Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Do bháidh teine Tír Chonuill
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
File Description
Electronic edition compiled and proof corrections by Margaret Lantry
Funded by University College Cork. and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft
Extent of text: 1717 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland http://www.ucc.ie/celt (1997) (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402104
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 209.
Secondary Literature- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252-263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
- Lambert McKenna, 'On the ruins of Dún na nGall Monastery', Irish Monthly 49 (1921) 372-377.
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Do bháidh teine Tír Chonuill in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office] (1938) page 257261
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words
have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
There are no quotations.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the poem. Pagebreaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are
marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet
(1601 (see P. Ó Macháin))
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402104
Do bháidh teine Tír Chonuill: Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
p.257
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Do bháidh teine Tír Chonuill;
2] táinig díoth don déathoruinn;
3] gríos beo do bháidh ar dtreise
4] do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.
- 5] Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
6] lasair innighthe anbháil?
7] do loisg thall seanróimh ar sean;
8] ar neamhghlóir ann do hoirneadh.
- 9] Árus diadha Dhúin na nGall
10] lá a dheargthadoirbh an fulang
11] táinig thoruinn tuile bróin
12] do robhuing uile ar n-onóir.
- 13] Doire Choluim Chille cian ó shoin
14] do loisg teine é amhlaidh;
15] do bháidh grísneimh dá uair inn;
16] suail nar ísligh ar n-uirrim.
- 17] Rí Éireannanba an t-eineach
18] do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
19] naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
20] d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.
- 21] Re mac Ainmhireach ann soin
22] rug buidheachas a bhronnaidh
23] Colum cráibhtheach craobh shéanta
24] naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.
- 25] An lá-sain féinfíor an
dáil
26] do éirighanba an diombáigh
27] lasair bhras teinntrighe te
28] dar las deirgtheine Doire.
- 29] Tre losgadh longphuirt Choluim
30] do ghabh brón síol saorChonuill;
31] brón a ionnshamhla re headh
32] ar shlógh lionnadhbha Lighean.
- 33] Doire d'éirghe an dara huair
34] táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
35] d'árus séimh na sreabh leisggeal
36] badh-éin is eadh innisdear.
p.258
- 37] Córaide a uaim amhlaidh sin;
38] an rath céadna ar chath leithbhir
39] fo ríor ní raibhe dá n-éis
40] a mbíodh i mbaile Bhroinséis.
- 41] Róimh chrábhaidh catha Éirne
42] cóir do Dhia í d'aithéirghe;
43] nír bh'é tol a mbráthar mbocht
44] báthadh do dhol san diadhacht.
- 45] Dá ndíoghbháil táinig
thoruinn
46] uile i n-ar síol saorChonuill
47] tonn bháidhteis béad lem
chridhe
48] tréad na háite hainglidhe.
- 49] Móide as díoth a ndul seacha,
50] fa crábhadh a gcéidbheatha
51] dóibh do b'aithbheatha a n-umhla
52] aithreacha na healadhna.
- 53] Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn
54] nó go gcruinnighid chuguinn
55] tre annsa i gceann a chéile
56] dream ler bh'annsa an aithmhéile.
- 57] Gér bhocht nír bhocht a gcridhe
58] ord na háite hainglidhe;
59] ní bhíodh a lógh orra ar-ís
60] gidh mór dtonna do thráighdís.
- 61] Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh
62] do cheannchaidis fíon fuairmhear
63] 's ní do ghrádh comhóil cheana
64] acht d'onóir an fhoirghneamha.
- 65] Teach aoigheadh coitcheann do chách,
66] moladh Íosa i ngach éantráth,
67] fa gnáth aca ucht re hucht,
68] slata dar bhláth an bhochtacht.
- 69] Tréad báidh dar bheatha an bhochta
70] fuair do dhruim a dhaonnachta
71] glóir shaoghalta mar nar shir
72] i róimh chaomhanta an chreidimh.
