Corpus of Electronic Texts Edition
Dorn idir dhán is dásacht (Author: Seaán Ó Clumháin)
p.269
SEAÁN Ó CLUMHÁIN cct.
- 1] Dorn idir dhán is dásacht;
2] gairid bhíos ar buanfhásolc
3] fulang na ndámhdia do rath;
4] cia leis an ndán nach díomsach.
- 5] Mo dhán agus mo dhorn deas
6] dias impidheach ar mh'aimhleas;
7] is ollamh mho dhorn deas-sa
8] ag sonnadh orm mh'aimhleasa.
- 9] An díomas fo-deara dhamh
10] do bhualadh-sa, a bhadhbh Chruachan;
11] a-deir a lán as a los
12] "do-bheir an dán an díomas."
- 13] Mór an dásacht do dhuine
14] dorn thort, a thuir Maonmhuighe;
15] a fhlaith cró, 's gan a char tart
16] do budh mó dhamh a dhásacht.
- 17] "Níor chubhuidh riom, a rosg mall"
18] a-déar ruibh, a rí Cualann,
19] "bualadh neith dod ghualainn ghil
20] gion go mbualainn cleith gCaisil."
- 21] Tugas, a Aodh an fhuilt tais,
22] dorn duit agus níor dhíoghlais;
23] dá mbeanta orm, a chleath Chuilt,
24] do theach ní dorn gan díoghuilt.
- 25] Dámadh i Leith Mogha a-muigh
26] do-bhéaruinn é nó i nUltaibh
27] arm do deargfaidhe san dorn,
28] a bhadhbh sheabhcaidhe shúlghorm.
- 29] Mun ndorn do thógbhas id thaigh
30] ná hionnarb mhé, a mheic Eoghain;
31] bean an dorn díom mar dhlighe
32] is ná bíodh orm th'oirbhire.
- 33] Leat a buain díom is an dorn
34] an lámh dheas, a dhearc mhallghorm,
35] a luach do dhán díom dhlighe
36] nó an lámh, a ghríobh
Gháiridhe.
p.270
- 37] Ní ba, ní heich, ní hór
ceard
38] do-bhéar dhuit, a dhreach mhíndearg;
39] nocha lámh cheana ná cos
40] do-gheabha acht dán 'n-a ndearnas.
- 41] Cuirfidh gach ar léigis linn
42] barr anuabhair im intinn;
43] smacht ar mh'uabhar do b'fhearr dhamh
44] do bhualadh gidh leam leagar.
- 45] Ní dhearna ollamh Uladh
46] a chomhmór ar Chonchubhar;
47] ní bualadh ríogh do-rhoighne
48] 's do líon uabhar Athairne.
- 49] Ní bhuailfeadh Torna an taoibh ghil
50] Niall Teamhra ná Corc Caisil
51] Niall is Corc dó 'n-a ndaltaibh;
52] mó do-niam ort d'iomarcaidh.
- 53] Brian mac Ceinnéidigh Codhail
54] dá mbeinn aige im ollamhain
55] tearc do chreidfeadh, a chinn Mis,
56] go leigfeadh linn ar léigis.
- 57] Léig a bhéalchorcra bharrghlain
58] anuabhar let ollamhnaibh;
59] maithfidh rí, a dhonnabhraigh dheis,
60] ní d'ollamhnaibh ar th'aithreis.
- 61] A Í Chonchobhair nar chleacht
62] gan dán fhear nÉireann d'éisdeacht
63] budh é luagh ar léigis linn
64] duan gach éigis i nÉirinn.
- 65] Ná bíom ní as fhaide, a fholt
fionn,
66] gan luighe ar aon ar éinphioll;
67] 's ná bíom, a bhile Suca,
68] gan fhíon d'ibhe a haonchupa.
- 69] Fa liom do leathghuala dheas
70] go ndearnas uirre mh'aimhleas;
71] ná bean díom gion do
ghualann
72] ná miodh ná fhíon t'órbhuabhall.
- 73] Mé t'fhear grádha, a ghéag
Eachtgha,
74] fa mé riamh t'fhear éinleabtha,
75] mé fear do ghualann gile,
76] a nuabharr geal Gáiridhe.
p.271
- 77] Tú do-bheir ní dá gach neach
78] tú an treas uaithne don oineach;
79] ní fhuil, a bhonn mar aol,
ann
80] acht Aodh is Donn is Domhnall.
- 81] Duine id cheann ní cuirthe dhamh,
82] a Í Chonchubhair Chruachan;
83] ní fhuil t'aonmhac samhla sonn
84] sa Bhanbha, a chraobhshlat Chualonn.
- 85] Do lingis an lucht ro theilg
86] riot um chró Cathail Chroibhdheirg;
87] cró Cathail do dhísligh dhuibh
88] t'athair mun dtír-sin torchuir.
- 89] I mbroinn do fhágaibh t'athair
90] tú, a Aodh Í Chuinn Chéadchathaigh,
91] gach aon dá rádh; a rí Cuilt,
92] d'Aodh do bhí i ndán a dhíoghuilt.
