Corpus of Electronic Texts Edition
Dealg athálaidh othras Taidhg (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
p.249
EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.
- 1] Dealg athálaidh othras Taidhg;
2] dar n-antráthaibh tochta an tuilg;
3] créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg
4] loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb.
- 5] Ar n-eagla tar éis gach chráidh
6] an té ro budh teasgadh dhúin;
7] is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh
8] i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin.
- 9] Rugadh uain-neanba an choill
10] na huaisle fa hannsa linn;
11] fuighleach áir chathshlóigh Ó
gCuinn
12] do bháidh i dtuinn athbhróin inn.
- 13] An Aodhchlann rer dheacar dréim
14] do heasgradh go haonchrann siuil;
15] damhraidh as daithe do-chuaidh
16] saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin.
- 17] Gan iarsma leanfas a lorg
18] ar ealbha na ngliadhchath ngarg
19] ní tearc m'aithghin trá ro threaghd
20] dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.
p.250
- 21] Táinig d'othras eidhre Briain
22] gan dochar eile ar ar n-úidh
23] ar dtreabhlaid fa súgradh
sáimh
24] dúbladh cráidh gur dhearlaig
dhúinn.
- 25] Níor theinn go heasgar an fhir;
26] níor theidhm achd teasgadh mar sein,
27] beag más tinne an tí ar a bhfuil;
28] níor doigh linn-ne ní achd a neimh.
- 29] Ní rángas deacar go a dháil,
30] go a theasgadh ní tángas fúinn;
31] do b'í an chreach-sain críoch ar leoin;
32] easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth
dhúinn.
- 33] Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis,
34] ar ngéagcraobh go n-aibche fháis,
35] snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais,
36] ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis.
- 37] Ar meadhar, ar macámh búidh,
38] ar mbradán beathadh, ar mbrígh,
39] ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir,
40] dile ar ngráidh, ar siansa sídh.
- 41] Iomdha cruth i n-éagcruth uadh
42] is céadfadh dá cur ar gcúl,
43] títhe greanta ar mhíonbhun méar,
44] dearca fréamh gcíordhubh dá
gcrúdh.
- 45] Ní tearc triathfhlaith gan chur gcrú
46] is fiallach nach glac a ngó
47] 'n-a los-sain 'n-a loighe a-tá
48] 's croidhe mná 'n-a chosair chró.
- 49] Ní cleachtar corma ná ceol,
50] leantar don orchra mon-uar
51] folcadh feadh gciabhchorach gclaon
52] niamhthonach taobh ngeal na ngruadh.
- 53] Iomdha ó leathbhruach Léime an Chon
54] go hÉirne na ngealchuan ngeal
55] beochroidhe ar n-a ghoin ón ghal
56] goil ban is eolchuire fhear.
- 57] Le dubhadh eagla mon-uar
58] don chur-so ní leagar lámh;
59] níor fheac sinn le sealadh fúnn
60] ní bearar glún linn do lár.
p.251
- 61] Ní dó uile is eagal linn
62] a thuisle achd go dteasgfa sinn,
63] buille ar mbuana, béim ar gcroinn;
64] fa coill gan fhréimh uadha inn.
- 65] Ní hé caointear achd cách
féin;
66] dá gach aoinneach do b'fháth bróin;
67] do sheich sna croidhibh ro chráidh
68] gráin gach neith badh doiligh dhóibh.
- 69] Ní hiongnadh go gcaoinfeadh cách
70] fraoichneimh na bhfionghal 's na bhfuath,
71] fearg na síon, catha na gcríoch,
72] fíoch na ríogh, tacha na dtuath.
- 73] Gár mheisde don mhac-sain Briain
74] a sgarad re a mbeirtibh bróin
75] mar shompla cobhartha cháigh;
76] nochttha dháibh comhartha cóir.
- 77] Is iad caointear ceann i gceann
78] gion go saoiltear gan iad ann,
79] súgh talmhan, tromthoirthe coll,
80] torchairthe tonn marbhghlan mall.
- 81] 'N-a othraisbheirt faghthar faill,
82] ná hadmhadh othairchneidh dtruim;
83] sgiamh aithmhéile ní háil linn
84] ar rinn áigh caithfhréimhe Ó
gCuinn.
- 85] Éirgheadh sunna ar chomhair cháigh
86] i gcosmhaile a chrotha
féin;
87] sgaradh sé a dhíchealtair ndúir
88] re a ghné mbúidh síthshearcaigh
séimh.
- 89] Ní hoircheas a bheithní bhia
90] mar sein san troimcheas i dtá;
91] cuirthe do ghríbh ghroighigh Chua
92] brígh nua sna croidhibh do chná.
- 93] Gan dulann re dathadh colg,
94] fulang gan amharc na n-ard,
95] gan fhaghla, gan iomramh sealg
96] iongnadh an cheard tharla ar Thadhg.
- 97] Ní sgíos comhnuidhe do chleacht,
98] ní sníomh tromthuirse, ní tocht,
99] oigheadh cnámhtha cruaidhe cniocht
100] gé thárta riocht nuaidhe a-nocht.
p.252
- 101] Meince a aghadh ar fhál reann
102] go dtrásd iná i dtathamh throm
103] bas daithgheal le ndeargthair lann
104] bann tre cheardchaibh caithshleagh gcorr.
- 105] A chos chuinge catha Ó mBriuin,
106] do luighe is tacha dar dtreoir,
107] a chisde na gcianbhann lúidh
108] nach brisde fúibh fiarbharr feoir.
- 109] Táirtheabhargá truaighe
treas
110] táithcheangal go nuaidhe a-nos;
111] cúis tuirse mar táithe i nglas
112] fa gnáithe i n-as cuisne an chos.
- 113] Mac Máire ar n-annsachtliach linn
114] Tadhgmhac Briain, ar mbráighe ghill,
115] ar gclár tilte, ar dtuir gan bhuing,
116] ar nguin buinn, ar dticne tinn.
- 117] Ar ndá Aoidh-ne an Eanaigh bhí
118] a n-imtheacht do mhearaigh mé;
119] deacar meas m'inshníomha ar aoi
120] rom chnaoi i gceas dimbhríogha a Dhé.Dealg.