- 73] San eaglais bhoicht nar bhocht céim
74] go bhfaiceam ar-ís iaid-séin
75] ar éinshlighidh sonn fa seach
76] an drong chéimrighin chráibhtheach.
p.259
- 77] Smuain mar tá Éire dá n-éis
78] cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,
79] ar Impire na n-aingeal
80] impidhe nach éadaingean.
- 81] An coimhthionól nar chleacht sgís
82] togbháil an bhaile i mbídís
83] sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl
84] danab goire a fhearg d'iompúdh.
- 85] A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,
86] guidh fa leith thuas an Tríonóid;
87] sul thuga sí éara ort
88] fa thrí déana do dhúthrocht.
- 89] Fa fhurtocht ar th'árus féin
90] nocht ar a aghaidh iaid-séin
91] a chóig chomhartha ar do churp
92] róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.
- 93] Ar deis Dé go ndeachaidh sibh
94] dot ísliughadh dar-íribh
95] do shíor do chráidhis do chorp;
96] ní gníomh áinis an umhlocht.
- 97] Do thréig tu-sa do thír ghnáth
98] agus innile is órshnáth
99] is leabtha suain ar bheith bocht
100] go breith buaidh ar an mbochtacht.
- 101] Do thréigis fósfoirbhthe an
ghlóir
102] beirt órdha ar éadach ndeargóir,
103] is fíon ar an uisge fhuar;
104] a bhríogh dhuid-se ní diombuan.
- 105] Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe
106] th'oba ar aoi na connailbhe;
107] do-rala Rí an bheatha bocht
108] 's do bh'í do bheatha an bhochtacht.
- 109] Ná léig feasd ní as sia ná
so
110] ó tá th'impidhe ar Íosa
111] san Bhanbha fa ealta éan
112] leabtha falmha na bhfíréan.
- 113] Córaide a chur 'n-a chruth féin
114] dá snadhmthar ar-ís ei-séin
115] teach suidhe na mbráthar mbocht;
116] báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.
p.260
- 117] Go gcluine sinne sonna
118] san mhainisdir mhíorbhalda
119] faoidh bróin mar do bhí reimhe;
120] fa róimh hí don aithrighe;
- 121] Ag moladh Dé leath ar leath
122] go gcluineam ceol a haithreach,
123] is ceol abaigh a héan mbinn;
124] ní cagail déar do dhlighfinn.
- 125] Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís
126] fa bhláth mbuan mar do bhídís
127] 's a habhla feactha fanna;
128] balbha a n-ealta eatorra.
- 129] Do b'iongnadh Ultaigh dá héis
130] treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;
131] gnáth éagnach ar ar gan fhál;
132] do ghabh ar gcéadrath claochládh.
- 133] Samhail dúinn iar n-a dol síos
134] ceardcha gabhann gan ghuailghríos;
135] beich gan mhil, teach gan tughaidh,
136] nó each gan idh n-urchumhail.
- 137] Guidh ar a son san tigh thuas,
138] a Phroinséis fa cruaidh coguas,
139] na guaisbheithre ó Ghurt Eine
140] lucht uaislighthe th'aitreibhe.
- 141] Conallaigh dá ngarmthaoi Glais
142] fiallach uaislighthe th'árais,
143] guidh go síordhuidhe ar a son,
144] cuir th'fhíorghuidhe let fhocal.
- 145] Guidh le laochraidh Fhóid Eine,
146] guidh leam i n-am d'áiridhe,
147] a chraobh dhíona an duille ghloin,
148] a Mhuire mhíolla mhiochuir.
- 149] A úir as airde ná neamh,
150] a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,
151] a ghlór nachar ghnáthuigh coir,
152] a mháthair, a ógh ionmhuin.
- 153] A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,
154] lá na breithe ar Sléibh Si-óin
155] ag toigheacht dún i gcionn cáigh
156] nach liom do rún tre robháidh.
p.261
- 157] A Easbal dan hainm Peadar,
158] a dhoirseoir an Dúileamhan,
159] uch gan sinn-ne id ghar do
ghnáth;
160] rinn-ne go rabh do robhádh.Do bháidh.