Corpus of Electronic Texts Edition
Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian (Author: Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn)
p.261
MAOL SHEACHLUINN NA nUIRSGÉAL Ó
hUIGINN.
- 1] Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian;
2] ní gabhtha dhó mar dhímhiadh
3] gidh bearna do brisde leam
4] ar chisde fheadhma Éireann.
- 5] Gé bhrisim air im aonar
6] beirn le beagán iolfhaobhar
7] brisidh caithbhearna ar chéad fear
8] géag as aithreamhla aigneadh.
- 9] Ní hionann agus é féin
10] meinic bhriseas beirn n-aigmhéil,
11] ar tuir mBearbha níor bhlaghas
12] bearna as a bhfuil foltanas.
- 13] Urchar beirne do bhriseadh
14] dom iomarcaidh aigei-sean
15] is béimeanna ar a mbí neimh
16] is trí géirreanna gaisgidh.
- 17] Dá mhanaois bhrisde bearna
18] aige agus lann loinneardha;
19] an tsoighead gémadh í ann
20] nocha bí a hoiread agam.
- 21] An t-arm ler bhriseas bearnaidh
22] ar chuingidh clann dToirdhealbhaigh
23] ní fhuil ag an dearccorr dhonn
24] leathtrom nach cuir i gcomhthrom.
- 25] Do-ríneas beirn do bhlaghadh
26] air a hucht na healadhan
27] cóir labhra dá char i gcéill
28] mar tharla dhamh is doi-séin.
p.262
- 29] Seacht leithbhliadhna do léigeadh
30] gan chánaigh gan choimhéigean
31] Magh Inghine an Sgáil far sgoil
32] ó fhinnbhile Chláir Chobhthoigh.
- 33] D'ionadh a n-áirgheadh nó a n-each
34] ní coigillte ar chionn Chairbreach
35] fear uaim i n-oirchill a gcruidh
36] ná cluain oirchinn dá n-eachaibh.
- 37] Mac Raghnailte an rúin chéillidh
38] gabhais fearg an bhflaithfhéinnidh
39] mar nar seachnadh uaim don fhior
40] cluain a eachradh nó a áirgheadh.
- 41] Ní nar bh'iongnadh dhó dá dhruim
42] mh' fhearg mhór-sa re mac Domhnuill;
43] lasaim go fear ar bhfeithmhe
44] gur bhean asainn imirche.
- 45] Brisdear agam 'n-a aghaidh
46] bearna ar Bhrian Ó Conchobhair;
47] a bhaile ránag a-rís
48] tánag a bhaile i mbímis.
- 49] Níor briseadhbeag dá uaisle
50] bearn air acht an aonuair-se
51] ó aois leinbh gus an lá a-niogh
52] gé tá re beirn do bhriseadh.
- 53] Mar sin nach aithrisdir uaidh
54] go ndearna an Cú ón Chraobhruaidh
55] bas ghéigshlim far ghrádhach mná
56] lámhach éigrinn acht aonlá.
- 57] Lá dá raibhe i nDún Dealga
58] Cú Chuluinn cruth naoidheanda
59] óidh na gcuradh ar an gCoin
60] slóigh Uladh i n-a fhochair.
- 61] D'éis an óil ar n-éirghe a-mach
62] dá bhfacaidh an fhian Ultach
63] crann go nduille fheactha fhaon
64] ealta ag luighe dá leathtaobh.
- 65] Líonaid dá n-annsacht uile
66] mná Cúigidh chlann Rudhruidhe;
67] gá cur do budh deacra dháibh
68] cur ris an ealta d'fhagháil?
p.263
- 69] Do dhóigh a lámhach an laoich
70] iarraid ar athair Chonlaoich;
71] teilgthear uadh na heoin áille;
72] fa tuar leoin is lúthgháire.
- 73] Marbhthar le Coin an chleasraidh
74] ar itghibh na n-inghean-sain
75] na heoin don dírim dheaghbhan;
76] fírrinn ceoil a gceileabhradh.
- 77] Ar roinn na healta don fhior
78] níor dhearmaid umpa acht Eimhear;
79] do bhí ar Eimhir reacht fan roinn;
80] deimhin nar chleacht an chomhroinn.
- 81] Gealltar uaidh 'n-a éiric sin
82] na céideoin eile d'Eimhir
83] do thornfadh ar thaoibh an chnuic
84] ó chraoibh na n-orchar n-orrdhruic.
