Corpus of Electronic Texts Edition
Ar iasacht fhuaras Aonghus (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.211

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Ar iasacht fhuaras Aonghus
    2] ó Dhia gin gur dheaghcaomhnas;
    3] an té rug é nochan olc
    4] ó nach tug é achd ar iasocht.
  2. 5] Móide an tuirrse tá ar gach neach
    6] fa bhreith uaim do Dhia dhúileach,
    7] glan an nuabhas, nuaidhe an corp
    8] do fhuaras uaidhe ar iasocht.
  3. 9] An t-iasocht fhuaras do nimh
    10] nocha n-iodhlaicfinn idir;
    11] do b'usa leam a locadh
    12] gémadh fhearr a iodhlocadh.
  4. 13] A Dhúilimh do dhealbh a chorp,
    14] nó go n-iodhlaicfinn m'iasocht
    15] nachar bh'é ceart badh fhearr ann
    16] gan teacht ar a cheann chugam?
  5. 17] Ní hiasocht áruis nimhe
    18] a-tá ar Aonghus d'áiridhe;
    19] gearr gach sosadh achd mar sain
    20] do-san níor bh'fhearr ga athair.

  6. p.212

  7. 21] An tsealbh bhunaidh bhíos a-nois
    22] níor leam achd iasocht Aonghuis;
    23] ní fríoth uaidh achd athaidh dhe;
    24] do-chuaidh le a athair oile.
  8. 25] Iasocht bunaidh do bhuain air
    26] ní iarrfainn ar an athair
    27] —níor léig sei-sean an leanbh linn—
    28] a shealbh leis-sean do léigfinn.
  9. 29] Do Mhac Dhé bhí is beannacht lais
    30] deonuighim anam Aonghuis;
    31] ní fhuighinn neart budh fhearr air
    32] reacht fa a cheann nocha cosmhail.
  10. 33] Croidhe Dhé d'fhurtocht orm-sa
    34] truagh nach táinig chugam-sa
    35] ar mhnaoi roimhe ráinig teagh
    36] mar tháinig croidhe an Choimdheadh.
  11. 37] Lá dá ndeachaidh Mac Muire
    38] go teagh Martha míonghloine
    39] an bhean dar chinn an rí rath
    40] re a linn do bhí go brónach.
  12. 41] Do fhiarfaigh Mac Dé dhi-se
    42] créad an chúis fa raibhei-se
    43] ar bhfaicsin déar le a gruaidh ngil
    44] an léan fhuair gé do fhidir.
  13. 45] "An mac óg do b'aithnidh dhuit"
    46] ar si-se "a Athair orrdhruic,
    47] teasda an ghéag bhassolus bhinn;
    48] Lasarus créad nach caoinfinn?"
  14. 49] "Gluais leam" ar Dia do dhealbh neamh
    50] "tuigim mar tá do chreideamh
    51] go léiginn uaim do mhac maith
    52] lat ón uaigh" ar an t-Ardfhlaith.
  15. 53] Gluaisis leis—níor leasg an chéim—
    54] d'fhios an adhlaicthe ainn-séin;
    55] sona an flaith ó bhfuair proigeacht,
    56] maith do-chuaidh an chomhoideacht.
  16. 57] Do ráidh Dia ag dul ós a chionn
    58] ris an mac—mairg nach tuigeann:
    59] "cuirim ort, a chalann chriadh,
    60] tocht 's an t-anam ar éinrian."

  17. p.213

    61] An sgáth bréige do bhí ann
    62] as ar imdhigh an t-anam
    63] ní dhearna an Rí achd a rádh sin
    64] 's do bhí slán is an slighidh.
  18. 65] An cleas-sain, dá mbeinn buidheach,
    66] do-rinne an mac míorbhuileach
    67] a Dhé nach déanann a-nos
    68] is nach fhéaghann é ar Aonghus!
  19. 69] Gion go bhfaghaim mar fuair sin
    70] do chionn guidhe Dhé dhúiligh
    71] d'éis a mhíorbhuile ar Mhartha
    72] dá fhíorghuidhe is adhartha.
  20. 73] Gion go bhféagh Rí nimhe a-nois
    74] orm-sa um fhóirithin Aonghuis
    75] dámadh fiu mé a dhéanamh dhamh
    76] do-ghéanadh é is do fhéadfadh.
  21. 77] Ó nach fiu a dhéanamh dhamh-sa
    78] Mac Dé d'fhurtocht oram-sa
    79] mairg más eadh do fhuirigh inn
    80] ris an mbuilidh ngeal nglóirghrinn.
  22. 81] Níor shaoil mé gur mhaith an bhreath
    82] gan mhac re a athair d'fhuireach;
    83] ní hamhlaidh do an rem dhul
    84] achd anmhain damh re a dhol-san.
  23. 85] Taosga thug mei-se ná an mac,
    86] Dia tug orainn an t-iomlat;
    87] gidh taosga rug sei-sean sain
    88] ní hei-sean thug ó thosaigh.
  24. 89] Tosach uaim-se fhuair sei-sean;
    90] truagh dhamh gan dul reimhei-sean;
    91] d'óige ar meic-ne dar mhó ar gcean
    92] do badh leigthe dhó deireadh.
  25. 93] Ní deireadh don tuirrse thruim
    94] d'éis an laoigh d'fholach oruinn;
    95] fa romhoch cré tar a chneas,
    96] sé d'fholach nochar bh'oircheas.
  26. 97] Ní béas eilte d'éis a laoigh
    98] agam d'éis an ghil ghlacshaoir;
    99] ní thabhar laogh oile air
    100] go saor mo chroidhe ón chumhaid.

  27. p.214

    101] Sódh na heilte ní holc dhi
    102] a laogh féin ó théid thairse;
    103] do laogh oile do-gheibh grádh
    104] a croidhe féin ag síothládh.
  28. 105] Buan mo chumha um cheann mo mheic,
    106] ní hionann is an eilit;
    107] d'éis an laoigh re a dtabhrainn taobh
    108] ní thabhraim m'aoidh ar aonlaogh.
  29. 109] Laogh mo chroidhe an mac muirneach,
    110] mo chara, mo chomhairleach,
    111] níor bhean tuirrse roimhe rinn
    112] mo chuisle croidhe caoinim.
  30. 113] Mo chruit chiuil as caoine nglóir,
    114] mo ghlór caoin as cosg dobróin,
    115] éinfhear cumainn mo chridhe,
    116] mh'urraim agus mh'áisighe.
  31. 117] Mo chraobh chnuais, (mo bhile bláith),
    118] mo ghéag fíneamhna fhíorbhláith,
    119] mo mhac ochta agus anma,
    120] mo shlat chorcra chraobhabhla.
  32. 121] Mo chiall, mo chuimhne, mo chonn,
    122] mo mhac, mo dhalta drólann,
    123] mo mhochmhacámh, mo mhionn súl,
    124] mo fhochlacán fionn foltúr.
  33. 125] Do oileas d'Airdrígh nimhe
    126] Aonghus ar gcuid cridhe-ne;
    127] fuaras doimheanma uadh as
    128] do luagh mh'oileamhna ar Aonghus.
  34. 129] I ndoilgheas re Dia athar
    130] —do b'éagcóir an t-ordachadh—
    131] do-chuadhas—is do b'é m'olc—
    132] fan té fhuaras ar iasocht.

    Ar.

  35. 133] Fuair Fionnghuala fód bunaidh
    134] d'éag Aodha, d'éag Fearadhaigh;
    135] do-chuaidh siad is siad gan locht
    136] ní fhuair iad acd ar iasocht.

    Ar iasocht.