Corpus of Electronic Texts Edition
A-tám i gcás eidir dhá chomhairle (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.215

EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.
  1. 1] A-tám i gcás eidir dhá chomhairle;
    2] gá cás as rodhailghe ná an dál a- direim-ne?
    3] guais teacht ó chríochbhun an dá chomhairle
    4] dá neart chomhaidhbhle dar síorchur dar slighidh-ne.
  2. 5] Dá chúis rom-ghoin le diamhair ar ndoimheanma
    6] toil na hoileamhna ag iarraidh ar n-aradhna
    7] ó fhairche ráthaigh ghartghloin gheilEamhna
    8] 'gar máthair gheineamhna is m'antoil anamhna.
  3. 9] Measaim triall le mearbhail ar mórchumhadh
    10] ó fhiadh na n-órchuladh, ó sheanmhaigh shíothMhumhan,
    11] go hadhbhaidh mbuig sruithbhinn na saorchuradh
    12] is cuid dar saothrughadh ar nach cuirfinn críochnughadh.
  4. 13] Measaim dá éis i n-aimsir ar dtriallai-ne
    14] go géis ngrianDaire ros faillsigh gach fáidhfhile
    15] is mé go haoinchéim ar ndul sa dréimire
    16] nar chéillidhe sgur re baoithréim ar mbáirei-ne.
  5. 17] Anfad re cuma ar nduaine deiridh-ne
    18] sunna i neimhinmhe—gá cruaidhe comhairle?
    19] mása thruagh leo—gidh eadh dá n-anaim- ne
    20] ní raghaim-ne beo go sluagh mear Modhairne.
  6. 21] Ó chrích chaillghil na gcaladh síodhamhail
    22] dá n-anar san ríoMhumhain mhaighrigh mhíondoirigh
    23] gá dulc dhún ar sealadh go sírrighin?
    24] dleaghar do ríghfhilidh súr gach síodhoirir;
    25] an dara bliadhain gan triall fa thuaidheamhain
    26] ní bhiam ó shluaighfheadhain riaraigh ríoghOiligh.
  7. 27] Gér linn ón droing do ghnáth a nguailnidheacht
    28] do luaighidheacht tar cách is roinn a ríoghadhart,
    29] is luibh chabhra dhúin ar ar ndeoraidheacht
    30] ó cheoloireacht Ghabhra ar súil re a síorradharc.
  8. 31] Dursan ar dtriall ó oirear fhionnDaoile
    32] na moigheadh ndionnnaoidhe go fiadh bhfionnÁine;
    33] gidh ionmhuin clár sreathghlan seanDáire,
    34] neamhthal ar leannáin-ne fa dál diombaidhe.

  9. p.216

  10. 35] Uchán ar gcéim-ne ón talmhain thuaidheamhain,
    36] 's ó Éirne chuainealaigh bhalbhghlain bhraondoirigh,
    37] is ó fhréimh armruaidh rúnbhrais ríoghUidhir,
    38] 's ó shíodhuidhibh glanshluaigh shúlghlais shaorOiligh
    39] 'sh óm Aodh féine mo ghrádh tar Ghaoidhealaibh,
    40] as céile d'aoigheadhaibh 's as fhál d'aoghairibh.
  11. 41] Is í ar ndáigh nach ba cian ar gcéilidhe,
    42] ar gcéilei-ne riamh a-mháin dá mhóirfhine,
    43] ó Mág Uidhir dá roiseam 'n-a ríobhaile,
    44] síodhaidhe boisseang ó bhruighin ar mBóinneine.
  12. 45] Do-ghéabh i síothlios fhionn an Aodha-sa
    46] mo dhínchrios taobha-sa, mo lionn lúdha- sa,
    47] is gan ar dtriall a hamharc an aoilleasa
    48] radharc gach aoibhneasa san fhiadh Úna-sa.
  13. 49] Budh mór saorchlann dom fhios do b'inríoghtha
    50] is fraochlann rinnlíomhtha ar slios na sean-bhóchna;
    51] budh iomdha béinne úr airmniamhtha
    52] is glainbhriathra cléire san dún dealbhórtha.
  14. 53] Budh iomdha le moltaibh fáidh fan bhfionnorlár,
    54] 's gáir bionnorghán le hochtaibh imeilmhéar,
    55] 's ceo doilbhthe ar gach leath fan loinnearmhúr
    56] ó chroibmearlúdh bhoirrthe each n- ingeinghéar.
  15. 57] Budh iomdha ag triall don ealtain éigseighil
    58] éigsfhilidh dá riar ón ghreantaigh ghéagsdaraigh;
    59] badh iomdha rithlearg áith le hógsgolaibh
    60] go ráith bhfódsgoraigh na n-ilcheard n- éagsamhail.
  16. 61] Badh iomdha sompla úr ar óireangaibh,
    62] is lúdh ag sróillearraibh corcra ós chaoilrean-naibh,
    63] gáir ag seilg, bionngháir ag buabhallaibh
    64] fan leirg mbuabhallaigh lionnbháin laoidheangaigh.
  17. 65] Do-ghéabh róm gan fholta gan imreasain
    66] an slógh re finnleasaibh corcra an chuirmlissin;
    67] do badh díol teineadh don uallchath Eamhna-sain
    68] dealbhlasair buadhchlach bleidheadh na bruighneisin.
  18. 69] Do-ghéabh Aodh romham 'n-a ríoghshuidhe,
    70] síodhuidhe saor nach bloghann a bhéalluighe,
    71] 's a ógbhadh thréan ar ar thinne caomhfhile
    72] 's ar bhfréamh chraobhei-ne ime go héanduine.

  19. p.217

  20. 73] Dá roicheam don bhrugh fhionnfhuar oireaghdha
    74] budh diombuan ar ndoimheanma ar ndul san deaghadhbha;
    75] do-ghéabh san phurt mo ghaol geineamhna
    76] is Aodh seinEamhna go n-a lucht leanamhna,
    77] lámh ler sgaoileadh teagar gach tighearna,
    78] dreagan nach infheadhma re haoinfhear n-ealadhna.
  21. 79] Fuath na dreime ó raonchlár ríoBhóinne,
    80] baothghrádh fíoróighe seinge síodhshaoire,
    81] fa nochtaid fialmhná a meanma mímhéine,
    82] grianlá rífhéine meardha míonDaoile.
  22. 83] Beithir Eamhna dar fuilngeadh fíorfhoghal,
    84] ríoghobhal Teamhra na mbuidhneadh mbéinneimhear,
    85] seabhac d'ealtain na gcuradh gcaolfhoghadh,
    86] saoraghadh deargthair gan omhan éinfhileadh.
  23. 87] Mo chéile rúin, caomhthach gach chomhuidhigh,
    88] ón saothrach ar sgoluidhibh múir Muireadhaigh,
    89] fear síorchuir óir ar ar n-ealadhain
    90] tar deaghfhalaibh an tslóigh fhíochmhair fhuineadhaigh.
  24. 91] Mo chean fionnbharr na bhfeadh ndruidfheactha
    92] dá dtiobhram cuideachta re feadh bhfaideachtra,
    93] 's an learg neamhchruinn fhionnghlan fhadochta
    94] mo chearchuill chodalta, ionnladh mh'aigeanta.

    A-tám.