- 85] I gcionn trill teagaid go cách
86] dá éan go n-éagcosg
neamhghnáth
87] cia nach tabhradh óidh orra?
88] go slabhradh óir eatorra.
- 89] Tug bainchéile Chon Culuinn
90] grádh dearmháireach dofhuluing
91] don cháraid iongantaigh éan
92] thánaig d'fhionnochtaibh oiléan.
- 93] Agrais Eimhear an fhuilt truim
94] a chunnradh ar Coin gCuluinn
95] fan dá éan gér dhainimh dhó
96] gan sgéal 'n-a haighidh umpa.
- 97] Dá uair nó a thrí teilgthear lais
98] na heoin áille is níor amais;
99] do bhí ar confaidh mar do chuir
100] trí horchair tar na héanaibh.
- 101] Feadh bliadhna ní dheachaidh dhe
102] athtuirse na n-éan síthe;
103] ní hiad imtheachta na n-éan
104] as inleanta acht an t-uirsgéal.
- 105] Gan éinéan riamh roimhe sain
106] do dhul do dhaltán Chathbhaidh
107] gan bheirn ar Bhrian do bhlaghadh
108] riamh acht d'fheidhm na healadhan.
p.264
- 109] Ní gabhthar géill na teangadh;
110] bearn ar Bhrian do bhriseamar;
111] níor thadhaill bheirn nachar bhris
112] dá lamhainn a fheidhm d'aithris.
- 113] Líon timchill gacha tíre
114] i n-oirchill na hairdrighe
115] rí Sligigh is sé sheolas;
116] ní mé idir fhoillseoghas.
- 117] Do-fheadar budh éigean damh
118] cúl re cineadh a mháthar
119] ar Bhrian muna bhear dá cheilt
120] ar bhean a Trian an Tuaisgcirt.
- 121] Fogus d'fhéin Mhurbhuigh mi-se,
122] ní fhéadaim a innise
123] mar do bhlagh a gclacha chuir
124] 's a chatha fa mhagh Murbhaigh.
- 125] Ar Mhagh Luirg na learg solas
126] dá n-áirmhinn a urradhas
127] a ndearna Brian d'fhoghail ann
128] do bhiadh 'n-a fholaidh oram.
- 129] Na táinte bó do bhean díbh
130] dá n-áirmhinn ar an airdrígh
131] Fir Mhonach ní budh réidh rinn;
132] i bhfolach go léir léigim.
- 133] Síol Muireadhaigh is Manaigh
134] do chuirfeadh im cheartaghaidh
135] bheith ag tuirimh na dtreas thug
136] bheas gidh duiligh a ndearmud.
- 137] Goill Connacht do chur dom dhruim
138] nó a n-iarmhoireacht ní fhéadaim
139] a bhreatha troma ar a dtigh
140] ná a chreacha orra d'áirimh.
- 141] Ní fhuil éintír aca so
142] nach bí cuid éigin aca
143] ag gabháil le a chneas mar chailc
144] d'fhagháil treas nó dá dtabhairt.
- 145] Ní bhí anbhuain i nUltaibh
146] ná coimhéirghe i gConnachtaibh
147] nach é triath an Tobair Ghil
148] as cliath chogaidh dá chairdibh.
p.265
- 149] Cara ná deargnámha dhíbh
150] ní fhuil d'urradh ná d'airdrígh
151] d'fhine Chuinn dá gcuir leis-sean
152] gan tuinn dá fhuil uimei-sean.
- 153] Le foluibh uaisle iomdha
154] is le tréidhibh tighearna
155] do chosain Brian clanna Cuinn
156] ó Bhanna siar go Sionuinn.
- 157] Ní mionuighthear a Mumhain
158] bearna ar Bhrian Ó Choncubhair;
159] ní thig fian Eamhna dá fhios,
160] bearna ar Bhrian gé do bhriseas.Do bhri.
- 161] Bás inghine Í Bhriain do bhlagh
162] mo chroidhecréad nac
blagh-
fadh?
163] do ghnáth ní lugha do lá
164] mo chumha an tráth fa dteasdá.
- 165] Móide do bhriseas bearnaidh
166] m'onóir a hucht Toirdhealbhaigh
167] gan chur ris i dtráth tugha
168] ar chách do bhris bearnadha.
- 169] Na trátha le mbrisinn beirn
170] a chroch Dé, ar dheamhnaibh Ifeirn
171] uaim ar dhearmad ag dola
172] ní neamhlag uaidh m'arodha.Do bhri.