Corpus of Electronic Texts Edition
A theachtaire thig ón Róimh (Author: Giolla Brighde Mac Con Midhe)
p.220
GIOLLA BRIGHDE MAC CON MIDHE cct.
- 1] A theachtaire thig ón Róimh
2] le n-a síoltar gach seanmóir
3] déana mar a-deir an peann,
4] ní gheibh séala achd an
sgríbheann.
- 5] Tabhair mar tugadh a-noir
6] crois ó chomharba Pheadair;
7] duille doirche gan drud ris
8] má do-ug toirche thairis.
- 9] Mar do ráidheadh ins an Róimh
10] leasuighthearlór do sheanmóir;
[corrigenda]
11] níor bh'éidir glór oile ann
12] do bud lór d'oire a fhulang.
- 13] Níor hiomráidheadh san Róimh ribh
14] díochur na gcliar, a chléirigh;
15] fríoth ó neamhRóimh éigin
uaibh
16] seanmóir éididh re héanuair.
- 17] Caidhe an sgríbheann 'n-ar sgríobhadh
18] an ealadha d'aithríoghadh?
19] déana mar do fhógair inn,
20] tógaibh séala do sgríbhinn.
- 21] Focal nach fríoth i leabhraibh
22] gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
23] is léigheann gránna Gallda
24] dámha Éireann d'ionnarba.
-
p.221
25] "Donum Dei" an dán binn
26] i gceartlár cuirp an léighinn;
27] gaibh é is casgair a chéill;
28] "asgaid Dé" sain go soiléir.
- 29] Gan a luach ar na laoidhibh
30] má a-dearar le deaghdhaoinibh
31] do ráidh gan aoradh gach fhir
32] do shaoradh cháigh, a chléirigh.
- 33] Más do mhian méaduighthe an lóin
34] beantar d'éigsibh a n-anóir
35] nach lór, a chléirigh, re chais
36] lón gach éinfhir 'n-a éagmhais?
- 37] Ciodh um nar dhíochuir an dán
38] ar dtoigheacht a tír Romhán
39] Pádraig an iris do b'fhearr
40] a hinis fhádbhuig Éireann?
- 41] Créad thug ar Colum Cille
42] nach fionnfadh achd fírinne
43] gach Dar-daoin ag dul ar neamh,
44] crodh ar laoidh mar do léigeadh.
- 45] Do hionnarbadh eacht oile
46] cliara Fódla féaraighe;
47] a gcomhall do na cliaraibh
48] ó Cholam an chéidbhliadhain.
- 49] Tug gér oirrdhearc an t-eineach
50] Mo Bhí cráibhtheach Cláireineach
51] a shaoghal féinfial an
gníomh
52] don chléir do iarr gér
bh'fhairbhríogh.
- 53] Tugadh lé ar an laoidh n-uallaigh,
54] gér athchuinghidh anuabhair,
55] an bhróg do chuir an dealbh dhi;
56] go dearbh
[gap: extent: 1 syllable]
í fhuil impe.
- 57] Duais nach tiubhradh damh duine
58] do-bhéara mac mórMhuire;
59] do-gheabh ar duain dom dheaghdhán
60] neamh mar fhuair Ó hIfearnán.
- 61] Moladh daoine is dó as mholadh
62] an neach do-ní a gcruthoghadh;
63] ní bhí ar domhan ag duine
64] ní achd moladh a mhíorbhuile.
-
p.222
65] Rinn gach roinn, rinn gach meadhra,
66] ag teacht tar an Tighearna;
67] foghar gach tuile re tír
68] moladh uile don Airdrígh.
- 69] Gémadh bréag do bhiadh san duain
70] is bréag bhuan ar bhréig dhiombuain:
71] bréag uile gidh créad an cradh,
72] bréag an duine dá ndéantar.
- 73] Ní ba liai-de ór ná each
74] ag duine dámadh doichleach;
75] gan sbéis i nduain ar domhan
76] dá mbuaibh ní ba buanoghadh.
- 77] Dá mbáidhtí an dán, a
dhaoine,
78] gan seanchas gan seanlaoidhe
79] go bráth achd athair gach fhir
80] rachaidh cách gan a chluinsin.
- 81] Dá dtráigheadh an tobar fis
82] ni béarthaoi muna mbeimis
83] go deighfhearaibh saora a sean
84] craobha geinealaigh Gaoidheal.
- 85] Do bhiadh i n-iarmairt fhada
86] do mhíleadhaibh mórbhaga
87] folach a sgéalní sgrios beag
88] gan fhios na bhfréamh ó bhfuilead.
- 89] Folach cliathach agus cath
90] fear n-Éireann do budh easbhach
91] dá n-éis gémadh maith a méin
92] gan sbéis i bhflaith ná i
bhfírfhréimh.
- 93] Gé tá marbh mairidh Guaire
94] 's Cú Chulainn na Craobhruaidhe;
95] ón ló tá a nós thiar is
thoir
96] a-tá fós Brian 'n-a bheathaidh.
- 97] Beo ó mhaireas a moladh
98] Conall agus Conchobhar;
99] a nós 'n-a bheathaidh i-bhus
100] nocha deachaidh fós Fearghus.
- 101] Lugh do marbhadh le mac Cuill
102] ní mhaireann cnáimh 'n-a choluinn;
103] a nós ar ndul don domhan
104] fós do Lugh is leasoghadh.
-
p.223
105] Muna leasaighdís laoidhe
106] a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
107] i bhfad a-nonn do bhiadh brat
108] ar Niall, ar Chonn, ar Chormac.
- 109] Rioghradh Chruachna is Chaisil Chuirc
110] na filidh fréamha a lubhghuirt
111] slata teaghlach na dtrí mbrogh,
112] Dá Thí Teamhrach is Tuathal.
- 113] Ní bhiadh muna mbeith an dán
114] ag cruit téidbhinn ná ag tiompán
115] fios deighfhir ar n-a dhala
116] ná a einigh ná a eangnamha.
- 117] Fios a seanchais ná a saoire
118] ní fhuighbhidís arddaoine;
119] léigid so i ndán do dhéanaimh
120] nó no slán dá
seinsgéalaibh.
- 121] Dá mbáidhtí seanchas chlann gCuinn
122] agus bhar nduana, a Dhomhnuill,
123] clann bhar gconmhaor 's bhar gclann saor
124] ann do badh comhdhaor comhshaor.
- 125] Fir Éireann más é a rothal
126] ionnarba na healathan
127] gach Gaoidheal badh gann a bhreath
128] gach saoirfhear ann badh aitheach.A Theachtaire.