Corpus of Electronic Texts Edition
An tú ar gcéadaithne, a charrag (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.207

Eochaidh Ó hEoghusa cct.
  1. 1] An tú ar gcéadaithne, a charrag,
    2] a ráith éigneach eatharrod;
    3] cách ód chéadaithne do chur
    4] ní fáth méadaighthe meanman.
  2. 5] An tú bhíodh i mbéalaibh sgol,
    6] do measdaoi re múr Cruachan?
    7] a phuirt ghil fan rionnghlan rosg,
    8] más ibh is iongnadh t-éagcosg!
  3. 9] Do chlaochlóidh do chruth dealbhghlan,
    10] do imthigh bhar n-óirthreabhradh
    11] dod mhúr ghlan thaoibhleabhar the;
    12] ní mhar aoilghreanadh th'aighthe.
  4. 13] Níor deargadh le hingnibh each,
    14] níor loiteadh le lorg nuaichreach,
    15] do leirg dtonnbháin ngairthe ngil,
    16] congháir t'fhaighthe do uaignigh.
  5. 17] Tugais cruth naoidhe ar neamhchruth
    18] amhail do bhiadh baintreabhthach;
    19] a chúirt orrdhraic thirmgheal thiogh,
    20] do chomhloit imneadh th'aigneadh.
  6. 21] Éagcóir do haithneadh oraibh
    22] cúis imnidh dá bhfuarobhair,
    23] a threabh na gcaithreann gcorcra
    24] re seal n-aithghearr n-iasochta.
  7. 25] Dá dtuigthea mar táid re treall
    26] sé ríoghphuirt fhoirbhthe Éireann
    27] i n-éagcruth, a róimh na ríogh,
    28] níor chóir éagnach ar th'imshníomh.
  8. 29] A-tá Teamhair teaghdhais Chuinn
    30] ó reimheas ríghmheic Cearbhuill
    31] mar gach dtealaigh—níor dhleacht di—
    32] gan mheadhair achd teacht tairse.
  9. 33] Ó ré Mhuircheartaigh mheic Néill
    34] a-tá ráth Oiligh fhóidréidh
    35] —leis do-roighneadh dimbrígh dhi—
    36] gan deighrígh d'oirdneadh innte.

  10. p.208

  11. 37] Ní fhuair Caiseal—cúis diombáigh—
    38] d'éis Chormaic mheic Cuilionáin
    39] rí do fhréimh chéadfadhaigh Chuirc
    40] don ghéagthulaigh fhéil orrdhuirc.
  12. 41] Ó aimsir Fhearghuis Fhogha
    42] do mharbhsad meic Eochadha
    43] níor fhaoi Eamhain fhéirmhín fhionn
    44] le héinrígh d'fhearaibh Éireann.
  13. 45] Ríoghraidh Laighean na leas gcorr
    46] ón tráth fá dtorchair Cearbhall
    47] a-tá Nás na mboilgshreabh mbinn
    48] 'n-a fhoirgneadh fhás ón fhoirinn.
  14. 49] A-tá iosdadh Cruachna Cuinn
    50] ó ré Raghallaigh rosgcuirr,
    51] múr aolbhláth do thobhaigh toil,
    52] 'n-a mhaolráth fholaimh fhásaigh.
  15. 53] Aithnim nach fuileongtha i bhfad
    54] do bheith san chruth-so, a charrag,
    55] na hardphuirt-se ór clódh a gcruth
    56] mór an antuigse d'éagnach.
  16. 57] Gidh eadh ní hiongantach linn
    58] a bhfuil d'athtuirse ar th'intinn;
    59] gan fháth níor claochládh do chruth,
    60] a ráth na n-aolchlár n-amhlach.
  17. 61] A-taoi re treimhse bhfada,
    62] a chéadráith chlann nDiarmada
    63] —an ríghe réidh ní rabha—
    64] ód fhréimh fhíre i n-aontamha.
  18. 65] I n-aimhriocht dot fhoirinn féin
    66] a-taoi re treimhse n-imchéin,
    67] a chúirt ródghlan choillbhleacht chorr,
    68] ó fhoirneart ógbhadh n-eachtrann.
  19. 69] Foirneart eachtrann is é thug
    70] do chur sa chruth-so, a charrag,
    71] a ráth thoghtha bheannbhláth bhog
    72] far neamhghnáth orchra orad.
  20. 73] Níor ghnáth leat-sa achd re linn Ghall
    74] gur bearnadh séan bhar saorchlann,
    75] a linngheal taobhuaine tiogh,
    76] imneadh aonuaire ar th'aigneadh.

