Corpus of Electronic Texts Edition
Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.236

EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
  1. 1] Bíodh aire ag Ultaibh ar Aodh—
    2] díochoisg meanma na macaomh;
    3] eagal go bhfuighthear ar faill
    4] dreagan cruithgheal Ó gConaill.
  2. 5] Éagcóir do léigfidhe libh,
    6] a shlógh iomthnúthach Oiligh,
    7] dé do ghabháil 'n-a ghoire;
    8] níor bh'fhaláir é d'ionghoire.
  3. 9] A Ultaigh féin féachtar libh
    10] nar bh'fholáir d'Aodh Mhág Uidhir
    11] fear amhairc fionnMhuighe Fáil
    12] malairt ionghuire d'fhagháil.
  4. 13] Do-ní-sean Ultaigh d'fhaire;
    14] comaoin dóibh é d'ionghuire;
    15] ógbhaidh chathardha Chláir Breagh
    16] ratharbha dháibh a dhídean.
  5. 17] Ó Éirne go Binn mBoirche
    18] caomhnaidh Aodh re haonoidhche,
    19] 's ó Bhóinn úir bhionnfhoclaigh bhrais
    20] go fionnochtaibh brúigh Bhearnais.
  6. 21] Coimhéadaidh Aodh amhlaidh sain
    22] Dún Sobhairche, slios Murbhaigh,
    23] goirmthealach fa ngealann grian
    24] fearann oirthearach Oirghiall.
  7. 25] Ní fhuil leaba mhíl mhuighe
    26] i ndroibhéal dá dhiamhruighe
    27] fan taobh thuaidh ó Aodh Uladh
    28] ná taobh cuain gan chuartughadh.
  8. 29] Ní choideoladh ciabh na sreath
    30] bíodh go luighfeadh Ó Luighdheach
    31] d'eagla faghla fear nUladh
    32] feadh an fhabhra d'osguladh.
  9. 33] Ní bhí aonlá 's ní hé a- mháin
    34] gan imshníomh éigin d'fhagháil
    35] bos fhionnchorr nach dáigh Danair
    36] i dtiomchall chláir Chonchabhair.

  10. p.237

    37] A lucht eolais fhuinn Uladh,
    38] a chliar, a aos ealadhan,
    39] tabhraidh mór n-impidhe air
    40] fa shlógh bhfinntighe bhFiachaidh.
  11. 41] Ná léigidh d'Aodh Mhág Uidhir,
    42] neamhghrádh fleadh, fuath fíonchuiridh
    43] ar ól sreabh bhfíorthobar bhfionn
    44] re síorchogadh fhear nÉireann.
  12. 45] Súr deabhtha, diúltadh cána,
    46] grádh foghla, fuath síothchána,
    47] ursa sluaigh bhoinnleasgaigh Bhreagh,
    48] toirmeasgaidh uaidh an t-aigneadh.
  13. 49] Beag leis iomdha 'n-a aghaidh
    50] nó bheith d'fhéin ar aonaraidh
    51] d'éis a dtug d'anachain air
    52] ar fhud gcladhachaidh Chobhthaigh.
  14. 53] Gan riar sgol, gan duais do dháil,
    54] gun ghleo, gun troid, gun teagmháil
    55] a-tá sluagh Éireann uile,
    56] (a) sduadh mhéirsheang Mhucruimhe.
  15. 57] Do léigsead díobh déanamh cean;
    58] tairseach cogaidh chlann Míleadh
    59] do sguir críoch Éibhir d'oineach;
    60] bíoth go céillidh comhnuidheach.
  16. 61] Ní hinbheithte dá ghruaidh ghloin
    62] 'n-a aon i n-aghaidh phobuil
    63] laoch na ngreagh síodhbhuainmhear seang
    64] ag síorbhuaidhreadh fhear nÉireann.
  17. 65] Do rinneadh do rádh gach fhir
    66] d'Éirinn is d'Aodh Mhág Uidhir
    67] slat gan ainimh acht óige,
    68] "glac i n-aighidh ordóige."
  18. 69] Do-ghéanaid amadán d'Aodh
    70] mar nach beid is é ar aonraon
    71] críoch eighreadhta na sreabh seang
    72] re neimhghlioca fhear nÉireann.
  19. 73] Dá gcluineadh onchú Uladh
    74] toisg an tríochad Feallsamhan
    75] fear dar chóir fionnmhagh na bhFionn
    76] dóigh nach diongnadh a ndéineann.

