Corpus of Electronic Texts Edition
Sguir dod dhíomas, a dhuine (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.167

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Sguir dod dhíomas, a dhuine;
    2] gearr go dtiocfa teachtaire
    3] —is iongnadh leam créad do char—
    4] ar do cheann ón éag uathmhar.
  2. 5] Muna choisge tú do thal
    6] dod chraos dot fheirg dot uabhar
    7] gearr go mbia cosg ón éag ort;
    8] féag ar do rosg gan radharc.
  3. 9] Ní hadhbhar díomais duid-se
    10] do mheirbhe is do mhíothuigse,
    11] 's bheith dod chorp ó chéill ag dol
    12] is th'fholt go léir ar liathadh.
  4. 13] Do mheanma mhear achd gér mhór
    14] do-chím í uaibh ar gclaochlódh;
    15] is tearc tuile nach téid as;
    16] tréig, a dhuine, do dhíomas.
  5. 17] Neart do lámh ar aird ní fhuil;
    18] do leath a lúth fad chosaibh;
    19] féach meirg ar do dhreich ar ndol;
    20] eirg ód bheith mar do bhábhar.
  6. 21] Smuain boidhre na gcluas choidhche
    22] 's do bheith feoighe fannfhoirbhthe;
    23] smuain ar an uaigh th'ionad ceart
    24] 's do sbiorad uaibh ar n-imtheacht.
  7. 25] Ar dtocht téarma do mhire
    26] biaidh tu-sa i n-eirr th'aimsire
    27] sronnán id chom ar n-a chor
    28] mar lomán gcrom ar gcríonadh.
  8. 29] Do-chím ort airdheanna an bháis
    30] —dúinn uile as adhbhar uathbháis—
    31] d'fhás duibhe id déad ba soillse:
    32] 's ní chluine créad chanaim-se.
  9. 33] I n-áit do choilceach gclúmh dte
    34] 's é t'iomdhadh an uaigh úire;
    35] 's badh iomdha daol donn ag dul
    36] a-nonn tred thaobh da tholladh.

  10. p.168

  11. 37] Dréimire beag léigthear libh
    38] ós cionn ceathrair do dhaoinibh;
    39] ó theach go tigh dod chuir-se
    40] ag sin each bhar n-iomchuir-se.
  12. 41] Musgail feasda, sgar red sgim,
    42] fada tá tu-sa i dtoirrchim;
    43] ní sámh do chodladh, a chuirp,
    44] leis nach ál obadh aonuilc.
  13. 45] Mo chion-sa ba mór ag mnáibh
    46] ar mbeith dhamh i n-aois ógáin;
    47] cúis fa dtug i dtár mo chion
    48] mar tám ag drud re deireadh.
  14. 49] Féach ós do chionn, a chlí chuil,
    50] guidh Dia d'fhortacht ar t'anmuin,
    51] 's féach faoibh ar bhfuaradh dot fhuil
    52] daoibh ót uabhar do b' ionsguir.

    Sguir.