Corpus of Electronic Texts Edition
A-tá sunn seanchas Mu-áin (Author: Giolla Brighde Mac Con Midhe)
p.217
GIOLLA BRIGHDE MAC CON MIDHE cct.
- 1] A-tá sunn seanchas Mu-áin
2] ó chath cairrge seanChu-áin
3] ríogha Banbha go mbearair
4] gníomha is gabhla geinealaigh.
- 5] Niall Naoighiallach an neirt truim
6] seanathair Mu-áin mhéarchuirr
7] go Muir nIocht ní fhuil achadh
8] nach fuil sliocht a seanathar.
-
p.218
9] Mac Eoghain mhic Néill náraigh
10] athair Mu-áin mhórdhálaigh
11] glas na bhfuineadhach bhfuileach
12] Muireadhach cas céadghuineach.
- 13] Earc inghean ríogh Alban aird
14] máthair Mu-áin mhir mhórghairg;
15] Móirbhinn a seanmháthair sin;
16] dearbháchaidh sinn go suaithnidh.
- 17] Inghean ríogh Sagsan sleaghaigh
18] Móirbhinn máthair Muireadhaigh
19] súile gorma agus glac bhán
20] mac mar mhac Morna Mu-án.
- 21] Muircheartach mhac Earca fhinn
22] do ghabh Albain is Éirinn
23] éinbhean fa deaghmháthair
dháib
24] dearbhráthair méirgheal Mu-áin.
- 25] Téid lá a Teamhraightoisg reab-
hach
26] athair Mu-áin Muireadhach
27] dá dtarla ar an seachrán soir
28] a gealchlár Banbha i mBreatnoibh.
- 29] Dá dtarla rí Gabhráin ghuirm
30] ar Eirc inghin ríogh Loghuirnn
31] go ros líon grádh Chuinn chais
32] ó shál a bhuinn go bathais.
- 33] Téid adhbhar airdríogh Bhanbha
34] i n-Albain 'n-a hathardha
35] mac Eoghain Teamhra dá thairm
36] do shealbha an leoghain Loghairnn.
- 37] Seacht mbliadhna dhéag sa tír thoir
38] do Mhuireadhach mhac Eoghain
39] gur imdhigh tar gleannmhuir nguirm
40] le hinghin leannmhair Loghuirnn.
- 41] Ráinig go bun na Bóinne
42] mac ríogh Fódla fleadhmhóire;
43] codlaidh san phurtníor pheall te
44] is a cheann i n-ucht Eirce.
- 45] Mucaidh Eoghain a athar
46] láimh re Bóinn na mbreaclachan
47] do-chí i mbun innbhir fhóid Bhreagh
48] inghin n-óig agus aoinfhear.
-
p.219
49] Gabhais éad 'gá fhaicsin sain
50] mucaidh ainbhfeargach Eoghain;
51] táinig bás an damhna dhe;
52] don Bhanbha níor chás coisge.
- 53] Sleagh i Muireadhach gur mharbh
54] sáithis an t-aitheach athgharbh;
55] leannán sluagh Gaoidheal do ghuin;
56] truagh a mhaoidheamh do mhucaidh.
- 57] Gluaisis Earc go hEoghan n-ard
58] innisis dó a mhac mórgharg;
59] cuirthear teaghlach úr le hEirc
60] go múr Teamhrach dá thoirbheirt.
- 61] Bearthar i dTeamhraigh is-teach
62] an rí i n-aireagal uaigneach;
63] i mbarr an bhrogha acht an bhean
64] ní robha ann dá fheitheamh.
- 65] Tig eas tar airdrígh bhfear bhFáil
66] a froighidh ghil an ghrianáin;
67] buailis go garbh Earc an eis
68] go ros marbh tre theacht thairis.
- 69] Eas oile i gcéadóir do chuir
70] luibh 'n-a béal go ros beathaigh;
71] ar dteacht a hanma san eis
72] tarla Earc ar a haithris.
- 73] Do láidh barr an luis leabhair
74] an bhean i mbéal Muireadhaigh;
75] don Bhanbha do budh beart sídh
76] teacht a anma san airdrígh.
- 77] A Fhir do dhealbh an domhan
78] is duit as dual altoghadh
79] mar thearna slat Teamhra ón tán,
80] go ndearna mac mar Mhu-án.
- 81] Síol Mu-áin mhóir mheic Earca
82] saoire ná síol cruithneachta
83] laoich goirminnse finne Fáil,
84] gille coirmmilse Cruacháin.
- 85] Níor chanta, a choinnle Teamhra,
86] taoiseach re bhar dtighearna
87] nó go mbeath oireacht mar ibh
88] ag toigheacht go teach taoisigh.
-
p.220
89] Tarraidh tighearna an tíre
90] eochracha na hairdríghe
91] treabha ban nach bí ag fearaibh
92] rí go ngabh Ó Gairmleadhaidh.
- 93] Niall Ó Gairmleadhaidh Geirge
94] garbh móide 's mín Gaoidheilge
95] ní budh mór ar cách a chrodh
96] a shlógh an tráth a-
tá-san.Ata.