- 93] Ní mairg athair fhágbhas mac
94] i mbroinn, a bharr na bhfionnshlat;
95] sgéal leam dá dheimhneaghadh dhuibh
96] nach fearr seinleabhar seanchuidh.
- 97] Rí do ghabh Banbha mbladhaigh
98] dar bh'ainm Fiacha Fionnolaidh
99] dó fa báingheala na ba
100] áirgheadha bó na Banbha.
- 101] Aitheach-Thuatha fuair a bhfioll
102] ro mharbhsad Fiacha foiltfhionn
103] gur hionnarbadh ann uile
104] clann fhionnardghlan Úghoine.
- 105] Foirbre mac Fine 'mun bhfeall,
106] Sanbh mac Ceit, Eochaidh Aincheann,
107] agus Éilim nar an dhe
108] nó gur ghabh Éirinn uile.
- 109] Gan ioth sa Bhanbha, gan bhliocht
110] ó Éilim tres an ainiocht,
111] gan toradh tar éis an fhill,
112] gan déis nar fholamh d'Éilim.
- 113] Gan mhac aige 'n-a aghaidh
114] iar mbás Fhiachaidh Fhionnfhalaidh
115] do bhí acht an mac do bhaoi i mbroinn
116] an tslat gan chnaoi gan chrobhoing.
p.272
- 117] Fágbhais Éirinnfá é a
leas
118] bean ríogh Teamhra le a toirrcheas
119] go riacht i nAlbain Eithne
120] gan argain fa a himeirche.
- 121] Rug inghean airdríogh Alban
122] mac ris nar chóir comhardadh;
123] rug an tslat ghoirmdhearcach ghlan
124] an mac toirbheartach Tuathal.
- 125] Fiche bliadhan dó a-dearair
126] i nAlbain dá oileamhain;
127] tug ruathar neartmhar a-noir
128] Tuathal Teachtmhar go Teamhroigh.
- 129] Leis do cuireadh an céad cath
130] leis do marbhadh mac Connrach;
131] Éilim do thuit le Tuathal
132] dar loit Éirinn d'éanruathar.
- 133] Dar mharbh rígh Mumhan a-muigh,
134] dar mharbh rígh Almhan Eochaidh,
135] dar mharbh Tuathal ó dtaoi-se
136] Sanbh Cruachan id chomhaois-se.
- 137] Do dhíthcheann sé ar son an fhill
138] rígh gach aonchóigidh d'Éirinn;
139] íoc as fhearr fhuair sa mheabhail
140] buain a gceann dá gcóigeadhaibh.
- 141] Do theasg Tuathal an taoibh ghil
142] méidhe chinn gacha cúigidh
143] dar lean Midhe don mhuigh-sin
144] ó bhile gheal ghormUisnigh.
- 145] Níor baisdeadh riamh roimhe sin
146] Midhe do mhuigh ard Uisnigh;
147] do lean Midhe do Mhuigh Sainbh
148] ó thuir Line gér leasainm.
- 149] Cosmhail tú ag teacht dar gcobhair
150] is mac Fiachaidh Fionnolaidh;
151] do bhí baois, a bharr foltchas,
152] it aois ann is arrachtas.
- 153] Aithbhir mar aithbhreas Tuathal
154] t'athair, a Aodh fionnChruachan;
155] a bhile Seaghsa is mar sain
156] dar leam-sa dhlighe a dhíoghail.
p.273
- 157] Do loit Éirinn 'n-a athair
158] seanathair Chuinn Chéadchathaigh
159] cosmhail, a rí Sléachta, sain
160] 's mar do-ní éachta it athair.
- 161] Cosmhail cuma, cosmhail lagh
162] dhuit is do Thuathal Teachtmhar;
163] geal do thaobh, a Aodh Uisnigh,
164] 's do b'eadh taobh an Tuathail-sin.
- 165] Punann cúil bhuidhe bhachluigh
166] ort, a mhéirghil mhalachdhuibh;
167] cruithneacht na mbarr an bairr-sin,
168] cam buincheart an bhunainn-sin.
- 169] A rí Teamhrach, a-tá fód
170] troigh dheas dá gcumthar caolbhróg,
171] 's a-tá glantroigh óg oile
172] fód, a mharcaigh Mhaonmhoighe.
- 173] Dearc uaine ós t'aghaidh mar fhuil
174] mailghe donna ós na dearcaibh,
175] barr maothcham ós do mhalaigh,
176] a shaorchrann chlann gConchabhair.
- 177] A Aodh Í Chonchubhair Chliach,
178] deargfa im cheann nÉireann th'óirsgiath,
179] deargfa i n-ágh, a abhra gorm,
180] gallgha dan lán do leathdorn.Dorn.
- 181] Tuilleadh dod chéibh chuirr chladhaigh
182] uaim, a Aodh Í Chonchabhair,
183] leat rann gach duaine san dorn,
184] a bharr Muaidhe agus Modharn.
- 185] Minic mhaithidh mo dhorn damh,
186] a Thaidhg Í Cheallaigh Choradh;
187] go dtabhair t'fhile dheit dorn
188] do ghleic ní mire an Mhodhorn.D.