Corpus of Electronic Texts Edition
Seacht n-ingheana 'gon umhla (Author: Unknown)
p.165
- 1] Seacht n-ingheana 'gon umhla
2] seacht gcomhursain ciallumhla
3] seacht muine iad a haonbhun
4] siad 'n-a gcuire chomhghaolmhar.
- 5] Rún ní hindéanaimh orra;
6] sloinnfead a seacht n-anmonna,
7] na seacht mbinnshreabha bunaidh
8] tearc ingheana a n-ionnshamhail.
- 9] Céidghin cloinne na humhla
10] go gcreidear dá comhurdha;
11] an fhoighide is í a hainm-se
12] gloineide an chlí i gcleachdainn-se.
- 13] An fhírinne óna hard cridhe
14] ainm an dara hinghine
15] mór luagh na fírinne d'fhior
16] Luan na dílinne ón Dúiliomh.
- 17] An treas ingheancruaidh an chéim
18] an fhaoiside is í a hainm-séin;
19] gan a labhra is coll creidimh;
20] long na hanma an fhaoisidin.
- 21] An ceathramhadh céim don chloinn
22] an aoine as crádh don choloinn;
23] gidh seang ón aoine an chlí chuil
24] feall taoibhe hí don anmuin.
- 25] An cúigeadh hinghean eile
26] re n-abrar an aithrighe
27] gach ni as aithshlighe don ulc
28] is í an aithrighe a fhurtucht.
- 29] An trócuire is sí an seiseadh
30] tearc mná mar an móirsheisear
31] na sé mná umhla aile
32] is ullmha a-tá an trócaire.
- 33] An déirc bheireas neach ar neamh
34] is í so an seachtmhadh hinghean;
35] feidhm diongbhála do Dhia
hí
36] is ria as ionrádha airdrí.
p.166
- 37] Do áirmheamair gan easbhaidh
38] anmanna na n-inghean-sain;
39] tearc lá nach síolfuidhir sin
40] seacht mná as fhíorchuibhidh
d'áirimh.
- 41] n umhlaoid nar fhaomh ceana
42] ag sin na seacht n-ingheana;
43] Dia dá gcomhthail go
coimseach
44] cia orthaibh as amhoirseach.
- 45] Seacht maighdeana óna mó a
shíol,
46] seacht mná éintighe an airdríogh,
47] seacht n-eachracha nimhe a-niogh,
48] seathracha cridhe an Choimdheadh.
- 49] Seacht mná lionas lios na bhfeadhbh,
50] seacht mná fholmhuigheas Ifearn,
51] seacht n-arthraighe na hanma,
52] tearc banchuire as bhanamhla.
- 53] Seacht dtobair na dtrí Muire,
54] seacht róid na sé sochuidhe,
55] seacht srotha ag teacht a talamh,
56] seacht gclocha gan cumhsgughadh.
- 57] Seacht gcathaoireacha céille,
58] seacht bhfáidhe na fírfhéile,
59] ceart soillse na seacht nimhe,
60] seacht ndoirrse nach dúinfidhe.
- 61] Seacht sceoil shaortha shíl Ádhaimh,
62] seacht mbuimidhe an mhórchrábhaidh,
63] tearc i n-a gcomhairle cion
64] seacht gcomhairle an Choimdheadh.
- 65] Seacht n-eitnidhe cnó gcorcra
66] ingheana na humhlochta;
67] an umhlacht 's a clann chaduigh
68] is lubhghort crann gcomhabaidh.
- 69] Ar chomairce na cloinne
70] 's 'n-a humhla dar n-anmain-ne
71] mairg nach creideann don chloinn-se
72] go gcreideam don chrobhoing-se.
- 73] Seacht gcaogada cath fam cheann
74] tug Pádraig puirt na hÉireann;
75] go raibh mé thall 'n-a threiseacht
76] is é ann go n-airceiseacht.Seacht.