  21. p.209

  22. 77] Do chleachtais fleadh is fiadhach
    78] is graifne greagh n-óirshrianach
    79] ór dhiombuan iarann bhar n-each,
    80] a niamhfhonn lionnfhuar loinnreach.
  23. 81] Ní caithtí lá id longphurt shean
    82] gan reic ndréacht nó nduan bhfileadh
    83] re glór bhar síodhchraobh seanma
    84] fa ól bhfíonchaor bhfíneamhna.
  24. 85] Meinic thigdís teachta síth
    86] d'fhoráil chomhadh ó choigcrích
    87] dod chúirt ghairthe thaobhaird the
    88] 's raibhthe i ngach aonaird uaibh-se.
  25. 89] Fa gnáth ar leirg do leasa
    90] lucht sgaoilte craobh gcoibhneasa
    91] ag maoidhimh uaisle gach fhir;
    92] aoighidh uaibh-se agus innibh.
  26. 93] Fiu an céadaoibhneas do chleachtais,
    94] fiu a-rís do ró éigeantais,
    95] a phuirt úir na ngoirmeas nglan,
    96] doilgheas ar t'úidh nach iongnadh.
  27. 97] Achd a-mháin nach maoidhte dhuit
    98] ró buaidhreadh nó barr iomluit,
    99] a shlóighfheithmheach na dtreabh dtais,
    100] fear d'fhóirithneach ó fhuarais.
  28. 101] Tarla do chéile cubhaidh
    102] riot, a sheanráth shéanamhail
    103] d'uaislibh caithchéile chláir Fhreing;
    104] ná báidh d'aithmhéile th'intinn.
  29. 105] Mac Diarmuda díoghbhadh cath
    106] fuarais tar éis do dheacrach,
    107] a bhraontana na mbeann dtais,
    108] aontagha as fhearr dá n-uarais.
  30. 109] Tréig an gcumhaidh do chleachtais,
    110] eirg it earraidh oireachtais,
    111] lí bróin ná haithintear ort,
    112] a róimh chlaichfhinntreabh Chonnacht.
  31. 113] Ní hathtuirse as oircheas duit
    114] ó fhuair tú tar éis th'iomluit,
    115] a fhéirmhín na sídheas sean,
    116] th'éinrígh ndíleas fa dheireadh.

  32. p.210

  33. 117] Rod chuirfe a-rís id riocht féin
    118] oidhre Taidhg na dtreas n-aigmhéil,
    119] a linngheal na gclár gcorcra,
    120] slán ret imneadh iasochta.
  34. 121] as gréine is gar do dhubhadh;
    122] gearr go gcuirfe Conchubhar
    123] do bhláth ionghnáth ar th'aghaidh,
    124] a ráth fhionnbhláth éagsamhail.
  35. 125] Budh iomdha amhladh dh'ór ceard
    126] ós shleasaibh do chlár gcraoibhdhearg
    127] is ceird shaothrach druim ar druim
    128] ós leirg bhar n-aolchlach n-áluinn.
  36. 129] Gártha caismeart agus crot
    130] budh iomdha i n-aoinfheacht iomut,
    131] a thonnnuaigheal na dtreabh bhfionn,
    132] combuaidhreadh fleadh is fithcheall.
  37. 133] Ní fuighthear ón uair-se a-mach
    134] teimheal ar thaobhaibh th'aolchlach,
    135] a cholggairthe na gcíoch ngeal.
    136] ná díoth ordaighthe ar th'fhoirgnead.
  38. 137] Bhar n-ainm féile re fada
    138] méadóchaidh Mac Diarmada
    139] ag aos ghnáthmholta Ghuirt Néill,
    140] a phuirt bhláthchorcra bheinnréidh.
  39. 141] A charrag na gcuan sreibhshídh
    142] is é oidhre Eibhilín,
    143] a ráth gheal na ngéigleas gcorr,
    144] fear do chéidgheas do chomholl.
  40. 145] Do cleachtadh dhuit, a dhúin shídh,
    146] iocht is oineach it airdrígh;
    147] geis duid éara re n-aoighidh;
    148] sgéala nach cuid commaoidhimh.
  41. 149] Dod gheasaibh bhós tre bhith síor
    150] th'iadhadh ar ionchaibh th'airdríogh,
    151] fa chliathfhroighibh do chraobh mbreac
    152] ná aon d'fhiafroighidh inneat.
  42. 153] Ní chuala éingheis fholaigh
    154] nach í intinn Chonchobhair
    155] ort, a bhrugh na mbeann gcorcra,
    156] dul i gceann a gcaomhanta.

    An.


  43. p.211

  44. 157] Baincheann bhrogha na cairrge,
    158] inghean ríogh fhóid fhionnChairbre
    159] na geasa céadna congbhoidh,
    160] réalta an leasa leabarghloin.
  45. 161] Rún toirbheartach teagar séad,
    162] an céadchlú cuirfidh Mairghréag
    163] ar an ráith mbreacthana mbinn
    164] beantagha cháich i gcoitchinn.
  46. 165] Gruaidh thibhreach gan toil bhfolaigh,
    166] sgath saorbhan síol gConchobhair,
    167] troigh bhoinnleasg as comhdha cean,
    168] toirmeasg foghla na bhféinneadh.

    An tú.