  20. p.238

    77] Tríocha feallsamh fada ó shoin
    78] thall-ód i dtosaigh dhomhain
    79] do shir diamhair néal nimhe
    80] ar séan d'iarraidh fáisdine.
  21. 81] Do-chíthear dhóibh dá dhruim soin
    82] éinchioth uaithmhéalta d'fhearthain
    83] —ceadh acht tuile gan tarbha?—
    84] feadh na cruinne ceathardha.
  22. 85] Tarfás dóibh—diamhair an fios—
    86] a mbeith gan chéill gan chuibhdhios
    87] re hucht an cheatha do chur
    88] lucht an bheatha dá mbeanfadh.
  23. 89] Tiaghaid an tríocha feallsamh
    90] i ndóigh cáigh dá gcreideamh-san
    91] re sgéalaibh dá chur i gcéill
    92] ar sgur d'fhéaghain an ai-éir.
  24. 93] Do hinniseadh leo an lá-sain
    94] a mhéad d'ulc is d'uathbhásaibh
    95] —damhna caoi don uile fhear—
    96] do bhaoi don chruinne i gcinneadh.
  25. 97] A-dubhairt an drong chéadna
    98] "fearfaidhear frais uaithmhéalda
    99] fan mbioth do choimhfhliochadh cháigh
    100] do chioth foirleathan anbháil.
  26. 101] "Bíodh agaibh-se" ar na hughdair
    102] "tuir dhíoghuinne dheaghcumhdaigh
    103] 'n-a srothaibh corra ar n-a gcar
    104] do chlochaibh troma an talmhan."
  27. 105] Do ráidhsead d'aitheasg éinfhir:
    106] "ní bhia acht óinmhid éigcéillidh
    107] i nduine ar bioth dá mbeanfa
    108] an cioth buile buaidheartha.
  28. 109] "A shluagh an domhain, déanaidh
    110] uamha doimhne i ndroibhéalaibh"
    111] ar lucht eagna an bheatha bhí
    112] "ar eagla an cheatha ad-chluintí."
  29. 113] Ní chreideadh duine ar domhan
    114] fáisdine na bhfeallsamhan;
    115] dream dhreachbhoiggeal dar chóir cion
    116] neamhchroideamh dhóibh níor dligheadh.

  30. p.239

    117] Mar nar chreid cách a gcomhrádh
    118] rug an bhuidhean bhriatharnár
    119] céim luath dá bhfírdhídean féin
    120] fa bhruach ndínlíggeal ndroibhéil.
  31. 121] Níor bh'fhada dhóibh 'n-a dheaghaidh
    122] an cioth gáibhtheach gráineamhail;
    123] ní mór do-chóidh seacha sin
    124] slóigh an bheatha do bhuaidhir.
  32. 125] Tar éis an cheatha do chur
    126] táinig an tríocha feallsamh
    127] a huaimh dhorcha na gclach gcuir
    128] a-mach ar dhromchla an domhain.
  33. 129] Do bh'é iomthús fear ndomhain
    130] fuaradar na feallsamhain
    131] níor thuig duine iad idir
    132] 's iad uile n-a óinmhidibh.
  34. 133] Gidh eadh do chuir cách i gcéill
    134] don bhuidhin ughdar ainn-séin
    135] dream dhreichmhíolla na ngníomh nglan
    136] neimhchríonna dhíobh go ndearnadh.
  35. 137] Do b'é riu rádh gach éinfhir
    138] a mbeith óinmhideach éigcéillidh;
    139] níor fhéad ceannsughadh na gcath
    140] an tréad feallsamhan bhfáthach.
  36. 141] "Déanaim-ne aimhghlic amhail
    142] sinn féin" ar na feallsamhain
    143] "beag díol na cruinne dar gcéill;
    144] ná bíom 's an uile acht d'éinmhéin."
  37. 145] Dá ndéanamh féin mar gach bhfear
    146] do b'é a gcríoch dul fa dheireadh,
    147] tuigse an bheatha mar do bhuaidh,
    148] fa uisge an cheatha i gcéaduair.
  38. 149] Éirgheadh fa uisge an cheatha
    150] leomhan Locha seinBheatha;
    151] bíodh re gcéimeannaibh a chor,
    152] bíodh is Éireannaigh d'éantol.
  39. 153] Go bhfagha aoinneach éigin
    154] chuirfeas leis dá leithéidibh
    155] bláth na ríogh ó ráth Doire
    156] bíodh mar chách 'n-a chomhnuidhe.

  40. p.240

    157] Bheith mar chách ní hiongnadh d'Aodh;
    158] féachadh uime ar gach aontaobh;
    159] fa chríoch dtaoibhghil gcnuaistigh gCuinn
    160] ní gluaistir aoinshleigh d'ealchuing.
  41. 161] Gan fiú na sleagh i láimh laoich,
    162] gan cheinnbheirt um cheann óglaoich
    163] —ní ham fhoghla fa iath mBreagh—
    164] gan sgiath re formna bhféinneadh.
  42. 165] Failligheadh an lámh fan loinn,
    166] ná bíodh an t-each san orsoinn,
    167] ná feilm óir na gcraobh gcorcra
    168] um Aodh ar chóir gcodalta.
  43. 169] Caitheadh fhleadh gan lucht feithmhe
    170] —ní tráth dhó bheith buaid- heirthe
    171] fa chlár bhfoirbhthe mbogglan mBreagh—
    172] codladh oidhche gan éideadh.
  44. 173] Gan choirm, gan leabaidh, gan fhleidh
    174] ná bíodh Aodh Mág Uidhir,
    175] slat bhoisleabhar ón mBóinn mir,
    176] dá thoirseaghadh d'fhóir Oiligh.
  45. 177] Ní bhiú dhó, gé deirim sin,
    178] dá bhféadadh d'áis nó d'éigin
    179] naithir na gcéimeann gconfaidh
    180] maithimh Éireann d'Allmhurchaibh.
  46. 181] Rinn bhaoghlach go mbriocht neimhe,
    182] dreagan uathmhar aingidhe,
    183] gríobh dhroibhéil d'fheithimh Uladh,
    184] beithir oiléin d'fhásughadh.
  47. 185] Leomhan coimhéadach cogthach,
    186] onchú doiligh díoghaltach,
    187] draig lonn gach áite d'fhaghail,
    188] tonn bháidhte dá bhiodhbhadhaibh.
  48. 189] Caomhna Mumhan na múr ngeal,
    190] sgiath chumhdaigh cóigidh Laighean,
    191] —cia an duine (do) diongbhuidhe dhe?—
    192] ionghuire mhuighe Meidhbhe.

    Bíodh.