Corpus of Electronic Texts Edition
Cia do-ghéabhainn go Gráinne (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.241
TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.
- 1] Cia do-ghéabhainn go Gráinne
2] do bhacfadh dhí a dearbháile?
3] ar mo chomhairle an mbia an bhean?
4] mh'fhorfhuighle cia ó gcreidfeadh?
- 5] Más fhíor Gráinne i nglas chumhadh
6] nach urusa d'fhuasguladh
7] a-tá oram 'n-a eire
8] gobhang na mná Mainighe.
- 9] Biaidh mar shaoilim ó sho a-mach
10] ag ríoghain rátha Teamhrach
11] mo chéadfhuighle achd go gcluine
12] éagcuimhne ar a heolchuire.
- 13] Bás a meic gidh mór an crádh
14] do ríoghain Rosa Chomán
15] a fhearg do ba doilghe dhí
16] an ceard do-roighne Ruaidhrí.
- 17] Dámadh hé a hadbhar sgíse
18] sgaradh ria don Ruaidhrí-se
19] ní hadhbhar sgís an sgaradh;
20] faghbhadh dís gan dealaghadh.
- 21] Tuigeadh féin nach fáth tuirse
22] duilleabhar an domhain-se
23] gabhadh sé do Ghráinne greim
24] is sgáile é nó is aisling.
- 25] Mar thorchuirthe tugadh dhí
26] nuachar na ríghe Ruaidhrí;
27] an té rug é as a haithle
28] is é thug an torchairthe.
- 29] Do bhí ag mnaoi do mhnáibh Connacht
30] is cubhaidh a gconghlonnacht
31] mac mar sin do uair oighidh;
32] bir lat uaim dá hionnsoighidh.
- 33] Do chuir mar chuirim ba dheas
34] Mac Coise ceann na n-éigeas
35] go hinghin Taidhg uair oile
36] san aird thuaidh (a) theachtaire.
-
p.242
37] Teasda céadrogha an chuaine
38] rug do rígh na Craobhruaidhe;
39] an bhearn do-cháidh san chloinn-se
40] Dearbh-áil nochar fhuluing-se.
- 41] Nír bh'iongnadh éagcaoine a meic
42] d'inghin Taidhg an Eich oirrdhreic;
43] Rí Oiligh do b'é a athair
44] sé 'n-a oidhir d'Ultachaibh.
- 45] Aodh mhac Domhnaill Dhúin Monaidh
46] ráith Oiligh 'n-a urchomhair;
47] dá mbeath d'ádh ar Oileach Néid
48] fa soidheach lán a leithéid.
- 49] "Ná bíodh uirre aithnim dí
50] cumha a meic" ar Mac Coise
51] "abair damh-sa re Dearbh-áil
52] gur sealbh fhallsa dá fhagháil.
- 53] "Ní tharla ar neach gus a-niogh
54] ní badh aoibhinn le haigneadh
55] nach cúis toirse i n-am oile;
56] sloinn-se thall, a theachtoire.
- 57] "Mac ar iasacht má uair sin
58] ón Dúileamh aithidh éigin
59] abair re Dearbh-áil as m'ucht
60] nach sealbh do b'áil don iasucht."
- 61] Searbh ar tús lé gá labhra
62] teagasg an fhir ealadhna;
63] gidh eadh do thráigh a tuirse
64] Dear-bháil leis na briathraibh-se.
- 65] Tug do Dhia nach dingneadh sain
66] inghean ríogh Cruachan cumhaidh;
67] mairg nach dingneadh a ndearna
68] inghean Taidhg dá tighearna.
- 69] Déanadh a ndearna Dearbh-áil
70] do Dhia athair mar anáir;
71] ua an Chrobhdhuinn gá doilghe dhi
72] ná oidhre Domhnaill di-se.
- 73] Sgar dhamh a cheo red chridhe,
74] ar Ghráinne is é m'impidhe
75] d'éis do mheic, a fhleasg Leamhna,
76] gidh leasg dheit gan doimheanma.
-
p.243
77] Dias aile áiréamhas mé
78] thug dá honóir don éigse;
79] dá mbeath rún mh'éara agaibh
80] déana tnúdh le a dtugadair.
- 81] Bíodh ar th'úidh a aithris soin
82] a bhfuair Aithirne ó Eochaidh;
83] eochair dod chosg do chumhaidh
84] rosg Eochaidh don ollamhain.
- 85] Feadh bliadhna buan a loise
86] sgéal ar a bhfuil fiadhnoise
87] Maol Sheachluinn do-bhir Banbha
88] dom leathchuing fhir ealadhna.
- 89] Súil Eochaidh 'n-a honóir sain
90] ceannas Banbha re bliadhain
91] d'fhagháil as an gceas chumhadh
92] treas anáir na healadhan.
- 93] Fiarfoighidh do-ním a-nos
94] an fulang leat ar labhras?
95] munab cead ar chan t'ollamh
96] gá beag damh a ndubhromar.
- 97] Gabh chugad a gcanaim ruibh,
98] a ríoghan do fhréimh Cheallaigh,
99] gá dás grádh ag duine
dhí
100] tuile agus trágh gach toice.Cia.