirge Mhurchaidh."
- 97] "Is é iomthús an chatha"
98] ar óglách an ardfhlatha
99] "ar sníomh a airm d'fheirg Murchaidh
100] maidhm san leirg ar Lochlannchaibh.
- 101] "Ar dtuitim saorchlann síl Bloid
102] timcheall Murchaidh san mhórthroid
103] feidhm na leirge a aonar air
104] do claonadh meirge Mhurchaidh."
- 105] "Do chlaon oireachas Éireann
106] de sin" ar Brian baismhéirsheang
107] "d'éis claonta meirge Murchaidh
108] aonta fheirge ag Allmhurchaibh."
- 109] "Saoth leam" ar Brian an bhairr ghloin
110] "mar bhias Éire d'éis Murchaidh;
111] bás Murchadha ceann i gceann
112] leam is urchradha Éireann."
- 113] Táinig do thuitim Murchaidh
114] bás an ghaisgidh ghníomharthaigh;
115] flaithfhéinidh Ghlaoi mar do ghin
116] do aithéirigh gnaoi an ghaisgidh.
p.277
- 117] Mac Eoghain Cliach cleith urchradh
118] cosmhail is an céadMhurchadh;
119] gnáth tromthóir dhoirbh 'n-a dheaghaidh
120] comhchóir moirn dá meirgeadhaibh.
- 121] Mac Eoghain is eidhre Briain,
122] dá shlait fhíneamhna a
héinchriaidh,
123] géill Gall i gaisdibh na bhfear,
124] dá bharr gaisgidh na nGaoidheal.
- 125] Murchadh mhac Briain an bhairr thais,
126] Murchadh mac Eoghain armghlais,
127] dá churaidh comhlann gcalma
128] conghlann cubhaidh comhanma.
- 129] Gan d' urraim ag oidhre Bhriain
130] ó mhac Eoghain fhuair mhóirghliaidh
131] achd Brian re chéile dá chur
132] nochar ghiall Éire
d'Eoghan.
- 133] An flaitheas fhuair a athair
134] mar tá fa thuir Chonachaidh
135] do badh é a chéile cleath Dor
136] achd go mbeath Éire ag Eoghan.
- 137] Fine Luirc na lann dtana
138] timcheall mheic Bhriain Bhóramha
139] samhail síl Anmchadha an áigh
140] im ghríbh n-armthana n-Iomdháin.
- 141] Líonmhar do lucht a thighe
142] an adhaigh as uaignighe
143] comhdhál mar do bheath 'n-a bhrugh
144] a theach lomlán do laochraidh.
- 145] Lán ón orsain go ar-oile
146] an teach d'uaithnibh iorghoile;
147] lán na coirn donnghasda dhóibh
148] do choirm shomlasda sho-óil.
- 149] Lán do lúireachaibh gorma
150] is do cheinnbheartaibh cathardha
151] as tréidhe treasa goile
152] sleasa réidhe an ríoghthoighe.
- 153] Lán do ghiallaibh na geimhil
154] i dtigh flatha finnFheimhin,
155] is aidhleanna na n-arm nglan
156] airmreanna badhbh do bhiathadh.
p.278
- 157] Lán do mhnáibh fiala fionna
158] na fuinneoga fairsionga
159] ag cur corrthair óir eangbhláith
160] san longthoigh mhóir mhuirearghnáith.
- 161] Ar sleasaibh bláithe an bhragha
162] suidhfidhear síol n-Anmchadha;
163] bídh 'n-a ríoghshuidhe reampa
164] síodhuidhe a sídh saoirNeannta.
- 165] Líne do leith a aighthe
166] do chathaoiribh cumhdaighthe
167] rachaoin a gcridhe re gceird
168] file i ngach chathaoir chróidheirg.
- 169] Gach fear ag freagra a fheadhma
170] san bhruidhin aird oireaghdha;
171] druim re fraighidh slatshaoir sonn
172] macaoimh fa bhrainibh buabhall.
- 173] Gan fhear dearmaid ná diomdha
174] díobh is siad sluagh ro-iomdha
175] gan luadh cionadh re headh n-óil
176] gan fhear i n-ionadh éagcóir.
- 177] Tar éis a suidhighthe so
178] do-ní aoibhnioghadh orra
179] cliar téad do fhocuil oineach
180] i nglotuin géag ngallshaileach.
- 181] Gabhthar ainn-séin ga n-aos cheoil
182] dán re cuisleannaibh ceineoil
183] faoidhe téad dá chéibh chlannaigh
184] ag béin shéad do shaorchlannaibh.
- 185] Ní thuigim má tá easbhaidh
186] ar an ndúnadh ndaoineach-sain
187] achd an dúnadh gan doirseoir
188] do dhúnadh a dhoroisbheoil.
- 189] Mac mheic Mhurchaidh móradh ceall
190] diomdha ar Dhia nocha dligheann;
191] lór do sduaidh Eamhna a fhagháil
192] ar shmuain meanma Í Mhadadháin.
- 193] Agartha aicme Míleadh
194] le chéile 'gá gcoimhshíneadh;
195] tiad do bhruidhin mhóir Murchaidh
196] slóigh fhuinidh dá n-agarthair.
p.279
- 197] Ní chuala ar lámhach Logha
198] leithéid lámhaigh Murchadha;
199] Murchadh is ar mhaith le a dhroing
200] má do chaith urchar n-iomruill.
- 201] Dá chúis far dholta fa dhíon:
202] is tuar orchradh a eissíodh,
203] is díon ar urchraibh d'fhagháil
204] síodh Murchaidh Í Mhadadháin.
- 205] Ó Madadháin as mhín cruth
206] madh cor ris im ráith Teamhrach
207] tríd slógh Teamhrach badh tana
208] ó theaghlach mhór Murchadha.Do tógbhadh.