Corpus of Electronic Texts Edition
Táinig ceo tar an gcreidimh (Author: Unknown)
p.168
EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct?
- 1] Táinig ceo tar an gcreidimh;
2] móide feidhm 'n-a faoisidin,
3] teirce a-cách an creideamh cóir,
4] beigsheadh ag cách san chanóin.
- 5] An creideamh ó chloinn Eabha
6] do-chuaidh dá chion tuigseana
7] muna chreideadh Muire mhór
8] an creideamh uile ar n-iompódh.
- 9] A-tá mei-se is ní mé a-mháin
10] le feadh m'aimsire i n-urláimh;
11] 's an líon tarraing i dtá sinn
12] go lá a tharraing ní thuigim.
- 13] Tualaing gach duine ar domhan
14] glóir a anma d'ardoghadh;
15] déana féin, a dhuine, dhuid
16] nach fuighe péin ná peannaid.
p.169
- 17] Dom shaoradh ar Dhia na ndúl
18] do chaithfinn mh'aigneadh d'iompúdh;
19] a-tám nó go dteagmha dhamh
20] gan ghrádh gan eagla an Athar.
- 21] Ní lugha do loit Éabha
22] a clann is cúis aithmhéala;
23] maith do bhábhar muna bheath;
24] ar chaith Ádhamh is aithreach.
- 25] Lasfaid na clocha is na croinn,
26] lasfaidh an fhairrge iomainn;
27] dlighid leinibh oirchill air
28] toirrchim dheiridh an domhain.
- 29] An crann chuirthear 'n-a chuaille
30] is é, a dhuine, as diombuaine;
31] ní fhuil acht préamha an chroinn chuir
32] fa chloinn Éabha agus Ádhaimh.
- 33] An focal badh nár le neach
34] is mairg nach téid 'n-a thaithleach;
35] do-chí Rí nimhe a námhaid
36] ó 'd-chí fhine an fhanámhaid.
- 37] Olc an tslighe go Dia dhamh
38] bheith ar thoradh mo theangadh;
39] ní mhaithfeadh sé a n-abraim d'ulc
40] gion go n-abraim é acht d'ábhacht.
- 41] Naomhuidhe ar an éag ní fhuil
42] idir óg agus arsaidh;
43] don leanbh is gabhtha ar a ghuth
44] ní dearbh go marfa a-márach.
- 45] Tiocfa lá bhus aithreach d'fhior
46] deachmhadh na gcnó do chaithiomh;
47] ní leat acht ní, a dhuine, dhe;
48] ná bí uile don eitne.
- 49] An breac as lugha san líon
50] do-bheirthear d'oidhre an Airdríogh;
51] cnú bhuidhe dá mbia 'sna cnoibh
52] ní fhuighe Dia san deachmhaidh.
- 53] Do rochtain Ríogh na glóire
54] bronndalta na banóighe
55] tiocfa lá far dhéanta dhuid
56] gach lá dá n-éadfa an
éanchuid.
p.170
- 57] Gach éigean dar fhulaing sibh
58] gion gur hurusa a n-áirimh
59] beid a dhaoine do ló an Luain
60] nar mhó san aoine d'anbhuain.
- 61] Do Mhuire ní bhí buidheach
62] dá bhfreagra an chlí chomhuidheach
63] an chalann nach uair-se d'ulc
64] nach uaisle an t-anam d'fhurtocht.
- 65] "An lá fá mbearthar an bhreath"
66] is ionráidh re Dia ndúileach
67] "ní tú bhus mó cuid don chloinn,
68] ní ró dhuid acht a ndíoghluim."
- 69] Leanfaidh Críosd ar chloinn nEabha
70] na heacha is na háirgheadha;
71] tar ceann a gcaithimh i bhus
72] is gearr go gcaithir cunndus.
- 73] Rachaid mar théid an tuile
74] gach dúil chriadh dá Cruthuidhe;
75] do badh oirchilleach dhamh druim
76] re magh dtoirrchimeach dtadhaill.
