Corpus of Electronic Texts Edition
Dá bhrághaid uaim i nInis (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.243
TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.
- 1] Dá bhrághaid uaim i nInis
2] triall cugtha is cuaird neimhmilis;
3] adhbhar sgís a sgaradh rinn
4] anadh ón dís ní dhlighfinn.
- 5] Dá bhrághaidbuan an phudhar
6] nach fuighthear re bhfuasguladh
7] do bhá uair is do b'ionmhuin
8] a-tá uaim i n-éiniomdhaidh.
p.244
- 9] Dias brághadní beithte ris
10] do-chuadar uaim go hInis;
11] mé gan sheise ó shain a-nall
12] do sgair mei-se dá marann.
- 13] Is é ar leas gan í d'fhaicsin
14] Inis d'éis na mbrághaid-sin;
15] mar shaltraim ar úr Innse
16] achmhaing mo shúl shilim-se.
- 17] Truagh mo chomhrádh ós a gceann
18] ag ceileabhradh don chuibhreann;
19] do-bhir mo chridhei-se i gceas
20] sibh san Inis-se i n-uaigneas.
- 21] A-tá i nInisuch do bhroid!
22] Tadhg Ó Briain i n-a bhrághoid,
23] a-tá Gráinnedoilghe dhamh
24] bráighe nach foighbhe a fuasgladh.
- 25] Gé a-tú beo ní fhuilim ann
26] Ua Mathghamhna ó nach marann;
27] mo sheise mná ó nach mair
28] a-tá mei-se gan mharthain.
- 29] A-tá gach éigeas oile
30] ar fhud Innse Laoghaire
31] mar tám i ndiaidh na deise;
32] lán do chiaigh an cridhei-se.
- 33] Mo dhoimheanma 'n-a ndeaghaidh
34] ní hurusa a hoileamhain;
35] sul do bhí acht éantoirrse ann
36] ní fhéadfoinn-se hí d'fhulang.
- 37] A-tá doigh éigneach oile
38] im thaoibh chlé 'n-a comhnoidhe,
39] doigh ag iomghoin ar mh'árainn
40] im iomdhaidh nach iompághainn.
- 41] Ríoghan do fhréimh na gColladh
42] is í ar tús do thoghamar;
43] truagh dhamh-sa i ndiaidh a togha
44] mh'annsa d'Ú Bhriain Bhóromha.
- 45] Ní liom nach cian bhus cumhain;
46] tángadar a TuadhMhumhain
47] sgéala do-chuaidh fam chridhe;
48] déara uaim 'n-a n-ainnsile.
p.245
- 49] Gion go ndeachadhdia do chor
50] inghean ríogh Rátha Cruachon
51] Ó Briain do budh bráighe ghill
52] gáire 'n-a dhiaidh ní dhlighfinn.
- 53] An chríoch-sa Mhumhan Mheic Con
54] méad a hanshóigh ní hiongnadh
55] 's a mbuain dí i ndiaidh a chéile
56] rí Ó mBriain 's a bhainchéile.
- 57] Bheith dod lot ar do lár féin
58] idir fhiodhbhaidh is eichréidh,
59] a Mhumha-sa, ó nach maraid
60] urusa dot eascaraid.
- 61] Ní raibhe i ndán dá deirc mhoill
62] inghean mhiochair Mhaoil Sheachloinn
63] teacht tar aisis crádh cridhe
64] ó Dhál Chais dá céilidhe.
- 65] Is amhlaidh budh áil linne
66] ó chaladh Chuain Duibhlinne
67] sí nó a taise do thoigheacht
68] gér mhaise dhí a deoroidheacht.
- 69] Ní guth d'ealaidh Átha Truim
70] gan a hadhlacadh aguinn;
71] mac Sláine 's sé nar cheaduigh
72] gan Ghráinne 's é i n-éinleabaidh.
- 73] Mh'uabhar a hucht na deise
74] chuireas inn i n-éidtreise;
75] as mo threise thángas riom
76] rángas mei-se ó nach maireann.
- 77] Gé do thréigeas iad uile
78] ar choinnil Chláir Mhaonmhuighe
79] níor thoill an chlann-sa Cholla
80] gan roinn mh'annsa eatorra.
- 81] Ag síol Cheallaigh 'gar chleacht mé
82] ní anabh ar éis Ghráinne;
83] mo chuid ronna dhíobh ar ndol
84] ó shíol Cholla do-chuamar.
- 85] Ionmhuin teagh a-tá folamh
86] rer dheacair mo dhealoghadh;
87] neach don dís nochan fhoil ann
88] don toigh a-rís ní racham.
p.246
- 89] Ag ól buabhall is bleidhe,
90] ag ceannach ar gceirdei-ne
91] do bhádar lá san tigh thall
92] fir agus mná nach marann.
- 93] Béim budh iomnár dá n-aighthibh
94] ní fríoth 'gun aos anaithnidh
95] mo lucht comtha an gcéin do mhair
96] gan bhéim ortha 'ga n-eolchaibh.
- 97] An dias fa dtá mo thoirse
98] is í breath do-bhéaroinn-se
99] rem ré ní fhaca a aithghin,
100] gidh bé aca fhiarfaighthir.
- 101] Ar éis Thaidhg mar thángas ruinn
102] crodh ná ionnmhus ní iarruim;
103] crodh do-bheirim ar ndol dí;
104] crodh do-gheibhinn ó Ghráinne.
- 105] Gotha ísle 's éigean dóibh
106] a mbíodh aice fa onóir;
107] a charaid ó theasda Tadhg
108] ní lamhaid feasda acht fodhard.
- 109] Ar n-éag inghine hÍ Cheallaigh
110] is Taidhg fa dtáid Éireannaigh
111] ní háil bas do bhuain umha
112] do-chuaidh as an ealudha.Dá.