- 77] Biaidh, a Chríosd, an gcéin mharas
78] neach gach éanlá i n-amharas;
79] is rioth, a Dhé, don duine
80] ar bhioth ché 'n-a chomhnuidhe.
- 81] Is tú bhus aigne, a Dhé, dhúinn
82] re hucht aingil an iomthnúidh;
83] iomdha fear aimhleasa ann
84] feadh th'aighneasa 'mun anam.
- 85] Éad le dtéid go teagh nimhe
86] cóir don fheadhain fhúigfidhe;
87] go bhfaicear cách 'n-a ndá gcuid
88] ní fhaiceabh fháth an fhormaid.
- 89] Sgéarad, a Choimdhe, rem chloinn
90] mar sgaras cnú re crobhuing;
91] mé mar dhéis ar ndol a gráin,
92] mo chrodh tar m'éis dá
fhágbháil.
- 93] A n-áireamh ní badh éidir
94] damh a lán dá leithéidibh;
95] beanaidh tú call as an gcnaoi
96] an chnú as a barr mar beantaoi.
p.171
- 97] Do ním-se mar do-ní Pól
98] gidh eadh ní fhóbraim iompódh;
99] rugas geall Phóil ar pheacthaibh
100] gearr do-chóid im chuideachtain.
- 101] 'N-a gciontaibh ar chloinn Éabha
102] ní iarrfadh acht aithmhéala;
103] braithreas dó ris an duine
104] mó tháirfeas dá thrócuire.
- 105] Dá saoileadh Dia m'fagháil as
106] do mhaithfeadh dham a ndearnas;
107] ar ndéanamh na n-uile olc
108] do-ghéabhadh duine ó dhúthrocht.
- 109] Is ionann fuil dá bhfuil sinn
110] mei-se agus inghean Iaichim;
111] lór guidhe na n-ógh eile
112] Muire ógh is áiridhe.
- 113] Breath do bhreith ní dlighthear dhamh
114] idir íseal is uasal;
115] ní bhiú ag meas an té as
táire,
116] ní feas nach é as iomláine.
- 117] I luach a ndearnabhar dhó
118] gach ní fhuarais ó Íosa
119] beir a bhuidhe gidh bé thug
120] gur bh'é, a dhuine, do dhearlag.
- 121] Gur ghin Athair na n-uile
122] gan neamh d'fhagháil d'éanduine;
123] do bás gan chabhair 'gá chloinn
124] bás 'n-a aghaidh gur fhuluing.
- 125] Do fhéadfadh dámadh áil lais
126] gan bheith d'Íosa 'n-a éagmhais;
127] faicsin Dé do badh dána
128] is é i ngaisdibh gabhála.
- 129] Is mairg duine ar nach bí i-bhus
130] eagla na breithe bhéaras;
131] ar gcaoine a-tá gan toradh
132] lá na ndaoine do dhealoghadh.
- 133] Eagail leam lá na meidhe
134] go dtiocfa fam thairngeire
135] fáth aithmhéile dhamh-sa ar ndul,
136] bainchéile fhallsa ag dhamh.
p.172
- 137] Seoid na cruinne is cleas meallta;
138] ní fhuil cúis a gcoigealta;
139] dá bhfaghainn céad dá gach chrodh
140] méad a n-aghaim is eagal.
- 141] Ionadh an chuirp ó chianaibh
142] ag curp eile an aithbhliadhain;
143] ní bhí acht uain an tí nach tig
144] don uaigh ag an tí tháinig.
- 145] Ní tháinig do thigh nimhe
146] neach d'fheabhas a aithrighe
147] dá bhfuair bás don uile fhear
148] nó gur fhás Muire maighdean.
- 149] Inghean Anna is Mac Muire,
150] lóchrainn na sé sochuidhe,
151] ní thánaig is ní thiocfa
152] cáraid mar an gcuidiochta.Táinig.